Léigí anseo teachtaireacht Ghaeilge na Cásca ó Uachtarán na hÉireann

Nach iontach an rud a bheidh ann a rá go ndearnamar ár ndícheall, a deir Michéal D Ó hUigínn, Uachtarán na hÉireann, ina theachtaireacht speisialta do mhuintir na hÉireann ag baile agus thar lear

Léigí anseo teachtaireacht Ghaeilge na Cásca ó Uachtarán na hÉireann

 

Is am dúshlánach do chuid mhaith daoine atá sa Cháisc 2020. Tá ár ndaoine muinteartha ag smaoineamh ar ár gclann Éireannach uile, agus go háirithe orthu siúd atá thar lear, sna laethanta deacra seo agus sinn ag iarraidh déileáil leis an gcoróinvíreas agus a iarmhairtí.

Sna seachtainí beaga atá caite, táimid go léir múscailte go tobann ag na hathruithe inár slí mhaireachtála. Ní mór dúinn an éiginnteacht, an imní agus an faitíos a shárú agus an coróinvíreas ag teacht i dtreis inár bpobail. Tá iarrtha orainn go léir glacadh le bearta srianta níos deacra chun scaipeadh an víris a chosc – bearta a bheadh doshamhlaithe cúpla seachtain ó shin, agus atá ag tabhairt dúshlán ár ndiongbháilteachta agus ár slí mhaireachtála, más é an tslí a n-oibrímid nó a tslí a bhuailimid lena chéile atá i gceist.

De réir mar a mhéadaíonn líon na gcásanna den choróinvíreas agus a mhéadaíonn an líon básanna ar fud an domhain go millteanach, bheadh sé éasca ligean dó an ceann is fearr a fháil orainn. Táim féin agus Saidhbhín ar an eolas faoin bpian agus faoin bhfulaingt atá ag cur isteach oraibh ar bhealaí éagsúla agus cuirimid ár gcomhbhrón ó chroí in iúl dóibh siúd a bhfuair a ndaoine muinteartha bás le gairid de bharr na paindéime, agus dóibh siúd atá breoite, imníoch agus buartha.  Tá a fhios againn chomh maith cé chomh deacair atá sé ar bhealaí go leor dóibh siúd ar mhian leo a bheith in éineacht lena ndaoine muinteartha a bhfuil siad buartha fúthu ach a chaitheann spás a bheith eatarthu chun iad a chosaint. 

Baineann gach a n-iarrtar orainn a dhéanamh le beatha a shábháil, scaipeadh an víris a mhoilliú agus cúram a dhéanamh sna bealaí a moladh dúinn ar chomhairle na ndochtúirí, go dtí go dtagann vacsaín chun cinn.    

Ba mhaith liom an deis seo a thapú arís, mar Uachtarán na hÉireann, le buíochas a ghlacadh leo siúd go léir atá ag obair gan staonadh agus go neamhleithleach, pé áit ina bhfuil siad, chun pobail a choimeád slán agus folláin – an líon mór dochtúirí agus altraí Éireannacha a bhfuil ardchaighdeán cúraim á sholáthar acu sa bhaile agus ar fud an domhain. Buíochas ó chroí libhse go léir atá ag tabhairt aghaidhe ar an ngéarchéim seo, iad siúd in earnálacha an mhiondíola agus na cógaisíochta agus in earnálacha eile ríthábhachtacha a bhfuil earraí agus seirbhísí á soláthar acu, timpeallachtaí don chúram sláinte á gcothabháil, mar shampla.

Is pobal atá aontaithe de bharr a fhréamhaithe in Éirinn atá sa phobal Éireannach thar lear, lena n-áirítear 75 milliún de réir an tsainmhínithe is leithne, agus chomh maith leis sin de bharr na luachanna roinnte atá san Éireannachas. Ba mhaith liom féin agus le Saidhbhín comhbhrón agus dlúthpháirtíocht mhuintir na hÉireann go léir a sheoladh chuig ár gclann leathan domhanda, agus sinn ag roinnt ár bhfreagairt ar an ngéarchéim dhúshlánach in áiteanna éagsúla.

Creidim go neartóidh an fhreagairt sinn luachanna na comhbhá, na dáimhe, an chuimsithe agus na daonnachta roinnte. Luachanna iad a shainigh sinn mar náisiún agus a bhí le brath go soiléir le roinnt seachtainí anuas.    

Tá cion mór déanta riamh ag muintir na hÉireann sna náisiúin inar lonnaigh siad, go sealadach nó go buan, agus tá sé sin á dhéanamh i gcónaí acu in am seo an ghátair.

Ba mhaith liom a chur i iúl arís cé chomh buíoch is atá mé díbhse atá ag déanamh cairdis agus ag tacú le bhur gcomh-eisimircigh, go háirithe iad sin atá breoite, ar bhásaigh duine muinteartha leo nó a bhfuil cúnamh ar leith ag teastáil uathu san am dúshlánach seo. Is sólás mór dá muintir agus dá gclanna sa bhaile é fios a bheith acu ar do chomhbhá agus do chúnamh praiticiúil.

Is tráth dóchais, athbheochana agus tosuithe nua atá sa Cháisc. Is é sin croílár na ndeasghnáth creidimh éagsúla, sárú na fulaingthe. Tugann athbheochan an dúlra dóchas dúinn agus sinn ag tabhairt aghaidhe ar an tráth deacair seo. Ar an tslí chéanna a athraíonn na séasúir, rachaidh an ghéarchéim seo thart, ach tá a mhéid agus a dhéine ag brath orainne.

Caithfimid ár misneach a mhúscailt is a choinneáil ionas go mbeimid réidh don aiséirí a thiocfaidh. Iarrtar orainn faoi Cháisc ár misneach a chruinniú agus seasamh lenár bhféidearthachtaí ionas go mbeimid réidh don athnuachan.

Chun teacht le teachtaireacht dóchais na Cásca, iarrtar ar mhuintir na hÉireann solas a leagan ina bhfuinneoga amárach, Satharn Cásca, am atá chomh tábhachtach sin i siombalachas neamhspleáchas na hÉireann. Lasfaidh mé féin agus Saidhbhín laindéir agus cuirfimid sna doirse in Áras an Uachtaráin iad, mar shiombail na dlúthpháirtíochta roinnte agus mar léas dóchais i dtréimhse dhorcha.

D’fhéadfadh sé go mbeidh na laethanta amach romhainn fós deacair, agus tá a fhios agam go mbeidh siad níos deacra ag daoine thar a chéile, amhail lucht cúraim, ach nach iontach an chuimhne agus an oidhreacht a bheidh ann nuair a bheidh an víreas caite, go mbeidh a fhios againn go ndearnamar ár ndícheall  agus gur leanamar orainn ag sábháil beatha a chaillfí murach go ndearnamar comhoibriú agus na bearta a moladh dúinn á gcur i bhfeidhm ar mhaithe linn go léir.

Mar Uachtarán na hÉireann, tugaim beannachtaí na Cásca daoibh, pé áit ina bhfuil sibh, agus guím gach rath oraibh agus sibh i gcomhar lena chéile, go hairdeallach agus go diongbháilte le linn na tréimhse deacra seo agus promhadh á chur orainn níos mó ná a cuireadh le blianta beaga anuas.  

Ar scáth a chéile a mhairimid. Go raibh dóchas agus síocháin na Cásca libh go léir.

Fág freagra ar 'Léigí anseo teachtaireacht Ghaeilge na Cásca ó Uachtarán na hÉireann'

  • Liam Mac Lochlainn

    Teachtaireacht spreagúil, dheaslabhartha. Táimid iontach bródúil as ár nUachtarán agus an-bhuíoch de.