AR SCÁTH A CHÉILE: Canúintí éagsúla na nGael á léiriú i ndúshlán nua ar líne

Ar Scáth A Chéile – Colún nua do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le heolas, nuacht agus tuairimíocht faoin saol aimsir ghéarchéim an choróinvíris. Seolaigí bhur scéalta chuig nuacht@tuairisc.ie…

[live id=”50a16d” datetime=”2020-04-09T13:27:44+00:00″]

Canúintí éagsúla na nGael á léiriú i ndúshlán nua ar líne

Tá blasanna difriúla na nGael le cloisteáil ar na meáin shóisialta le cúpla lá anuas agus daoine ag baint triail as dúshlán nua.

Tá liosta focal ar leith i nGaeilge á scaipeadh ar Twitter agus iarrtar ar dhaoine iad féin a thaifeadadh agus iad ag léamh an liosta.

I measc na bhfocal agus na bhfrásaí atá ar an liosta tá ‘Dia duit’, ‘comhghairdeas’ agus ‘iontach’ agus iarracht déanta an éagsúlacht idir na canúintí uile a léiriú.

Tá Gaeilgeoirí ar fud na tíre agus in áiteanna níos faide i gcéin tar éis tabhairt faoin ndúshlán.

[/live]

[live id=”d2cac2″ datetime=”2020-04-09T11:30:59+00:00″]

An Post an-sásta go bhfuil feachtas na gcártaí poist ag spreagadh úsáid na Gaeilge ar fud na tíre

Deir An Post go bhfuil ag éirí “go hiontach” lena bhfeachtas cártaí poist ar chuir siad tús leo le teacht ráig an choróinvíris.

Sheol An Post dhá chárta poist, ceann i nGaeilge agus ceann i mBéarla, amach chuig gach teaghlach sna 26 contae le go bhféadfaidís scéal a chur chuig a muintir nó a gcairde.

5 mhilliún cárta poist a dáileadh ar mhuintir an deiscirt. Dhá dhearadh éagsúla atá le feiceáil ar na cártaí poist Gaeilge agus is amhlaidh an cás leis na cártaí poist Bhéarla.

Is féidir na cártaí a sheoladh saor in aisce chuig duine ar bith ar oileán na hÉireann.

Dúirt urlabhraí de chuid An Post le Tuairsic.ie, go raibh siad ag iarraidh “ardú croí  beag” a thabhairt do mhuintir na tíre tráth nach bhfuil daoine in ann a bheith le chéile.

“Bhí muid ag iarraidh ardú croí beag a thabhairt do mhuintir na tíre le linn tréimhse na géarchéime.”

“Tá an-rath ar an bhfeachtas agus ceann de na gnéithe is deise ar fad faoi go bhfuil an teachtaireacht #Scríobhanois á húsáid go fairsing ar fud na tíre,” a dúirt urlabhraí An Post le Tuairisc.ie.

[/live]

[live id=”822d15″ datetime=”2020-04-09T09:51:12+00:00″]

Duine faoi mhíchumas mé – ní haon rud nua domsa a bheith sáinnithe sa teach

[/live]

Abraigí ‘A Nóra Bheag’ le Diane Ní Channáin

Tá Diane Ní Channáin, amhránaí aitheanta as Gaeltacht Dhún na nGall, i mbun an amhráin choitianta ‘A Nóra Bheag’ a theagasc d’amhránaithe óga sa bhaile mar chuid de shraith ‘Airneál na nÓg’ atá á reáchtail ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich.

[/live]

[live id=”6133c4″ datetime=”2020-04-09T09:51:12+00:00″]

Taighde á reáchtáil ag Oireachtais na Gaeilge faoi dheiseanna labhartha Gaeilge

Tá taighde ar bun ag Oireachtas na Gaeilge faoi na deiseanna atá ann do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu an teanga a úsáid. Mar chuid den taighde, iarrtar ar chainteoirí Gaeilge ar fud na tíre a gcuid tuairimí a roinnt leis an Oireachtas i suirbhé ar líne. Beidh anailís á déanamh ar na freagraí agus an “an t-eolas á úsáid i bhforbairt straitéise” na heagraíochta, a deir lucht an Oireachtais. Is í Ursula Ní Shionnáin, Oifigeach Greásán an Oireachtais atá i mbun an taighde.

Iarrtar ar fhreagróirí an suirbhé a líonadh roimh 5pm, Déardaoin, 23 Aibreán.

[/live]

[live id=”9a727d” datetime=”2020-04-09T13:03:54+00:00″]

Má tá an goile agat chuige, seo cúpla scannán faoi ghalair thógálacha

[live id=”44cfa0″ datetime=”2020-04-09T13:03:54+00:00″]

[live id=”7203c3″ datetime=”2020-04-09T13:03:54+00:00″]

An bealach a dtiocfar as an dianghlasáil le plé ag ceannairí na bpáirtithe

[/live]

[live id=”3870dd” datetime=”2020-04-09T13:03:54+00:00″]

Imní mhór ar mhuintir na Gaeltachta faoi chuairteoirí na Cásca

[/live]

[live id=”0e9fd8″ datetime=”2020-04-09T13:03:54+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 18!

[/live]

[live id=”cfcc5c” datetime=”2020-04-09T13:03:54+00:00″]

‘Ní fhaigheann coiníní An Cóbhaí ná gadhair,’ a deir an Babaí

[/live]

[live id=”69154e” datetime=”2020-04-09T13:03:54+00:00″]

Imní mhór ar mhuintir na Gaeltachta faoi chuairteoirí na Cásca

[/live]

[live id=”4b26dc” datetime=”2020-04-03T09:37:22+00:00″]

[/live]

[live id=”59f93f” datetime=”2020-04-09T09:51:12+00:00″]

Dé Céadaoin, Márta 8

[/live]

[live id=”d9eb09″ datetime=”2020-04-08T12:58:53+00:00″]

Dé Máirt, Márta 7

[/live]

[live id=”9e4624″ datetime=”2020-04-07T09:27:16+00:00″]

Dé Luain, Márta 6

[/live]

[live id=”9bb08d” datetime=”2020-04-06T10:41:48+00:00″]

Dé hAoine, Márta 3

[/live]

[live id=”05e2a0″ datetime=”2020-04-03T09:37:22+00:00″]

Déardaoin, Aibreán 2

[/live]

[live id=”d460d6″ datetime=”2020-04-02T08:38:57+00:00″]

Dé Céadaoin, Aibreán 1

[/live]

[live id=”2de5d1″ datetime=”2020-04-01T09:50:11+00:00″]

Dé Máirt, Márta, 31

[/live]

Fág freagra ar 'AR SCÁTH A CHÉILE: Canúintí éagsúla na nGael á léiriú i ndúshlán nua ar líne'