Imní mhór ar mhuintir na Gaeltachta faoi chuairteoirí na Cásca

Tá na húdaráis ag impí ar dhaoine fanacht ag baile deireadh seachtaine na Cásca agus cloí leis na srianta atá tugtha isteach chun dul i ngleic leis an gcoróinvíreas

Imní mhór ar mhuintir na Gaeltachta faoi chuairteoirí na Cásca

Tá “imní mhór” ar mhuintir na Gaeltachta faoin bhorradh a d’fhéadfadh teacht ar líon na gcuairteoirí a thiocfaidh chun na Gaeltachta um Cháisc. 

Tá na húdaráis ag impí ar dhaoine fanacht ag baile deireadh seachtaine na Cásca agus cloí leis na srianta atá tugtha isteach chun dul i ngleic leis an choróinvíreas.

Beidh Operation Fanacht á chur i bhfeidhm ag an nGarda Síochána le cinntiú go gcloífear leis na rialacha.

Tá ceantair Ghaeltachta i measc na gceantar is mó a bhfuil na húdaráis buartha fúthu, Corca Dhuibhne ina measc.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Aoife Granville as baile an Daingin, i nGaeltacht Chiarraí, go bhfuil muintir na háite “an-bhuartha” toisc an baol go dtiocfaidh tuilleadh cuairteoirí chuig an cheantar don Cháisc.

“Tá a lán strainséirí timpeall cheana féin. Cónaím i lár an bhaile agus tchím an-chuid strainséirí, nach bhfuil ceangal acu leis an gceantar. Tá brú ag baint le daoine breise a bheith thart. Tá muid ag déanamh ár ndíchill aire a thabhairt dár muintir féin agus cloí leis na rialacha atá i bhfeidhm chun scaipeadh an víris a laghdú agus tchíonn tú daoine ansin nach as an áit iad agus nach bhfuil ag déanamh a gcuid.”

Dúirt Aoife Granville, ceoltóir aitheanta, go gcuireann sé “fearg mhór” uirthi go bhfuil “an-chuid árásán” agus tithe saoire á ligean ar Airbnb le linn saoire na Cásca. 

“An lá cheana, chomhairigh mé 77 áit atá le ligean ag daoine ar Airbnb do sheachtain na Cásca. Tá sé scanrúil i bhfírinne. 

“Tá seanóirí ina n-aonar, agus a gcuid tithe ceangailte le tithe eile atá á ligean amach ar cíos agus tádar an-bhuartha. Tá na Gardaí ar an mbaile ag ceistiú daoine atá sna tithe saoire ach ní rabhadar ábalta aon rud a dhéanamh go dtí seo,” a dúirt Aoife Granville. 

Ábhar imní é i gceantair Ghaeltachta eile chomh maith go mbeadh fonn ar thurasóirí teacht ar cuairt aimsir na Cásca.

Dúirt Liam Ó Cuinneagáin, Stiúrthóir Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, go raibh grúpaí a bhíonn ag brath ar thurasóireacht i nGaeltacht Dhún na nGall ar aon fhocal maidir leis an ghá go bhfanfadh daoine amach ón cheantar ag tráth seo an choróinvíris. 

“Tuigimid uilig an tábhacht atá leis an turasóireacht, ach tuigeann muid fosta an tábhacht a bhaineann leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh le dul i ngleic leis an ghéarchéim seo agus caithfear cloí leis na rialacha. An teachtaireacht atá againn ná tar ar ais am inteacht eile,” a dúirt Ó Cuinneagáin le Tuairisc.ie.

Dúirt Tadhg MacDhonnagáin, uinéir an teach foilsitheoireachta ar an Spidéal, Futa Fata, go raibh sé ag súil go bhfanfadh daoine sa bhaile.  

“Tá sé feicthe go scaiptear an víris ó áit go háit nuair a bhíonn daoine ag teacht agus ag imeacht mar sin tá sé thar a bheith tábhachtach go gcloítear leis na rialacháin. Samhlaím cé chomh deacair is a bheadh sé do dhaoine sa chathair, atá sainithe ina n-arásáin bheaga agus gan fáil acu ar pháirc phoiblí. 

“Samhlaím go mbeadh an-bhrú orthu. Is íobairt í atá le déanamh ag gach duine, ar son na hÉireann, le go dtiocfaidh muid ar fad slán. A luaithe is a thagann muid slán is ea is fearr agus má chloíonn muid leis na rialacháin tiocfaidh muid fríd.” 

Tá Garda Cósta Oileán Acla páirteach sna hiarrachtaí atá ar bun ar Oileán Acla cuairteoirí a choinneáil amach ón oileán le linn na Cásca. 

“Mura raibh cónaí ort ar Acaill sular bhris ráig an choróinvíris amach níor cheart duit a bheith ar an oileán, is cuma cé thú féin,” a deirtear i dteachtaireacht a scaipeadh ar leathanach Facebook na heagraíochta ar maidin. 

D’fhógair Comhairle Contae Chorcaí ar maidin chomh maith go mbeadh carrchlósanna poiblí ag 14 trá dá gcuid dúnta don phobal mar chuid de na hiarrachtaí atá á ndéanamh acu cuairteoirí a choinneáil amach. 

Trá an Spidéil, Conamara, Gaillimh

D’fhógair an Garda Síochána inné go raibh tús á chur acu le hoibríocht phóilíneachta náisiúnta ar na bóithre chun bac a chur le daoine a bheith ag taisteal do shaoire na Chásca. 

Tá rialacháin nua sínithe ag an Aire Sláinte Simon Harris a thugann cumhachtaí móra do na Gardaí maidir le daoine a stop ó bheith ag teacht agus ag imeacht.

Faoi réir an dlí nua d’fhéadfaí téarma príosúin sé mhí a ghearradh ar dhuine a dhiúltódh d’ordú ó Gharda cloí leis na srianta a tugadh isteach mar chuid den scoitheadh sóisialta chun sláinte an phobail a chosaint.

Shínigh an tAire na rialacháin tráth a bhfuil na húdaráis sláinte agus an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí ag impí ar dhaoine gan aon taisteal neamhriachtanach a dhéanamh le linn deireadh seachtaine na Cásca.

Thug an Taoiseach Leo Varadkar rabhadh do dhaoine fanacht ag baile agus gan imeacht go dtí tithe saoire.

“Ná téigí go dtí teach saoire ná carbhán deireadh seachtaine na Cásca. Tá moill curtha againn ar scaipeadh an víris ach  d’fhéadfadh daoine a bheadh ag taisteal borradh a chur faoi arís agus é a scaipeadh go dtí áiteanna a bhí slán uaidh go dtí seo,” arsa an Taoiseach.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan gur léirigh na figiúirí is déanaí go raibh an “víreas fós anseo agus é fós contúirteach”.

Dúirt sé go gcaithfeadh daoine a bheith cúramach gan éirí “bailithe” de na srianta agus nach mór cloí leo chun beatha daoine a shábháil.

Bhí an víreas fós á scaipeadh “ar bhealach atá ina údar imní againn”, arsa an Dr Holohan.

Dúirt sé go gcaithfeadh daoine coinneáil leis an iarracht a bhí ar bun acu agus cur leis an iarracht sin. Údar imní é na tuairiscí go raibh daoine ag fágáil an bhaile gan ghá, ar sé.

Fág freagra ar 'Imní mhór ar mhuintir na Gaeltachta faoi chuairteoirí na Cásca'

  • Brigid

    ‘If we winter this one out, we can summer anywhere.”
    – Seamus Heaney
    Fanacht sa bhaile!