Beidh ball den ghrúpa rap Gaelach Kneecap os comhair na cúirte in Westminster Shasana inniu agus é cúisithe as cion sceimhlitheoireachta.
Tá sé curtha i leith Liam Óg Ó hAnnaidh, nó Mo Chara, gur thaispeáin sé brat agus é ar stáitse i Londain mar chomhartha tacaíochta le Hezbollah, eagraíocht a bhfuil cosc orthu.
Tharla an eachtra nuair a bhí Kneecap agus Ó hAnnaidh, atá 27 bliain d’aois agus arb as Béal Feirste dó, ar stáitse i bhFóram an O2 i mBaile Kentish, Londain, ar an 21 Samhain 2024.
Deir Kneecap go bhfuil an cás mar chuid d’iarracht a mhaíonn siad atá ar siúl ag na húdaráis iad a chur ina dtost agus aird daoine a tharraingt ón gcáineadh leanúnach neamhbhalbh atá déanta acu ar an gcinedhíothú atá ar bun ag Iosrael in Gaza.
“Séanaimid an ‘cion’ seo agus déanfaimid sinn féin a chosaint go láidir, póilíneacht pholaitiúil atá anseo, carnabhal mearbhaill atá ann,” a dúirt an grúpa.
Beidh Liam Óg Ó hAnnaidh á chosaint i gCúirt Dúiche Westminster ag dlíodóirí a bhfuil an-cháil orthu, ina measc Gareth Peirce, a rinne cosaint ar Sheisear Birmingham agus Ceathrar Guildford, agus Blinne Ní Ghrálaigh KC a rinne ionadaíocht ar an Afraic Theas sa chás a thug siad in aghaidh Iosrael sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta anuraidh.
Ar dhuine de na daoine eile atá ar “scothfhoireann” Kneecap, mar a thug an banna féin orthu, tá Darragh Mackin a rinne ionadaíocht ar mhuintir na ndaoine a maraíodh i dtine an Stardust i 1981. Is iad an triúr eile ar fhoireann dlí an bhanna ná Rosalind Comyn, a rinne cosaint le déanaí ar na gníomhaithe aeráide a cúisíodh as an bpictiúr Sunflowers le Vincent Van Gogh a loit, Jude Bunting, a bhíonn ag plé le cásanna saoirse cainte, agus Brenda Campbell, a bhíonn ag plé cuid mhaith leis an dlí agóide.
Dúirt Kneecap gur údar bróid dóibh foireann dlí “láidir” a bheith acu.
“Tá feachtas ar siúl ag údaráis na Breataine in aghaidh Kneecap, feachtas a throidfear ina aghaidh i gCúirt Dúiche Westminster.
“Táimid ullamh don troid seo. Táimid bródúil go bhfuil foireann láidir dlí linn. Táimid ar an taobh ceart den stair. Níl sibhse. Troidfimid i bhur n-aghaidh i bhfuair gcúirt. Beidh an bua againn.”
Tá Liam Óg Ó hAnnaidh os comhair na cúirte mar go bhfuil sé curtha ina leith go ndearna sé cion faoi Alt 13 d’Acht Sceimhlitheoireachta na Ríochta Aontaithe.
Deir an tAlt sin gur cion é ag láthair phoiblí ball éadaigh a chaitheamh nó rud éigin eile a chaitheamh, a iompar nó a thaispeáint ar shlí a chothódh cúis réasúnta amhrais gur ball nó duine de lucht tacaíochta tú d’eagraíocht faoi chosc.
De réir na reachtaíochta d’fhéadfaí tréimhse príosúin suas le sé mhí nó fíneáil nó an dá rud a ghearradh ar an té a chiontófaí faoi alt 13. Baineann dliteanas dian le cion faoi alt 13, rud a chiallaíonn nach gá do na cúisitheoirí a chruthú gur d’aon ghnó a rinneadh an cion.
Cuireadh clár fógraíochta in airde i Londain inné mar léiriú tacaíochta le Ó hAnnaidh.
Tá na scórtha ceoltóir ag tacú le Kneecap, ina measc Paul Weller, Pulp, Massive Attack, Primal Scream, Fontaines DC agus Christy Moore.
Deir Kneecap go bhfuil an dream atá “ag déanamh airgid ar an gcinedhíothú” úsáid an “dlí in aghaidh na sceimhle” ina gcoinne “toisc gur thaispeáin muid bratach a caitheadh aníos ar an stáitse”.
Deir siad gur “cúiseamh” é nach bhfuil fiú “sách tromchúiseach” le go n-éistfí é i gCúirt Chorónach seachas “i gcúirt nach bhfuil aon ghiúiré inti”.
“Cén aidhm atá leis sin? Le srian a chur lenár gcumas taistil. Le cosc a chur orainn labhairt le daoine óga ar fud an domhain. Le glórtha na comhbhá a chur ina dtost. Leis an dlí a chur ar ealaíontóirí a mbíonn sé de mhisneach acu labhairt amach.”
“In áit cosaint a thabhairt do dhaoine neamhchiontacha agus do phrionsabail an dlí idirnáisiúnta a mhaíonn siad a seasann siad leo, is amhlaidh a chuidigh lucht cumhachta na Breataine leis an sléacht agus an gorta in Gaza, díreach mar a rinne siad ar feadh na gcéadta bliain in Éirinn. Mar a dhéanann siad anois, mhaígh siad an uair sin freisin go raibh údar acu.
“Is iad aonaid an IDF [Fórsaí Cosanta Iosrael] a gcuireann siad airm ar fáil dóibh agus a ndéanann siad misin spiaireachta eitleán ar a son na fíorsceimhlitheoirí, is léir don saol mór é sin.”
Pól Ó Braoin
Go n-éirí le Mo Chara sa gcúirt agus go n-éirí le Kneecap amach anseo. Guím gach rath air. Níos mó de chineál Kneecap a theastaíonn go géar uainne na Gaeil.
Gabriel Rosenstock
Go n-éirí go geal leat!
An Teanga Bheo
Freedom of Expression + cearta Daonna ar ceal Sasana .Cá bhfuil Human Rights Europe ???