Tá clár fógraíochta curtha in airde i Londain mar léiriú tacaíochta le Liam Óg Ó hAnnaidh, an ball den ghrúpa rap Gaelach Kneecap a bheidh os comhair na cúirte in Westminster amárach agus cion sceimhlitheoireachta curtha ina leith.
Tá sé curtha i leith Liam Óg Ó hAnnaidh, nó Mo Chara, gur thaispeáin sé brat agus é ar stáitse i Londain mar chomhartha tacaíochta le Hezbollah, eagraíocht a bhfuil cosc orthu.
Cuireadh an clár fógraíochta in airde i gceantar Lambeth i Londain agus scaipeadh pictiúir de ar na meáin shóisialta. Tá trí dhath bhratach na hÉireann ar an gclár agus “More Blacks, More Dogs, More Irish, Mo Chara” scríofa air.
Tharla an eachtra is cúis leis an gcás nuair a bhí Kneecap agus Ó hAnnaidh, atá 27 bliain d’aois agus arb as Béal Feirste dó, ar stáitse i bhFóram an O2 i mBaile Kentish, Londain, ar an 21 Samhain 2024.
Cuireadh oifigigh aonad frithsceimhlitheoireachta phóilíní chathair Londan ar an eolas faoin eachtra nuair a cuireadh faoina mbráid i mí Aibreáin na bliana seo físeán ar líne de sheó Kneecap. Cuireadh fiosrúchán ar bun ansin.
Deir Kneecap go bhfuil an cás mar chuid d’iarracht a mhaíonn siad atá ar siúl ag na húdaráis iad a chur ina dtost agus aird daoine a tharraingt ón gcáineadh leanúnach neamhbhalbh atá déanta acu ar an gcinedhíothú atá ar bun ag Iosrael in Gaza.
“Séanaimid an ‘cion’ seo agus déanfaimid sinn féin a chosaint go láidir, póilíneacht pholaitiúil atá anseo, carnabhal mearbhaill atá ann,” a dúirt an grúpa.
Tá na scórtha ceoltóir ag tacú le Kneecap, ina measc Paul Weller, Pulp, Massive Attack, Primal Scream, Johnny Marr, Fontaines DC agus Christy Moore.
An galar dub
Bua agus treise leis!