‘Ní fhaigheann coiníní An Cóbhaí ná gadhair,’ a deir an Babaí

An cuimhin libh an saol roimh RC (Roimh Chovid) nuair a bhíodh duine buartha faoin funsize Kit-Kat?

‘Ní fhaigheann coiníní An Cóbhaí ná gadhair,’ a deir an Babaí

‘Mamaí, an bhfuil tú cinnte go mbeidh cead ag Coinín na Cásca a bheith ag obair i mbliana mar gheall ar an gCovid?’ a d’fhiafraigh an Babaí díom an lá cheana.

Tá na laethanta á gcomhaireamh go Domhnach Cásca aige agus maolú leanúnach á dhéanamh ar gheallúintí an Charghais. 

Cuireadh ar an gCarghas i mbliana mé in aghaidh mo thola, am éicint ag tús mhí Feabhra, dáta éigin R.C. (Roimh Covid).

Airíonn sé chomh fada sin uainn anois, go sílfeá gur cheart go mbeadh dhá charghas nó trí cinn déanta againn faoin am seo. 

Nuair a tháinig an fógra ‘fanacht sa mbaile’ b’in deireadh le cibé Carghas gioblach agus poill ann a bhí á dhéanamh agam.

Ní hin le rá nach n-airím beagán ciontach chuile uair a mbrisim é agus beidh faoiseamh ann Domhnach Cásca nuair a bheidh an tréimhse thart.

Is fearr i bhfad a bheith ag ithe do rogha rud gan a bheith ag aireachtáil go dona faoi anuas ar chuile shórt eile.  

Ar ndóigh, ní raibh sé i gceist agam éirí  as rud ar bith i mbliana, is é an chaoi gur tarraingíodh isteach sa scéal mé. 

Is cuimhin liom go maith é. ‘Ní íosfaidh mise ná tusa aon tseacláid i rith an charghais, Mamaí,’ a d’fhógair Beainín na Naíonáin Bheaga go cráifeach is muid ag sclamhadh pancóga agus nutella smeartha orthu, ar Lá na bPancóg.  

‘Mughhhwaa!’ a dúirt mé. ‘Níl a fhios agam faoi sin,’ a bhí i gceist agam a rá, ach bhí mo bhéal lán agus bhí sé ródheireanach, bhí an margadh déanta. 

‘Tá mise ag éirí as an siúcra ar fad,’ a deir an Babaí. ‘An bhfuil tú cinnte faoi sin?’ a dúirt mé agus mé ag ceapadh gurbh fhearr aidhm réasúnta a shocrú agus a bhaint amach. ‘Tá mé cinnte,’ a dúirt sé. ‘Go n-éirí leat,’ a deir mé leis. Chuile dhuine agus a sainmhíniú féin acu ar na geallúintí a rinneadar ag tús an Charghais.

Díreach mar gur dhúirt tú go n-éireodh tú as ‘seacláid’ don Charghas, an gcomhaireann seacláid a bheadh ar bhriosca?

Nó, céard faoi uachtar reoite agus blas seacláide air, an gcomhaireann sé sin? Nó seacláid the? Nó céard faoin funsize Kit-Kat a d’íosfá is tú i bhfolach taobh thiar de dhoras an chófra is taom imní buailte ort faoin bpaindéim?

Ceisteanna casta coinsiasacha iad seo a gcaithfidh gach duine stracadh leo as féin. 

‘Sílim go bhfuil cead ag Coinín na Cásca a bheith ag obair i mbliana,’ a deir mé leis an mBabaí. ‘Is beidh uibheacha Cásca curtha i bhfolach aige.’ 

Dheimhnigh mé go mbeadh an Coinín ag obair mar is gnáth cé go raibh beagán imní orm nach mbeadh muid in ann teacht ar uibheacha Cásca.

Tá  sé dearbhuithe ó shin ag Simon Harris gur ‘oibrí riachtanach’ é an Coinín, chomh fada is go níonn sé a ‘lámha’ is go dtugann sé aird ar an scoitheadh sóisialta. 

‘Bhí tuairim agam go mbeadh,’ a deir an Babaí. ‘Ní fhaigheann coiníní An Cóbhaí ná gadhair,’ a dúirt sé agus thuigfeá óna chuid cainte go raibh an t-eolas seo ó urra maith aige. 

‘Chuala mé freisin nach bhfuil aon Covid acu i dTír na gCoiníní,’ a deir mé leis. 

‘Níl a fhios agam cá’r chuala tú é sin, Mamaí, ach níl sé fíor,’ a deir sé. ‘Níl a leithéid d’áit ann agus Tír na gCoiníní.’  

Fág freagra ar '‘Ní fhaigheann coiníní An Cóbhaí ná gadhair,’ a deir an Babaí'

  • Pat Butler

    An chéad alt i gcónaí a leim gach uair. Tá ‘guth’ alainn sainiúil aimsithe agat, a Bhridget. Treise leat, agus leis an mbeirt divileens!

  • Niall na Naoi bPiontaí

    An-alt mar is gnáth is mar is nós – nach í Bríde a choinníonn sult 7 sonas 7 misneach linn :-)