An bealach a dtiocfar as an dianghlasáil le plé ag ceannairí na bpáirtithe

Tá ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin chun straitéis éalaithe na hÉireann maidir leis an ngéarchéim Covid-19 a ardú ag cruinniú le ceannairí na bpáirtithe

An bealach a dtiocfar as an dianghlasáil le plé ag ceannairí na bpáirtithe

Tá an bealach a dtiocfar as an dianghlasáil agus cathain a dhéanfar sin le plé ag ceannairí na bpáirtithe inniu.

Ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin atá chun straitéis éalaithe na hÉireann maidir leis an ngéarchéim Covid-19 a ardú ag cruinniú atá le bheith ag ceannairí na bpáirtithe.

Tuairiscíodh san Irish Times gur thug Micheál Martin le fios do sheanadóirí agus feisirí Eorpacha a pháirtí go mb’fhéidir go bhfuil sé in am a rá leis an bpobal cathain a dhéanfar níos boige na srianta, amhail an scoitheadh sóisialta agus an cosc ar thaisteal.

Deir na húdaráis sláinte anseo agus in áiteanna eile go bhfuil sé róluath fós a bheith ag caint ar straitéisí éalaithe agus gur dírithe ar scaipeadh an ghalair a chosc agus an cuar a chothromú atá siad go fóill. Meastar go bhfógrófar síneadh ama roinnt seachtainí leis na srianta a tugadh isteach chun scaipeadh an ghalair mharfaigh a choinneáil faoi chois.

Dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte inné go raibh “an-imní” go fóill orthu faoin tslí atá an galar á scaipeadh san Eoraip, ach tá roinnt tíortha tosaithe cheana ar a straitéisí éalaithe a leagan amach.

Tá an Fhrainc, an Spáinn, an Bheilg agus an Fhionlainn i measc na dtíortha a bhfuil coistí saineolaithe bunaithe acu faoi conas ab fhearr na srianta atá curtha i bhfeidhm acu a mhaolú de réir a chéile.

An Ostair an chéad tír san Eoraip a d’fhógair go raibh fúthu ligint don gheilleagar tosú arís.

Osclófar siopaí beaga san Ostair an tseachtain seo chugainn agus beidh gach siopa agus ionad siopadóireachta oscailte faoin 1 Bealtaine.

Ar na tíortha eile a bhfuil cuid dá straitéis éalaithe leagtha amach acu tá an Danmhairg agus an Bheilg. D’fhógair Rialtas na Danmhairge an tseachtain seo go n-osclófar ionaid cúram leanaí agus réamhscoileanna na tíre ar an 15 Aibreán.

Tá an Danmhairg agus an Bheilg ag cuimhneamh ar dhá leath a dhéanamh de ranganna scoile agus den tseachtain scoile féin chun deis níos fearr a thabhairt don scoitheadh sóisialta.

Osclófar roinnt siopaí i bPoblacht na Seice inniu.

Sin Iodáil agus sa Spáinn, an dá thír is measa sa domhan atá buailte ag an bpaindéim, táthar tosaithe ag caint freisin ar na beartais a bheidh riachtanach le teacht slán as an ngéarchéim, ag áireamh iachall a chur ar dhaoine masc a chaitheamh in áiteanna poiblí áirithe.

Tá a leithéid de riail maidir le caitheamh mascanna tugtha isteach cheana in ollmhargaí agus siopaí earraí grósaera na hOstaire.

Fógraíodh sa Spáinn go gcuirfí tús le plean olltástála chun tástáil níos forleithne a dhéanamh i measc an phobail agus go gcuimhneofaí ina dhiaidh sin ar na srianta a dhéanamh níos boige de réir a chéile.  

Tá sé mar aidhm ag an Spáinn milliún fearas tástála a fháil le “scagthástáil ghasta” a dhéanamh sna hospidéil, in ionaid altranais agus i measc oibrithe riachtanacha chun fáil amach cé chomh forleathan is atá an galar scaipthe dáiríre agus chun teacht ar dhaoine aisiomptómacha.

757 bás eile a fógraíodh sa Spáinn inné, i gcomparáid le 743 Dé Máirt. 14,555 duine atá curtha den saol sa Spáinn ag an bpaindéim ach ag laghdú atá an t-ardú laethúil ar líon na mbásanna le hais seachtain ó shin.

Dúirt Salvador Illa, aire sláinte na Spáinne, go raibh a buaic sroichte ag an ráig agus go raibh an galar ag dul i ndísc de réir a chéile.

Dúirt an saineolaí as Imperial College i Londain an tOllamh Niall Ferguson, atá ag cur comhairle ar Rialtas na Breataine, go gcaithfí cur go mór le líon na dtástálacha atá á ndéanamh sula ndéanfaí aon mhaolú ar an dianghlasáil. Dúirt Ferguson nach raibh “aon mháistirphlean” ann maidir le conas deireadh a chur leis na srianta.

Fógraíodh inné go raibh 828 duine eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe in ospidéil Shasana. 6,483 duine a raibh an víreas orthu atá básaithe i Sasana ó thosaigh an ráig.

Is é an moladh atá ag formhór na saineolaithe ná go mbeadh clár olltástála – don ghalar agus don imdhíonacht – agus dianchuardach teagmhálaithe mar chuid d’aon straitéis éalaithe.

Níl aon phlean fógartha ag aon tír ollchruinnithe daoine, amhail ceolchoirmeacha agus ócáidí móra spóirt, a cheadú athuair as seo go ceann cúpla mí. Tá an-amhras freisin faoina bhfuil i ndán an samhradh seo do chúrsaí taistil agus turasóireachta.

De réir phlean rúnda de chuid Rialtas na Gearmáine, ar éirigh le Reuters cóip a fháil de, chuirfí roinnt beartas nua i bhfeidhm ach a mbeadh deireadh leis an dianghlasáil. 

I measc na mbeartas atá molta sa phlean, tá go mbeadh iachall ar dhaoine mascanna a chaitheamh taobh amuigh agus go mbeadh srian le líon na ndaoine a mbeadh cead acu cruinniú le chéile. Dhéanfaí cuardach gasta chomh maith ar theagmhálaithe othar nua. 

De réir mar a choimeádfadh na beartais nua líon na ndaoine eile a tholgann an galar ó othar nua faoi bhun duine amháin, bheifí ag fáil réidh leis na srianta diaidh ar ndiaidh, ag oscailt scoileanna agus ag maolú srianta taistil. 

Chun go n-oibreodh an plean, chaithfí córas a thabhairt isteach a thiocfadh ar 80% de theagmhálaithe othar nua taobh istigh de 24 uair an chloig.

Tá na saineolaithe atá ag plé le straitéisí éalaithe sna tíortha éagsúla ag coinneáil súil ghéar chomh maith ar a bhfuil ag tarlú i dtíortha a bhfuil tús curtha cheana féin acu le maolú a srianta dianghlasála.

I gcásanna áirithe sa tSín agus i Singeapór, nuair a bhí baol ann go dtosódh an ráig arís tugadh ar ais cuid de na srianta a raibh deireadh curtha leo.

Meastar nárbh fholáir d’aon straitéis éalaithe an baol a bhainfeadh leis an dara ráig den víreas a chur san áireamh freisin.

Baineann ceisteanna achrannacha chomh maith le cuid de na beartais atá molta mar fhuascailt ar an dianghlasáil.

Tá lucht cosanta ceart príobháideachais buartha, mar shampla, faoi úsáid aipeanna fóin agus eile chun cur i gcoinne scaipeadh an víris.

Bhí an Iodáil ar an gcéad tír san Eoraip a thug ordú dianghlasála isteach, rud a rinneadh sa tír sin ar an 10 Márta. Meastar gur sábháladh beatha 30,000 duine san Iodáil amháin de thoradh na srianta.

De réir lucht taighde an Imperial College is amhlaidh go mb’fhéidir go mbeidh ar dhaoine dul ó thréimhse dianghlasála amháin go tréimhse dianghlasála eile ar feadh tamaill. Is amhlaidh go ndéanfaí na srianta a mhaolú idir na tréimhsí dianghlasála agus go gcuirfí i bhfeidhm arís iad sa chás go dtiocfadh ardú arís ar líon na gcásanna.

De réir lucht Imperial College Londan ba ghá cloí lena leithéid ar feadh roinnt míonna nó go mbeadh teacht ar dhrugaí frithvíreasacha nó vacsaín ar fáil.

Fág freagra ar 'An bealach a dtiocfar as an dianghlasáil le plé ag ceannairí na bpáirtithe'