Clár ‘scoil ag baile’ do pháistí Gaeltachta agus Gaelscoile le craoladh ag TG4

Cuirfear tús ar an 20 Aibreáin le Cúla4 ar Scoil a bheidh dírithe ar dhaltaí bunscoile atá ag baile ó dúnadh na scoileanna an mhí seo caite

Clár ‘scoil ag baile’ do pháistí Gaeltachta agus Gaelscoile le craoladh ag TG4

Cuirfidh TG4 tús ar an 20 Aibreáin le clár ‘scoil ag baile’ do pháistí Gaeltachta agus gaelscoileanna.

Craolfar Cúla4 ar Scoil gach maidin ag a 10am do dhaltaí bunscoile atá ag baile ó dúnadh na scoileanna ar an 13 Márta.

Tá gach scoil sa tír dúnta faoi láthair de bharr na srianta a bhaineann le Covid-19. Tá clár scoil ag baile dá leithéid á chraoladh ag RTÉ le cúpla seachtain anuas, ach beidh clár nua TG4 dírithe ar dhaltaí bunscoile Gaeltachta agus Gaelscoile.
 
Clár leathuaire a bheidh i Cúla4 ar Scoil  á chraolfar ó 10.00 am go 10.30 am ó Scoil na bhForbacha i nGaeltacht Chonamara.

Is iad Caitríona Ní Chualáin agus Fiachra Ó Dubhghaill na múinteoirí a bheidh i mbun na ranganna, agus beidh ceachtanna breise ó mhúinteoirí agus daoine eile i gceist chomh maith. Dúradh go ndéanfaí freastal ar na canúintí go léir.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús bhí “roghanna” éagsúla maidir le ‘scoil sa mbaile’ a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí óga á bplé ag TG4 ó dúnadh na scoileanna an mhí seo caite.

Bhí a leithéid de chlár á éileamh ag Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge agus chuir siad fáilte tráthnóna roimh fhógra TG4.  

Sa ráiteas  a chuir TG4 amach tráthnóna faoin scéal, dúradh go gcuirfeadh an clár nua béim “ar théama ar leith gach seachtain”.

Bheadh na ceachtanna “bríomhar spreagúil”, a dúradh, agus bheidís ag teacht “le spriocanna agus torthaí foghlama churaclam na bunscoile”. 

“Clúdófar croí-ábhair an churaclaim ar nós: Gaeilge, Matamaitic, Stair agus Tíreolaíocht, ach cuirfear béim freisin ar an gcruthaitheacht, na healaíona béil agus ar chúrsaí sláinte agus folláine.
 
“Cuirfear fáilte roimh rannpháirtíocht na bpáistí sa bhaile le linn an chláir Cúla4 ar Scoil; agus is féidir pictiúir nó físeáin a sheoladh isteach chuig an gclár,” a dúradh. Beidh an clár ar fáil freisin ar líne ar cula4.com agus ar youtube Cúla4.
 
Craolfar i ndiaidh Cúla4 ar Scoil gach lá uair an chloig go leith de chláir eile a bhfuil gné oideachais  ag baint leo, cláir amhail Bia Linn, Ár Scéal, Am Foghlama le Timmy, Is Eolaí Mé agus WAC.
 
Is é an comhlacht léirithe Gaeltachta Fíbín, atá lonnaithe i gCois Fharraige i gConamara, a léireoidh an clár nua. Is é Stiúrthóir Bainistíochta Fíbín Darach Ó Tuairisg a bheidh ina léiritheoir sraithe agus Ethel Burke, múinteoir bunscoile a bhfuil taithí teilifíse agus aisteoireachta aici, a bheidh i mbun an léirithe. Criú Telegael a bheidh i mbun an taifeadta.

Fág freagra ar 'Clár ‘scoil ag baile’ do pháistí Gaeltachta agus Gaelscoile le craoladh ag TG4'

  • Ruairi O Caisleain

    Beart tráthúil agus fiúntach. Ba chóir go mbeidh éileamh ar a leithéid de chlár. Maith shibh, lucht TG4.