AR SCÁTH A CHÉILE: Seisiún HITT le Ciarán Mac Fhearghusa

Ar Scáth A Chéile – Colún nua do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le heolas, nuacht agus tuairimíocht faoin saol aimsir ghéarchéim an choróinvíris. Seolaigí bhur scéalta chuig nuacht@tuairisc.ie…

[live id=”c3d19b” datetime=”2020-04-24T16:23:31+00:00″]

Seisiún HITT le Ciarán Mac Fhearghusa

Tá an iógaí aclaí Ciarán Mac Fhearghusa ar ais an tseachtain seo le seisiún aclaíochta HITT nó Traenáil Eatramhach Ard-Déine. Babhtaí traenála de dhian-aclaíocht a mhaireann tréimhsí 20 soicind atá i gceist agus sosanna gairide idir eatarthu.

Deir Mac Fhearghusa gur seisiún aclaíochta é seo don teaghlach ar fad.

[/live]

[live id=”2d3537″ datetime=”2020-04-24T15:48:44+00:00″]

Ciarán Kilkenny ag cur trí scil le chéile i ndúshlán nua

 

Tá Ciarán Kilkenny ag iarraidh ar dhaoine cuid na scileanna atá cleachtaithe acu le roinnt seachtaine anuas a chur le chéile sa dúshlán nua atá aige.

Is ag díriú ar an mbreith san aer, an preabadh agus an cicphas atá Kilkenny tráthnóna agus é arís

[/live]

[live id=”0d3bd1″ datetime=”2020-04-23T17:02:35+00:00″]

Ceachtanna eolaíochta agus sean-nóis ó ‘Cúla 4 ar Scoil’

Tá daltaí Gaeltachta agus Gaelscoile dulta i dtaithí faoin tráth seo ar scoil teilifíse nua TG4 – Cúla 4 ar Scoil – agus má bhraitheann na páistí ag baile uathu a múinteoirí is féidir leo cuairt a thabhairt orthu ar chainéal YouTube an stáisiúin.

San fhíseán seo, tá an Múinteoir Fiachra ag múineadh na heolaíochta le cabhair fuaimeanna i mír atá dírithe ar dhaltaí ó Rang a hAon agus Rang a Dó.

Agus san fhíseán seo, tá Orla Ní Fhinneadha ag múineadh amhrán sean-nóis. 

[/live]

[live id=”76616a” datetime=”2020-04-23T16:29:04+00:00″]

World Cup Gold le craoladh ar TG4

Beidh Jackie’s Army ag teacht le chéile arís an mhí seo chugainn agus é fógartha ag TG4 go mbeidh siad ag craoladh seanchluichí na hÉireann ó Chorn Domhanda 1990 agus ó Chorn Domhanda 1994.

Ré órga a bhí ann d’fhoireann sacair na hÉireann ag tús na nóchaidí agus taispeánfar cuid de na cluichí is cailiúla a d’imir an fhoireann sa chlár World Cup Gold ar TG4 mí Bealtaine.

Craolfar ceithre chluiche de chuid na hÉireann i gCorn an Domhain 1990 san Iodáil, nuair a chuaigh foireann Jack Charlton chomh fada leis na babhtaí ceathrú ceannais.

Taispeánfar an cluiche stairiúil idir Éirinn agus an Iodáil i Giants Stadium i gCorn an Domhain 1994 sna Stáit Aontaithe chomh maith.

Bhain Éire áit amach ag an gcomórtas sin nuair a d’éirigh leo comhscór a bhaint amach i gcluiche i gcoinne Thuaisceart Éireann an bhliain roimhe sin agus craolfar an cluiche sin freisin.

Beidh cluiche Thuaisceart Éireann i gcoinne na Spáinne i gCorn an Domhain 1982 le feiceáil freisin, chomh maith le cluichí na hAirgintíne in aghaidh Shasana agus in aghaidh Iarthar na Gearmáine ag Corn an Domhain 1986 i Meicsiceo.

Gach tráthnóna Aoine ag 7.30pm a chraolfar World Cup Gold ar TG4.

Dé hAoine, 1 Bealtaine
Corn Domhanda FIFA 1990 – Poblacht na hÉireann v Sasana

Dé hAoine, 8 Bealtaine
Corn Domhanda FIFA 1990 – Poblacht na hÉireann v An Ísiltír

Dé hAoine, 15 Bealtaine
Corn Domhanda FIFA 1990 – Poblacht na hÉireann v An Rómáin

Dé hAoine, 22 Bealtaine
Corn Domhanda FIFA 1990 – Poblacht na hÉireann v An Iodáil

Dé hAoine, 29 Bealtaine
Babhta Cáilithe Chorn Domhanda FIFA 1994 – Poblacht na hÉireann v Tuaisceart Éireann

Dé hAoine, 5 Meitheamh
Corn Domhanda FIFA 1994 – Poblacht na hÉireann v An Iodáil

Dé hAoine, 12 Meitheamh ag 7.30pm
Corn Domhanda FIFA 1982 – Tuaisceart Éireann v An Spáinn

Dé hAoine, 19 Meitheamh
Corn Domhanda FIFA 1986 – An Airgintín v Sasana

Dé hAoine, 26 Meitheamh
Corn Domhanda FIFA 1986 –  An Airgintín v Iarthar na Gearmáine

*Deimhneofar tuilleadh cluichí i Meitheamh.

[/live]

[live id=”03c19b” datetime=”2020-04-23T15:59:59+00:00″]

Comórtas grianghrafadóireachta á reáchtáil chun áilleacht Chorca Dhuibhne a thaispeáint

Tá Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne ag iarraidh áilleacht Chiarraí Thiar a cheiliúradh agus iad ag reáchtáil comórtais ghrianghrafadóireachta an mhí seo.

Táthar ag iarraidh ar mhuinitr na háite a ngrianghraif den cheantar a sheoladh isteach agus roghnófar trí bhuaiteoir an mhí seo chugainn.

Iarrtar ar dhaoine atá ina gcónaí i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, agus iadsan amháin, pictiúir a sheoladh isteach agus caithfidh gur sa cheantar a tógadh na pictiúir sin.

Bronnfar dearbháin ó shiopaí áitiúla i gCiarraí Thiar ar na buaiteoirí.

Má tá suim agat páirt a ghlacadh, seol do ghrianghraf chuig pleanteanga@cfcd.ie roimh 17.00 ar an 01/05/2020.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.

[/live]

[live id=”8016bb” datetime=”2020-04-23T10:55:40+00:00″]

Gan srian ar bith ar na deilfeanna a tháinig chun spraoi amach ó chósta na Ceathrún Rua!

Ba mhór an spórt princeam is macnas na ndeilfeanna i gCuan an Fhir Mhóir ar an gCeathrú Rua inniu. Bhí ár ngrianghrafadóir Seán Ó Mainnín ar an láthair chun blaiseadh a fháil dúinn den aoibhneas.

 

Deilfeanna ag spraoi amach ó Thrá Bharr a’ Doire, An Cheathrú Rua, inné. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie:

[/live]

[live id=”646c60″ datetime=”2020-04-23T09:55:54+00:00″]

Painéal Comhairleoirí Gnó le bunú ag Údarás na Gaeltachta chun tacú le gnóthaí

Tá scéim nua tosaithe ag Údarás na Gaeltachta chun tacú le gnóthaí atá faoi bhrú aimsir na géarchéime Covid-19.

Tá an tÚdarás anois ag lorg comhairleoirí gnó a bhfuil saintaithí acu i gcúrsaí gnó idirnáisiúnta le bheith mar chuid de phainéal a thabharfaidh tacaíocht agus comhairle do ghnólachtaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht.

Táthar ag lorg daoine a bhfuil eolas agus taithí ar leith acu ar réimse leathan de ghnéithe an ghnó agus atá oilte i gcúrsaí pleanála, comhordaithe agus cur i bhfeidhm chláir ghnó straitéiseacha rathúla.

Deir Mark de Faoite, Stiúrthóir Fiontraíochta, Fostaíochta, Maoine & Innealtóireachta Údarás na Gaeltachta gur léir go bhfuil comhlachtaí beaga agus móra faoi bhrú ollmhór i láthair na huaire agus go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh an chomhairle cheart ar fáil acu chun iad a thabhairt slán le linn na géarchéime.

“Tabharfaidh an painéal seo deis do chomhlachtaí atá lonnaithe sa nGaeltacht an saineolas is fearr a fháil agus na cinntí cearta a dhéanamh ag am thar a bheith corrach,” a deir de Faoite.

Is é an 29ú Aibreán 2020 an sprioc maidir le léirithe spéise agus is féidir tuilleadh eolais maidir leis an gclár seo a fháil ar láithreán gréasáin na heagraíochta.

[/live]

[live id=”f55218″ datetime=”2020-04-23T09:36:07+00:00″]

Sárfhoireann Chumann Caide na Gaeltachta le 30 bliain anuas le roghnú

Agus cluichí peile curtha ar an méar fhada ar feadh tamaillín eile, tá cumann Gaeltachta amháin ag dul siar ar bhóithrín na smaointe agus iad ag iarraidh na himreoirí is fearr a d’imir don chumann le 30 bliain anuas a aimsiú.

Tá feachtas tosaithe ag Cumann Caide na Gaeltachta chun sárfhoireann an chumainn ó 1990-2019 a roghnú.

Ré órga a bhí ann don chumann agus imreoirí agus foirne den scoth curtha chun páirce acu idir na foirne a bhuaigh craobhacha nóibíseacha agus shóisir an chontae ag tús na nóchaidí, an dream a bhuaigh Craobh Shinsir Chiarraí in 2001 agus 2003 agus a shroich cluiche ceannais na hÉireann, agus ansin an fhoireann atá inniu ann, a bhuaigh Craobh Idirmheánach na Mumhan in 2017 agus a bhuaigh Comórtas Peile na Gaeltachta faoi dhó le blianta beaga anuas.

Tá an cumann ag lorg moltaí don bhfoireann ar na meáin shóisialta agus is féidir le daoine vóta a chaitheamh do na himreoirí a cheapann siad ar cheart dóibh áit a bhaint amach ar an tsárfoireann.

Iadsan a bhí ina gcúl báire atá le roghnú ar dtús agus áit bainte amach ar an ngearrliosta ag Tomás Mac an tSaoir, Johnny Ó Sé agus Pól Ruiséal.

[/live]

[live id=”030d9e” datetime=”2020-04-23T16:53:51+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 28!

[/live]

[live id=”13b329″ datetime=”2020-04-22T15:19:47+00:00″]

‘Mo Thír na nÓg-sa a bhí ar an mBéal Bán’ – físeán a chuirfidh ‘sciatháin ar do chroí’ déanta ag cailín óg Gaeltachta

Físeánín álainn é seo atá bunaithe ar dhán a chum an file Duibhneach nach maireann, Máirín Feirtéar, in ómós dá haintín Eibhlín agus don dtigh aíochta iomráiteach a bhíodh aici ar thráigh Bhéal Bán in Ard na Caithne, Bruighean an Dúna.

Tigh comhluadair, ceoil is cuileachtain agus bothántaíochta do Chléirigh, d’Easpaig is do thuataigh tráth dá raibh a bhí i dTigh Eibhlín Feirtéar.

Maireann Sibéal Ní Shéaghdha, atá i rang a 5 i Scoil an Bhuailtín, trasna an bhóthair ón dtigh seo agus tá sí ag cur ana-shuim ann na laethanta seo!

D’fhoghlaim Sibéal conas físeán a dhéanamh ar chúrsa Tech Space a reáchtáil Tobar Dhuibhne do leanaí bunscoile i gCorca Dhuibhne i mbliana.

[/live]

[live id=”9e1474″ datetime=”2020-04-22T15:03:55+00:00″]

Cumann Gaeltachta ag siúl ‘chomh fada le Páirc an Chrócaigh agus ar ais’ do Cancer Care West

Cé nach bhfeicfidh muid aon chluiche i bPáirc an Chrócaigh an samhradh seo, tá cumann amháin i gConamara tar éis an turas go dtí Bóthar Mhic Sheoin a dhéanamh an tseachtain seo.

Cineál.

Agus iad ag iarraidh airgead a bhailiú do Cancer Care West, bheartaigh baill na bPiarsach an bealach ar fad óna bpáirc féin i Ros Muc go dtí Páirc an Chrócaigh a shiúl.

Ar ndóigh, agus gan cead ag daoine taisteal níos faide ná 2km óna dtithe féin, ní fhéadfaí an turas a dhéanamh i gceart agus shocraigh an cumann go gcoinneodh gach duine a bhí ag glacadh páirt cuntas den fhad a shiúil nó a rith siad an lá sin agus go gcuirfí iad uile le chéile.

562km a bhí le siúl idir Páirc an Phiarsaigh i Ros Muc agus Páirc an Chrócaigh ach bhí an turas déanta taobh istigh de dhá lá acu agus breis agus ceithre scór duine ag glacadh páirt san iarracht.

Tá os cionn €1,000 bailithe ag an gcumann go dtí seo agus coinneoidh siad orthu leis an bhfeachtas go dtí deireadh na seachtaine. Is féidir síntiús a thabhairt anseo.

[/live]

[live id=”3121d3″ datetime=”2020-04-22T15:03:55+00:00″]

GAILEARAÍ: Tránna tréigthe Chonamara faoi ghrian an earraigh

[/live]

[live id=”8466be” datetime=”2020-04-22T15:03:55+00:00″]

Údar ‘misnigh’ ag teastáil ó na coláistí is na mná tí agus iad ‘á gcoinneáil dall’ ar a bhfuil rompu

[/live]

[live id=”01c5b7″ datetime=”2020-04-22T15:03:55+00:00″]

Léargas ar líon na n-othar le Covid-19 agus líon na leapacha folmha sna hospidéil atá ag freastal ar an nGaeltacht

[/live]

[live id=”838f30″ datetime=”2020-04-22T15:03:55+00:00″]

Ár leithscéal – tá an saol a d’ordaigh tú as stoc faoi láthair…

[/live]

[live id=”b556c4″ datetime=”2020-04-22T15:00:05+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 27!

[/live]

[live id=”4d5103″ datetime=”2020-04-21T13:05:46+00:00″]

Pictiúir ón spéir a léiríonn an ciúnas ar bhóithre bánaithe Bhaile Átha Cliath 

Deir na Gardaí go bhfuil na muintir na hardchathrach ag cloí go dílis leis na srianta taistil agus a chruthúnas sin bóithre bánaithe Átha Cliath atá le feiceáil sna pictiúir ón spéir atá scaipthe ag lucht an chuntais @Gardainfo ar Twitter 

[/live]

[live id=”fd5b4a” datetime=”2020-04-21T13:01:49+00:00″]

Leabhair Ghaeilge á gcur ar fáil go digiteach ag Cló Iar-Chonnacht le linn na paindéime

Tá ríomhleabhar Gaeilge á chur ar fáil  ag an teach foilsitheoireachta Cló Iar-Chonnacht uair sa tseachtain aimsir an choróinvíris.

Úrscéal le Pádraig Standún I gCóngar, i gCéin, an chéad leabhar atá ar fáil go digiteach ó shuíomh Chló Iar-Chonnacht.

Deir Cló Iar-Chonnacht, atá lonnaithe ar an Spidéal i gConamara, gur mian leo “tacú” le leitheoirí na Gaeilge le linn na géarchéime.

“Ba mhaith linn tacú le léitheoirí na Gaeilge atá sa mbaile faoi láthair agus chuige sin, beidh muid ag cur ríomhleabhar amháin in aghaidh na seachtaine ar fáil saor in aisce tríd ar ár suíomh go dtí go mbeidh deireadh leis an ngéarchéim,” a deirtear ar shuíomh Chló Iar-Chonnacht.

Tá lascaine suas le 50% curtha ag Cló Iar-Chonnacht ar na ríomhleabhair Ghaeilge eile atá ar fáil óna siopa ar-líne.

[/live]

[live id=”d091f3″ datetime=”2020-04-20T18:23:35+00:00″]

Ceachtanna ó Cúla4 ar Scoil ar fáil ar líne

Tá dhá cheacht ón chéad chlár de Cúla4 ar Scoil, ar cuireadh tús leis ar TG4 ar maidin, ar fáil ar líne.

‘An Chumarsáid’ téama na seachtaine seo ar chlár oideachais TG4 agus beidh ceachtanna na seachtaine seo ar fad bunaithe ar an téama sin.

An múinteoir Caitríona Ní Chualáin atá i mbun an chéad dá cheacht atá ar fáil ar líne, a mhúineann conas an clog a léamh agus stair na teilifíse. 

Modhanna difriúla cumarsáide agus na meáin chumarsáide atá i measc na n-ábhar a bheas á bplé an tseachtain seo ar ‘Cúla 4 ar Scoil’, atá á chur i láthair ag an bheirt mhúinteoirí bunscoile Fiachra Ó Dubhghaill agus Caitríona Ní Chualáin.

Cuirfear ceachtanna scileanna spóirt agus cócaireachta, na healaíona, agus an nádúr ar fáil ar líne le linn na seachtaine.

Stair na Teilifíse

Ag léamh an chloig

[/live]

[live id=”18b6b1″ datetime=”2020-04-20T13:36:23+00:00″]

Iascairí an Daingin i mbun agóide arís agus stop curtha acu le trálaer eile as an Spáinn

Bhí iascairí sa Daingean i mbun agóide arís agus bac curtha acu ar thrálaer as an Spáinn iasc a thabhairt i dtír ar an gcé sa bhaile.

Bhailigh suas le dhá scór duine ag cé an Daingin go moch ar maidin agus bac curtha acu ar leoraí ón Spáinn a bhí ag iarraidh na héisc a bhailiú ón mbád.

Chuir iascairí sa Daingean bac ar ché an bhaile trí seachtaine ó shin freisin agus iad ag iarraidh stop a chur le trálaeir agus le leoraithe ón iasacht ag teacht isteach go dtí an Daingin.

Deir siad go bhfuil imní ar mhuintir na háite go scaipfí an galar Covid-19 sa cheantar dá leanfadh cúrsaí ar aghaidh mar a bhí.

Bhí Gardaí ón nDaingean agus ó Thrá Lí i láthair ar maidin agus cé gur thug siad rabhadh do na hagóideoirí, leanadh ar aghaidh leis an mbac.

Tuairiscíodh gur luí cuid de na hagóideoirí ar an mbóthar nuair a rinne gníomhaire Spáinneach iarracht dul isteach ar an gcé.

D’fhág an trálaer an ché ag 5.30 ar maidin agus deineadh cinneadh na héisc a thabhairt i dtír i mBaile Chaisleáin Bhéarra i gCorcaigh.

Dúirt na hiascairí go raibh siad an-sásta gur éirigh lena n-agóid.

An mhí seo caite, rinne eagraíochtaí iascaireachta in Éirinn cáineadh géar ar an agóid a bhí ar bun sa Daingean agus ar a mhacasamhail d’agóid i mBaile Chaisleáin Bhéarra.

Dúirt na heagraíochtaí gur “scéal chailleach an uafáis, gan fáth gan údar réasúnta” a bhí ag na hiascairí agus nach raibh aon chúis mhaith lena gcosc ar chriúnna na mbád iasachta teacht i dtír sa Daingean agus i mBaile Chaisleáin Bhéarra.

Dúirt siad go raibh criúnna bád faoi réir choinníollacha dochta breise cheana féin de bharr phaindéim an ghalair Covid-19 agus go ndéanfadh na hagóidí dochar do thionscal na hiascaireachta in Éirinn sa deireadh thiar thall.

[/live]

[live id=”8a1829″ datetime=”2020-04-20T13:36:23+00:00″]

Cé mhéad cás den choróinvíreas atá sa Ghaeltacht agus cá bhfuil siad?

[/live]

[live id=”9ab41a” datetime=”2020-04-20T13:36:23+00:00″]

Nár dheas an oidhreacht í ar an tréimhse seo córas sláinte éifeachtach do mhuintir na tíre?

[/live]

[live id=”cc1871″ datetime=”2020-04-20T13:36:23+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 25!

[/live]

[live id=”42e9a6″ datetime=”2020-04-20T13:36:23+00:00″]

FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Níl aon leisce orm an leabhar Gaeilge seo a mholadh, cé nach bhfuil sé léite agam fós!

[/live]

[live id=”fe03da” datetime=”2020-04-20T12:52:40+00:00″]

Seachtar scríbhneoirí faisin ar fiú iad a léamh agus tú sáinnithe 

[/live]

[live id=”9dcdee” datetime=”2020-04-18T16:17:05+00:00″]

Ceoltóirí cuibrithe á spreagadh le tiúin nó amhrán a scaipeadh ar líne

Tá níos mó ceol traidisiúnta le cloisteáil ar na meáin shóisialta le laethanta beaga anuas agus ceoltóirí faoin chuibhriú á spreagadh i mbun ceoil agus amhránaíochta.

Caithfear ainmniúcháin a fháil le páirt a ghlacadh san fheachtas agus iarrtar ar an té atá ainmnithe píosa ceoil nó amhrán a sheinm agus a scaipeadh ar líne.

I measc na gceoltóirí aitheanta Gaeltachta atá i mbun an fheachtais cheoil, tá Síle Denvir, amhránaí ar an sean-nós as Gaeltacht Chonamara, Máiréad Ní Mhaonaigh, fidléir as Gaoth Dobhair agus Aoife Granville, fliúiteadóir as Corca Dhuibhne.

[/live]

[live id=”dec9b5″ datetime=”2020-04-18T10:37:58+00:00″]

‘Scoil Samhraidh UCD á reáchtáil ar líne i mbliana’

Den chéad uair, beidh Tionól Gaeilge UCD,  scoil samhraidh Gaeilge a bhíonn á reáchtáil ar champas na hollscoile i mBaile Átha Cliath de ghnáth, ar siúl ar líne mar gheall ar an choróinvíreas.

Beidh ranganna Gaeilge ar siúl óna 4-6pm ar an ardán Zoom gach lá den tionól, agus leanfar le hagallaimh, léachtaí nó cainteanna a bheas á reáchtáil ar na meáin shóisialta.

I measc na ndaoine a bheas i mbun léacht nó agallamh ar líne tá Kevin Scannel, saineolaí ríomhaire aitheanta, Caitlín Níc Aoidh, láithreoir TG4 agus Tadhg Mac Dhonnagáin, bunaitheoir an tí foilsitheoireachta Futa Fata.

Beidh Tionól Gaeilge UCD ar líne á reáchtáil idir an 29 Meitheamh agus 1 Iúil.

[/live]

[live id=”505446″ datetime=”2020-04-18T10:37:58+00:00″]

‘Cosnaímis ár bpáistí’ – imní faoi thionchar ‘tubaisteach’ na paindéime ar leanaí

[/live]

[live id=”1bd92f” datetime=”2020-04-17T19:50:03+00:00″]

An chéad bhlaiseadh ar fáil de ‘Cúla4 ar Scoil’, clár nua TG4 do na páistí ag baile

Tá an chéad bhlaiseadh de chlár nua oideachais TG4 ‘Cúla4 ar Scoil’ ar fáil agus tús á chur leis maidin Dé Luain ag a 10am.

Clár leathuaire a bheidh i Cúla4 ar Scoil a chraolfar ó Luan go hAoine ó Scoil na bhForbacha i nGaeltacht Chonamara.

Is iad Caitríona Ní Chualáin agus Fiachra Ó Dubhghaill na múinteoirí a bheidh i mbun na ranganna, agus beidh ceachtanna breise ó mhúinteoirí agus daoine eile i gceist chomh maith.

Croí-ábhair churaclam na bunscoile a bheas faoi chaibidil sa chlár, agus é dírithe ar dhaltaí i mbunscoileanna na Gaeltachta agus lán-Ghaeilge, agus leagfar béim chomh maith le linn na sraithe “ar an gcruthaitheacht, an amharclannaíocht agus cúrsaí sláinte agus aclaíochta”.

Tá blaiseadh chugainn chomh maith de chlár nua eile ó TG4 faoi chás na Gaeltachta a bheidh ag dul amach an tseachtain seo chugainn.

Is í an t-iriseoir Eibhlín Ní Chonghaile, a chuirfidh Gaeltacht 2020 i láthair.

I measc na ndaoine a bheidh le feiceáil ar an gclár, tá an Seanadóir Gaeltachta, Pádraig Ó Céidigh, an staraí aitheanta Gearóid Ó Tuathaigh, an gníomhaí aitheanta Donncha Ó hÉallaithe agus Dáithí de Mórdha, craoltóir le Raidió na Gaeltachta agus colúnaí le Tuairisc.ie.


Dhá chlár a bheidh sa tsraith ‘Gaeltacht 2020’ a chraolfar Dé Céadaoin, 22 Aibreán ag 9.30pm agus Dé Céadaoin an 29 Aibreán ag an am céanna.

<iframe width=”560″ height=”315″ src=”https://www.youtube.com/embed/VpH0iES94Ak” frameborder=”0″ allow=”accelerometer; autoplay; encrypted-media; gyroscope; picture-in-picture” allowfullscreen></iframe>

[/live]

[live id=”a65cff” datetime=”2020-04-17T19:29:53+00:00″]

Cúrsaí na gcoláistí samhraidh Gaeltachta curtha ar ceal

Tá cinneadh déanta ag Roinn na Gaeltachta cúrsaí na gcoláistí samhraidh Gaeltachta a chur ar ceal i mbliana.

De réir tuairisce ar Nuacht TG4 anocht, tá ráiteas aontaithe ag an dá dhream faoin scéal agus beidh sé á chur amach go luath.

Dúirt an Roinn go mbeadh aon chinneadh a dhéanfaí faoi na cúrsaí bunaithe ar chomhairle na n-údarás sláinte.

Tuigtear go raibh cruinniú ag an Roinn agus scátheagraíocht na gcoláistí samhraidh aréir ag ar thángthas ar shocrú maidir lena bhfuil i ndán do na coláistí.

Deir Concos, an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar choláistí samhraidh, go bhfuil “tionscal na gcoláistí samhraidh i mbaol” de bharr an choróinvíris. 

Tá sé ráite ag leascheannaire agus urlabhraí Gaeltachta Fhianna Fáil Dara Calleary gur cheart don Rialtas tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do choláistí samhraidh na Gaeltachta má chuirtear ar ceal a gcúrsaí an samhradh seo.

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go gcuirfí ciste cúitimh ar fáil chun tacaíocht a thabhairt do na coláistí samhraidh.

“Tá géarchéim buailte ar thionscadal na gColáistí Samhraidh mar thoradh ar an gcoróinvíreas agus an baol ann nach leanfar le haon Choláiste, in aon cheantar Gaeltachta, i mbliana,” a dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

“Ciallaíonn sé seo go bhfuil baol ann d’inmharthanacht roinnt de na coláistí mar nach mbeidh sé d’acmhainn acu a gcostais riaracháin a sheasamh gan teacht isteach na bliana seo.”

Dúirt Comer go raibh ról tábhachtach ag na cúrsaí samhraidh i ngeilleagar na Gaeltachta agus go ndéanfaí “dochar as cuimse” don Ghaeltacht dá n-uireasa.

Freastalaíonn os cionn 26,000 scoláire ar choláistí samhraidh na Gaeltachta gach bliain. Cuireann an Roinn os cionn €4 milliún ar fáil dóibh in aghaidh na bliana faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus meastar go n-íocann na coláistí ar a laghad an méid céanna leis an 700 teaghlach a chuireann lóistín ar fáil.

[/live]

[live id=”0b93c0″ datetime=”2020-04-17T18:28:21+00:00″]

Aifreann Gaeltachta á chraoladh beo ar Molscéal an deireadh seachtaine seo

Beidh Aifreann an Domhnaigh á chraoladh beo ag Molscéal TG4 ó Sheipéal Uinseann Naofa i mBaile an Fheirtéaraigh.

Ag a 10am, Dé Domhnaigh 19 Aibreán, a chuirfear tús leis an Aifreann a bheas ar fáil ar leathanach Facebook agus Instagram Molscéal.

[/live]

[live id=”f1c419″ datetime=”2020-04-17T15:25:03+00:00″]

Beidh meidhir is méileach i gCom Dhíneol na gréine i gCorca Dhuibhne!

Beidh meidhir is méileach i gCom Dhíneol na gréine i gCorca Dhuibhne agus na cúig chúig ina nglac ag Tomás agus Mícheál Ó Dubhda. Caora as milliún í an chaora chrosach nó scotch a rinne an t-éacht agus a thug cúig uan ar an saol d’aon iarraidh amháin. Mise á rá leat gur mór a fhoghlaimeoidh na buachaillí seo ón scoil sa ngort. Rath agus sláinte á ghuí orthu ar fad.

[/live]

[live id=”4c0a4e” datetime=”2020-04-17T13:01:33+00:00″]

Rogha All-Ireland Gold do mhí Bealtaine fógartha ag TG4

Tá an rogha seanchluichí peile agus iomána a bheidh le feiceáil ar TG4  i rith mhí na Bealtaine fógartha acu.

Ag taispeáint All-Ireland Gold atá TG4 chun an bhearna a líonadh ó chuireadh stop le cluichí Chumann Lúthchleas Gael mí an Mhárta agus beidh deich gcluiche eile le feiceáil ar an stáisiún lán-Ghaeilge an mhí seo chugainn, idir pheil, iomáint agus pheil na mban.

Seans go mbeidh lucht tacaíochta Thiobraid Árann ag iarraidh na craoltaí a sheachaint agus trí cinn de chluichí ceannais na hÉireann a chaill iománaithe an chontae i measc na roghanna – cluiche ceannais 1968 in aghaidh Loch Garman, cluiche ceannais 1988 in aghaidh na Gaillimhe agus cluiche ceannais 2009 in aghaidh Chill Chainnigh.

Craolfar trí chluiche ceannais eile mí Bealtaine, ceann ó Pheil na mBan idir Muineachán agus Laois i 1996, an cluiche ceannais peile idir Áth Cliath agus Maigh Eo in 2013 chomh maith le cluiche ceannais peile 2005 idir Tír Eoghain agus Ciarraí.

Athimirt chluiche leathcheannais Chraobh Peile Laighean 1997 idir Cill Dara agus An Mhí, cluiche leathcheannais na hÉireann 2002 idir Áth Cliath agus Ard Mhacha, cluiche leathcheannais na hÉireann 1977 idir Áth Cliath agus Ciarraí, agus cluiche leathcheannais Iomána Faoi 21 2009 idir An Clár agus Gaillimh na cluichí eile atá le craoladh mí Bealtaine.

Dé Domhnaigh 3 Bealtaine

14.05 – Athimirt chluiche leathcheannais Peile Laighean 1997 – Cill Dara v An Mhí
16.20 – Cluiche ceannais Chraobh Pheil na mBan – Muineachán v Laois

Dé Domhnaigh 10 Bealtaine

14.30 – Cluiche leathcheannais Peile na hÉireann 2002 – Áth Cliath v Ard Mhacha
16.05 – Cluiche ceannais Iomána na hÉireann 1988 – Gaillimh v Tiobraid Árann

Dé Domhnaigh 17 Bealtaine

14.30 – Cluiche ceannais Peile na hÉireann 2013 – Áth Cliath v Maigh Eo
16.05 – Cluiche ceannais Iomána na hÉireann 2009 – Cill Chainnigh v Tiobraid Árann

Dé Domhnaigh 24 Bealtaine

14.30 – Cluiche ceannais Iomána na hÉireann 1968 – Loch Garman v Tiobraid Árann
16.05 – Cluiche leathcheannais Peile na hÉireann 1977 – Áth Cliath v Ciarraí

Dé Domhnaigh 31 Bealtaine

14.25 – Cluiche leathcheannais Faoi 21 Iomána na hÉireann – An Clár v Gaillimh
16.10 – Cluiche ceannais Peile na hÉireann 2005 – Tír Eoghain v Ciarraí

[/live]

[live id=”e5016b” datetime=”2020-04-17T16:05:25+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 24!

[/live]

[live id=”283750″ datetime=”2020-04-16T18:55:27+00:00″]

Oíche airneáin ar fáil ach ‘zúmáil’ ar an nGaeltacht

Tá Oifigigh Pleanála Teanga ag cur leis an ábhar siamsaíochta ar líne atá ar fáil do mhuintir na Gaeltachta aimsir an choróinvíris. 

Cuirfear tús le hOíche Airneáin amárach, ag a 9pm, ina mbeidh ceoltóirí, amhránaithe agus scéalaithe ó cheantair Ghaeltachta éagsúla á dtabhairt le chéile ar an ardán Zoom don lucht féachana sa bhaile.

Beidh tús á chur leis an chéad cheardlann scríbhneoireachta leis an scríbhneoir Dairena Ní Chinnéide Dé Máirt 21 Aibreán ag 10am.

Sraith sé seachtaine atá i gceist leis an ‘Zúmlann Scríbhneoireachta’ agus deis ag  rannpháirtithe tabhairt faoi dhánta, gearrscéalta nó ficsean faoi stiúir Dhairena Uí Chinnéide.

Reáchtálfar sraith eile do mhuintir na Gaeltachta a bhfuil suim acu i gcúrsaí faisin. Sraith trí chuid atá sa ‘Zúmlann Faisin’ a gcuirfear tús leis Déardaoin 30 Aibreán ag 10am. Is í Aisling Ní Chormaic ó Gaeilge le Glam a bheas i mbun an chéad eagráin sa tsraith sin agus beidh Ándrea Tighe, a ceapadh mar Oifigeach Pleanála Teanga i Maigh Cuilinn i mbliana, i mbun cainte faoina cuid oibre mar dhearthóir faisin sa tsraith chéanna.

Dúirt Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Pleanála Teanga na Ceathrún Rua gur “deis iontach” atá ann a leithéid d’ábhar a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.

‘Is deis iontach í seo gníomhaíochtaí tarraingteacha a chur ar siúl do mhuintir na Gaeltachta  agus caidreamh a chothú idir daoine sna ceantair éagsúla Gaeltachta thart timpeall na tíre.

“Múineann gá seift agus mar gheall nach bhfuil muid in ann a theacht le chéile  i ngrúpaí taobh amuigh den teaghlach, tiocfaimid le céile go fíorúil, beidh caint, craic agus comhluadar againn agus foghlaimeoidh muid óna céile,” a dúirt sí.

Is gá ríomhphost a sheoladh le clárú don tsraith imeachtaí atá reáchtáil ag Oifigigh Pleanála Teanga i gcomhpháirt le hÚdarás na Gaeltachta.

“Tá Údarás na Gaeltachta ag tacú linn na gníomhaíochtaí seo a reáchtáil agus tá muid buíoch go  n-aithníonn siad  go gcaithfear tabhairt faoi phleanáil teanga ar bhealach cruthaitheach, nuálach faoi láthair,” a dúirt Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Pleanála Teanga na Ceathrún Rua.


  • Iarrtar ar dhaoine ar mian le a bheith páirteach san Oíche Airneáin, Dé hAoine, an 16 Aibreán ag 9pm, ríomhphost a chur chuig mpt.iarthuaiscirt@gmail.com
  • Más spéis leat clárú don ‘Zúmlann Scríbhneoireachta’ le Dairena Ní Chinnéide Dé Máirt 21 Aibreán ag 10am, gabh i dteagmháil le pobalrua@gmail.com
  • Is féidir áit a chur in áirithe don Zúmlann Faisin, trí ríomhphost a chur chuig gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com

[/live]

[live id=”d5dc35″ datetime=”2020-04-16T19:11:06+00:00″]

AN CULTÚR FAOIN gCUIBHRIÚ: Teiripe le Liam Ó Muirthile, David Sedaris, Lizzo agus Florence and the Machine

[/live]

[live id=”5c7608″ datetime=”2020-04-16T19:11:06+00:00″]

‘Cé acu a mbeadh an bua acu, dineasár nó siorc, Mamaí?’ – laethanta fada an choraintín

[/live]

[live id=”8124ec” datetime=”2020-04-16T15:23:06+00:00″]

Beirt oibrithe sláinte i gCill Chainnigh básaithe de bharr Covid-19

[/live]

[live id=”4728eb” datetime=”2020-04-16T19:03:30+00:00″]

Imní ar mhúinteoirí faoi chruinniú foirne i nGaelscoil, tráth a bhfuil cosc ar a leithéid

[/live]

[live id=”382011″ datetime=”2020-04-16T17:23:42+00:00″]

‘Bhí eagla an domhain orm nuair a bhuail na chéad siomptóim mé’ – Linda Ervine

[/live]

[live id=”086d29″ datetime=”2020-04-16T17:22:42+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 23!

[/live]

[/live]

[live id=”e04015″ datetime=”2020-04-16T18:55:27+00:00″]

Dé Céadaoin, Aibreán 15

[/live]

[live id=”2c5eb9″ datetime=”2020-04-15T14:34:54+00:00″]

Dé Máirt, Aibreán 14

[/live]

[live id=”1a05f6″ datetime=”2020-04-15T14:34:54+00:00″]

[/live]

[live id=”b1b704″ datetime=”2020-04-13T10:19:10+00:00″]

Dé hAoine – Dé Domhnaigh Aibreán 10-13

[/live]

[live id=”554ffc” datetime=”2020-04-10T09:14:57+00:00″]

Déardaoin, Aibreán 9

[/live]

[live id=”59f93f” datetime=”2020-04-09T09:51:12+00:00″]

Dé Céadaoin, Aibreán 8

[/live]

[live id=”d9eb09″ datetime=”2020-04-08T12:58:53+00:00″]

Dé Máirt, Márta 7

[/live]

[live id=”9e4624″ datetime=”2020-04-07T09:27:16+00:00″]

Dé Luain, Márta 6

[/live]

[live id=”9bb08d” datetime=”2020-04-06T10:41:48+00:00″]

Dé hAoine, Márta 3

[/live]

[live id=”05e2a0″ datetime=”2020-04-03T09:37:22+00:00″]

Déardaoin, Aibreán 2

[/live]

[live id=”d460d6″ datetime=”2020-04-02T08:38:57+00:00″]

Dé Céadaoin, Aibreán 1

[/live]

[live id=”2de5d1″ datetime=”2020-04-01T09:50:11+00:00″]

Dé Máirt, Márta, 31

[/live]

Fág freagra ar 'AR SCÁTH A CHÉILE: Seisiún HITT le Ciarán Mac Fhearghusa'

  • Con Ó Murchú

    Cad is brí le tiúin. Tá focal bearla ann tune. Port is é an focal gaolainne.