Seachtar scríbhneoirí faisin ar fiú iad a léamh agus tú sáinnithe 

Scríbhneoirí ón tír seo, ón mBreatain agus as Meiriceá atá mar rogha scríbhneoirí faisin agus stíle ag ár gcomhfhreagraí

Seachtar scríbhneoirí faisin ar fiú iad a léamh agus tú sáinnithe 

Is léir go bhfuil cuid mhaith am breise againn ar fad na laethanta seo le tabhairt faoin léitheoireacht agus muid ag leanúint na treorach faoi fhanacht ar coraintín.

Cuireadh ceist orm féin an tseachtain seo cé hiad na colúnaithe nó na blagálaithe faisin, smididh agus nós maireachtála a mholfainn mar ábhar léitheoireachta faoi láthair. Tá na mílte acu ann, ar ndóigh, ach seo iad mo rogha féin – seachtar a mbím ag filleadh orthu go rialta.

 

 Sali Hughes 

Is iriseoir ón mBreatain Bheag í Sali Hughes, a scríobhann faoi smideadh agus cúram cnis don Guardian. Tá trí leabhar foilsithe aici le blianta beaga anuas agus tugann sí comhairle agus moltaí atá stuama agus ionraic i gcónaí. Is fiú go mór ábhar Sali a léamh agus is fiú breathnú freisin ar na físeáin ‘In the bathroom with…’ a chuireann sí ar YouTube.

 

 Pippa O’Connor 

Is dócha go bhfuil eolas ag an gcuid is mó agaibh ar Pippa O’Connor, iarmhainicín cáiliúil as an tír seo. Thosaigh sí an blag Pippa in 2013 chun a cuid saineolais ar chúrsaí stíle agus a smaointe faoi chúrsaí faisin, smididh agus nós maireachtála a roinnt le daoine. Cuireann sí ábhar nua ar an suíomh go rialta agus is féidir táirgí dá cuid, faoin mbranda Poco, a cheannacht ansin freisin má bhíonn fonn siopadóireachta ort.

 

 Jennifer Rock

Tá an suíomh seo molta go hard ag go leor díobh siúd a chaitheann am le haire ar leith a thabhairt dá gcraiceann. Ailt faoi chúram cnis is mó a bhíonn ag Jennifer Rock ar ‘The Skin Nerd’ agus tá táirgí fíormhaithe ón mbranda den teideal céanna ar díol ar an suíomh freisin. Tuigeann sí go maith an ceangal idir an bheatha a itheann muid, nósanna maireachtála, agus táirgí cúram cnis agus an craiceann. Tá seirbhís bhreise á tairiscint aici freisin – seisiún comhairliúcháin aonair ar feadh leathuaire ar €50 le cabhrú le duine plean a ullmhú lena craiceann a fheabhsú.

 

 Leandra Medine Cohen

Scríbhneoir Meiriceánach í Leandra Medine Cohen a thosaigh i mbun blagála in 2010. Theastaigh uaithi go mbeadh deis ag daoine léamh faoi na héadaí a thaitin léi agus ag an am céanna gáire a bhaint as daoine.

Cheap sí gur déistin a bhíodh ar fhir leis an rogha éadaigh a thaitin léi féin agus is as sin a tháinig teideal an bhlag ‘The Man Repeller’. Tá go leor daoine meallta ag a cuid scríbhneoireachta le deich mbliana anuas. 

 

 Caroline Hirons 

Caroline Hirons as Sasana, thar aon duine eile, a spreag mo shuim féin i gcúrsaí cúram cnis. Tá mé á leamh le blianta agus bíonn comhairle iontach aici i gcónaí. Diúltaíonn sí táirgí a mholadh ar mhaithe le híocaíocht amháin, rud a fhágann go bhfuil seasamh aici mar scríbhneoir atá macánta agus ionraic. Tá neart grinn ina cuid scríbhneoireacht agus tá mé ag súil go mór leis an leabhar nua uaithi i Meitheamh seo chugainn.

 

 Lizzy Hadfield 

As Tuaisceart na Breataine do Lizzy Hadfield, blagadóir faisin atá ina cónaí i Londain. Is dócha nach bhfuil sí chomh haitheanta leis na daoine eile atá luaite agam anseo ach bíonn súil ghéar á caitheamh aicí ar an bhfaisean is nua ar an margadh.

Meascann maith d’éadach ó dhearthóirí mór le rá agus ó shiopaí na mórshráide a bhíonn ar an mblag aici agus é lán de phictiúir dheasa den éadach sin. Bíonn cuntas aici freisin ar na heachtraí a tharlaíonn di agus í ag taisteal ar fud an domhain. Taitníonn an chuid sin den bhlag ar a

dtugtar ‘Testing Basic’ go mór liom.

 

 Gwyneth Paltrow

Bhí mé ag magadh le gairid faoi chara liom a dúirt go raibh sí ar an liosta seoltaí don suíomh Goop agus bhí oiread cloiste agam ó na meáin faoi chuid den tseafóid agus den amaidí ar shuíomh Gwyneth Paltrow go ndearna mé neamhaird air go dtí le gairid. Bíonn ailt an-mhaith ar an suíomh agus is féidir sásamh a bhaint as go cinnte má fhágann tú as d’intinn gur duine nach bhfuil ach ar thóir poiblíochta atá ina bhun.

Fág freagra ar 'Seachtar scríbhneoirí faisin ar fiú iad a léamh agus tú sáinnithe '