Léargas ar líon na n-othar le Covid-19 agus líon na leapacha folmha sna hospidéil atá ag freastal ar an nGaeltacht

Maidir leis na hospidéil atá ag freastal ar cheantair Ghaeltachta, is in Ospidéal Leitir Ceanainn is mó atáthar ag plé le cásanna Covid-19

Léargas ar líon na n-othar le Covid-19 agus líon na leapacha folmha sna hospidéil atá ag freastal ar an nGaeltacht

Tá os cionn 200 duine ag fáil cóir leighis don ghalar Covid-19 in ospidéil atá ag freastal ar cheantair Ghaeltachta, de réir na bhfigiúirí is déanaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Tá anailís déanta ag Tuairisc.ie ar líon na gcásanna den choróinvíreas a rabhthas ag plé leo i dtús na seachtaine seo in Ospidéal Leitir Ceanainn, Ospidéal Ginearálta Mhaigh Eo, Ospidéal Ollscoil Chorcaí, Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, Ospidéal Ollscoile Chiarraí, Ospidéal na hUaimhe agus Ospidéal Ollscoile Phort Láirge.

Bhí 133 othar a raibh Covid-19 orthu sna hionaid ghéarchúraim sna hospidéil sin Dé Luain agus bhí amhras ann go raibh an galar tolgtha ag 80 duine eile a bhí ag fáil cóir leighis iontu fad is a bhí siad ag fanacht ar thorthaí tastálacha.

De réir na staitisticí is deireanaí, bhí 797 cás deimhnithe géarchúraim sa stát inné agus measadh go raibh Covid-19 ar 321 othar eile sna hospidéil chéanna.

Ó thaobh na n-ospidéal atá ag freastal ar cheantair Ghaeltachta, is in Ospidéal Leitir Ceanainn is mó a bhí othair inné a raibh Covid-19 orthu. Bhí 34 cás deimhnithe san ospidéal sin agus bhí triúr acusan san aonad dianchúraim. Measadh go raibh an coróinvíreas ar 23 othar eile san ospidéal, ach ní raibh an méid sin deimhnithe ag an am.

Bhí 31 cás deimhnithe den ghalar in Ospidéal Ginearálta Mhaigh Eo Dé Luain. Bhí triúr le Covid-19 san aonad dianchúraim agus measadh an galar a beith ar 19 duine eile.

Léirigh taighde a rinne Tuairisc.ie an tseachtain seo gur i nDún na nGall agus i Maigh Eo a bhí na ceantair Ghaeltachta ba mheasa a bhí buailte ag cásanna den choróinvíreas

Mar sin féin, ní raibh na hospidéil atá ag freastal ar cheantair Ghaeltachta ag plé ach le sé chás nua den choróinvíreas Dé Luain. Bhí trí chás nua in Ospidéal Leitir Ceanainn agus trí cinn eile in Ospidéal Ginearálta Mhaigh Eo.

Ní raibh aon chás nua den choróinvíreas sna hospidéil i gCorcaigh, Gaillimh, Ciarraí, Port Láirge ná san Uaimh Dé Luain.

De na hospidéil ar fad atá ag freastal ar cheantair Ghaeltachta, is in Ospidéal Ollscoile Chorcaí is mó a bhí líon na n-othar in aonaid dianchúraim.

Bhí 26 cás Covid-19 deimhnithe san ospidéal agus bhí seisear acusan san aonad dianchúraim.

Ospidéil Cásanna deimhnithe
de Covid-19
Cásanna deimhnithe
le lá anuas
Líon na gcásanna ina
bhfuil amhras gur Covid-19 ann
Ospidéal Leitir Ceanainn 34 3 23
Ospidéal Ghinireálta Mhaigh Eo 31 3 19
Ospidéal Ollscoil Chorcaí 26 0 11
Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh 13 0 8
Ospidéal Ollscoile Chiarraí 11 0 2
Ospidéal na hUaimhe 11 0 8
Ospidéal Ollscoile Phort Láirge 7 0 9

In Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, bhí sé deimhnithe go raibh Covid-19 ar 13 othar agus bhí cúigear acusan aonad dianchúraim.

Bhí 11 othar a raibh sé deimhnithe go raibh Covid-19 orthu in Ospidéal Ollscoile Chiarraí agus an líon céanna a bhí in Ospidéal na hUaimhe. Seacht gcás a bhí in Ospidéal Ollscoile Phort Láirge.

Tá formhór na gcásanna Covid-19 i mBaile Átha Cliath. Ocht n-ospidéal géarchúraim atá sa chontae agus tuairiscíodh go raibh 462 cás deimhnithe iontu trí chéile Dé Luain. Bhí 104 othar eile sna hospidéil sin a measadh Covid-19 a bheith tolgtha acu ach a bhí ag fanacht ar thorthaí tástála.

103 othar Covid-19 a bhí in Ospidéal an Mater, an líon is mó in aon ospidéal sa stát.

Ganntanas leapacha sna hospidéil ceann de na gearáin is coitianta a chloistear in Éirinn de ghnáth ach léiríonn na figiúirí is déanaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhise Sláinte go raibh beagnach 2,000 leaba folamh in ospidéil an stáit Dé Luain.

Ba mhinic easpa leapacha in Ospidéal Leitir Ceannainn san am atá caite, ach bhí 90 leaba ghinearálta folamh ansin Dé Luain agus bhí sé leaba díomhaoin san aonad dianchúraim.

Bhí os cionn 200 leaba folamh in Ospidéal Ollscoile Phort Láirge Dé Luain, 197 leaba ghinearálta agus sé leaba dianchúraim.

Bhí breis agus 150 leaba díomhaoin in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh chomh maith, 140 leaba ghinearálta agus 13 leaba san aonad dianchúraim.

Bhí 35 leaba folamh in Ospidéal Ollscoile Chorcaí agus bhí 30 leaba folamh in Ospidéal Ginearálta Mhaigh Eo. 24 leaba a bhí díomhaoin in Ospidéal Ollscoile Chiarraí agus 24 leaba fholamh a bhí in Ospidéal na hUaimhe.

Bhí 1,855 leaba ghinearálta díomhaoin in ospidéil an Stáit agus bhí 140 leaba in aonaid dianchúraim nach raibh in úsáid ar an Luan.

Ospidéal Leapacha folmha
(Ginearálta)
Leapacha folmha
(Aonad dianchúraim)
Ospidéal Leitir Ceanainn 90 6
Ospidéal Ghinireálta Mhaigh Eo 27 3
Ospidéal Ollscoil Chorcaí 29 2
Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh 140 13
Ospidéal Ollscoile Chiarraí 23 5
Ospidéal na hUaimhe 22 2
Ospidéal Ollscoile Phort Láirge 197 6

Fág freagra ar 'Léargas ar líon na n-othar le Covid-19 agus líon na leapacha folmha sna hospidéil atá ag freastal ar an nGaeltacht'