Cé mhéad cás den choróinvíreas atá sa Ghaeltacht agus cá bhfuil siad?

Is léir gur cuidiú mór iargúltacht na gceantar Gaeltachta san iarracht scaipeadh an ghalair a choinneáil faoi chois, agus is cosúil go bhfuil níos lú ná 90 cás deimhnithe sa Ghaeltacht go léir

Cé mhéad cás den choróinvíreas atá sa Ghaeltacht agus cá bhfuil siad?

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil na cosa tugtha leo ag muintir na Gaeltachta ón gcuid is measa den phaindéim go dtí seo.

Tá cásanna den ghalar Covid-19 deimhnithe i mbeagnach gach ceantar Gaeltachta, ach is cosúil gur lag go maith a scaip an víreas go n-uige seo iontu i gcomparáid le háiteanna eile sa tír.

De réir anailíse atá déanta ag Tuairisc.ie, tá an céatadán de chásanna atá deimhnithe sna ceantair Ghaeltachta i bhfad níos ísle i gcomparáid leis an bpobal i gcoitinne.

Is léir gur cuidiú mór a n-iargúltacht do na ceantair Ghaeltachta san iarracht scaipeadh an ghalair a choinneáil faoi chois.

D’fhoilsigh an Roinn Sláinte léarscáil an tseachtain seo a léirigh cá raibh na cásanna deimhnithe den ghalar Covid-19 ar an 14 Aibreán.

De réir an eolais is déanaí, is cosúil go raibh níos lú ná 90 cás sa Ghaeltacht an lá sin.

Cásanna Covid-19 ó dheas ar an 14 Aibreán

12,425 cás de Covid-19 a bhí deimhnithe ó dheas faoin tráth sin, agus é deimhnithe go raibh an galar tolgtha ag thart ar 0.25% den 4.9 milliún duine atá ina gcónaí sa Stát. Ar ndóigh, meastar go bhfuil i bhfad níos mó cásanna den ghalar ann ná mar atá deimhnithe.

De réir dhaonáirimh 2016, bhí 96,090 duine ina gcónaí sna ceantair Ghaeltachta, rud a fhágann gur chosúil go bhfuil tástáil dhearfach don ghalar faighte ag níos lú ná 0.1% de phobal na Gaeltachta.

Mar sin féin, tá ceantair áirithe Ghaeltachta buailte níos measa ná a chéile.

De réir fhigiúirí an 14 Aibreán, ba í Gaeltacht Dhún na nGall ba mheasa a bhí buailte ag cásanna den choróinvíreas go dtí sin agus suas le 30 cás ann, de réir cosúlachta.

Bhí 320 cás i gcontae Dhún na nGall ag an bpointe sin, 2.6% de na cásanna uile sa tír. D’fhág sé sin gurbh as an nGaeltacht duine as gach deichniúr i nDún na nGall a raibh sé deimhnithe go raibh Covid-19 orthu.

Bhí an scéal amhlaidh i Maigh Eo, mar a raibh 249 cás ar an 14 Aibreán. Thart ar 10% de na cásanna deimhnithe a bhain le Gaeltacht Mhaigh Eo agus bhain an chuid is mó de na cásanna sin le Gaeltacht Iorrais.

Thart ar 15 cás den choróinvíreas a bhí deimhnithe i gceantair Ghaeltachta na Gaillimhe. Bhí scata beag cásanna sa Ghaeltacht taobh thoir de chathair na Gaillimhe, agus níos lú ná deich gcás a bhí deimhnithe i gConamara.

260 cás den chorónvíreas ar fad a bhí deimhnithe i nGaillimh ar an 14 Aibreán.

Suas le deich gcás a bhí i gceantair Ghaeltachta Chiarraí de réir cosúlachta agus formhór acu i gCorca Dhuibhne. Mar sn féin, ní raibh i gceist ach líon an-bheag den 246 cás a bhí deimhnithe i gCiarraí.

Is ar éigean a bhí cás ar bith le fáil sna ceantair Ghaeltachta i gCorcaigh, i bPort Láirge agus sa Mhí.

Cé gurb é contae na Mí ceann de na contaetha Gaeltachta is measa a bhí buailte ag an gcoróinvíreas agus 405 cás deimhnithe ann ar an 14 Aibreán, fíorbheagán acu a bhain leis an nGaeltacht, má bhí cás ar bith ann.

Contaetha Gaeltachta Líon na gcásanna
*ar an 14 Aibreán
Corcaigh 916 (7.4%)
An Mhí 405 (3.3%)
Dún na nGall 320 (2.6%)
Gaillimh 260 (2.1%)
Maigh Eo 249 (2%)
Ciarraí 246 (2%)
Port Láirge 101 (0.8%)

Fág freagra ar 'Cé mhéad cás den choróinvíreas atá sa Ghaeltacht agus cá bhfuil siad?'