‘Cé acu a mbeadh an bua acu, dineasár nó siorc, Mamaí?’ – laethanta fada an choraintín

Is faide lá fada aimsir an choraintín ná aon laethanta fada eile a bhféadfaí trácht a dhéanamh orthu

‘Cé acu a mbeadh an bua acu, dineasár nó siorc, Mamaí?’ – laethanta fada an choraintín

‘Cé acu a mbeadh an bua acu, dineasár nó siorc, Mamaí?’. a d’fhiafraigh an Babaí díom an lá cheana agus mórcheisteanna an tsaoil á bplé againn. Lá fada a bhí ann. Ceann de na laethanta fada sin aimsir an choraintín. 

Is faide lá fada aimsir an choraintín ná laethanta fada eile a bhféadfaí trácht a dhéanamh orthu. 

Is faide é ná seachtain fhliuch i Lanzarote, ná turas bus go pluaiseanna na hAille Buí, ná comórtas léim fhada faoi-8. Is faide é ná gabháil na salm tráthnóna Dé Domhnaigh agus tú ag faire ar do dhinnéar. 

Ní raibh mé ar an eolas an uair sin (agus níl fós) faoi laigeachtaí agus láidreachtaí na ndineasár agus na siorcanna. Bhí sé chomh maith agam a rá go raibh mé faoi mhíbhuntáiste ón tús amach sa dúshlán díospóireachta. 

‘Is dóigh,’ a deir mé, go haineolach, ‘ós rud é go bhfuil na dineasáir ar fad marbh, go mbeadh an bua ag an siorc.’ 

‘Ní dhéanann sé sin aon chiall, Mamaí,’ a dúirt mo chéile speárála liom go cráite. ‘Dá mbeadh dineasáir fós ann, cé acu a mbeadh an bua acu dineasár nó siorc atá i gceist agam. Dá mbeadh!’. 

‘Tóg go réidh é,’ a deir mé, ‘togha, dá mbeadh na dineasáir fós beo. Togha.’ 

Chuimhnigh mé orm féin. Dineasár nó siorc… Agus chuimhnigh mé tuilleadh. 

‘Déan deifir, Mamaí!’ a d’fhógair an Babaí orm go mífhoighdeach. 

Níl a fhios agam cén fáth go raibh mé ag iarraidh an freagra ‘ceart’ a thabhairt, nó cén fáth gur airigh mé go raibh an chuid eile de mo shaol ag brath ar an gcinneadh a dhéanfainn an soicind sin. 

Seans gur easpa vitimín D a bhí ann ó bheith istigh sa teach mórán le ceithre seachtaine. B’fhéidir gur iarracht a bhí ann greim a choinneáil ar pé údarás atá agam sa teach, dá laghad é, agus cinnteachtaí an tsaoil amuigh ag éalú uainn. 

Cá bhfios nach raibh an ceart agam. B’fhéidir go raibh gach cinneadh a rinne mé i rith mo shaoil tar éis mé a thabhairt go dtí an nóiméad sin ar mhaithe le plean diaga éigin. B’fhéidir go raibh mé ag crosbhóthar cinniúnach i mo shaol. Cé acu a bhuafadh? Dineasár nó siorc?

‘Braitheann sé cén cineál dineasár a bheadh ann,’ a deir mé ansin ag iarraidh tuilleadh eolais. ‘Agus, go deimhin, cén cineál siorc.’ 

‘Siorc, Mamaí!’ a dúirt an Babaí. ‘Tá a fhios agat céard é siorc!’ 

‘Sea, ach an siorc mór bán atá i gceist agat, nó liamhán gréine nó fíogach?’ 

‘Freagair an cheist, Mamaí!’ a deir sé. ‘Siorc mór millteach agus dineasár mór millteach agus cén ceann a bhuafadh?’ 

‘Ok, ok, tabhair dom soicind,’ a dúirt mé. ‘Céard atá i gceist agat le ‘bua’?’ 

‘Dá mbeidís ag troid!’ a bhéic Beainín na Naíonáin Bheaga trasna an tseomra agus an chuma uirthi go raibh sí curtha go bun na foighde againn. ‘In adharca a chéile, Mamaí! Cé acu a bhuafadh, siorc nó dineasár? Just, freagair an cheist.’ 

Thit ciúnas orainn ar fad ar feadh meandair. Níor labhair éinne. Chuala mé tic-toc an chloig sa gcistineach.

‘Siorc,’ a dúirt mé faoi m’anáil sa deireadh. ‘Bhuafadh siorc.’ 

‘Ní bhuafadh, Mamaí,’ a deir an Babaí. ‘Bhuafadh an dineasár.’

Fág freagra ar '‘Cé acu a mbeadh an bua acu, dineasár nó siorc, Mamaí?’ – laethanta fada an choraintín'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    An-mhaith! An focal faoi deireadh ag na gasúir mar is nós :-)

  • Caoimhín

    Gan dabht, bhuafadh an dineasár ar talamh ach bhuafadh an siorc san fharraige!