Fianna Fáil ag éileamh go gcuirfí ciste tacaíochta ar fáil do Choláistí Samhraidh

Deir Conradh na Gaeilge go ndéanfaí ‘dochar as cuimse’ don Ghaeltacht d’uireasa na gcúrsaí samhraidh

Fianna Fáil ag éileamh go gcuirfí ciste tacaíochta ar fáil do Choláistí Samhraidh

Tá sé ráite ag leascheannaire agus urlabhraí Gaeltachta Fhianna Fáil Dara Calleary gur cheart don Rialtas tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do choláistí samhraidh na Gaeltachta má chuirtear siar a gcúrsaí an samhradh seo.

Dúirt sé chomh maith gur den phráinn é go ndéanfadh Roinn na Gaeltachta “teagmháil láithreach” leis na coláistí chun a insint dóibh cad atá chun tarlú.

Tá Concos, an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar choláistí samhraidh, ag fanacht ar threoir oifigiúil ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i dtaobh a bhfuil i ndán do chúrsaí na bliana seo. Meastar go gcuirfear ar ceal na cúrsaí mar gheall ar ghéarchéim na paindéime Covid-19.

Dúirt an Teachta Dála Dara Calleary go mbeadh caillteanas mór airgid ann do phobal na Gaeltachta ar fud na tíre dá dtarlódh sin.

Dúirt sé nach mór don Rialtas tacaíocht airgid a chur ar fáil do na coláistí, do mhná tí agus do dhaoine eile a bhíonn ag obair san earnáil sin.

“Ní mór don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta teagmháil a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara láithreach maidir leis an méid atá i ndán do na coláistí samhraidh seo,” a dúirt Calleary, atá ina urlabhraí ag Gaeltachta ag Fianna Fáil.

“Cuireann na coláistí samhraidh go mór le geilleagar na gceantar Gaeltachta agus beidh caillteanas mór airgeadais i gceist leis do na pobail seo mura mbeidh siad ar siúl.

“Má chuirtear siar na coláistí seo, ní mór don Roinn gach bealach ó thaobh airgeadais de a scrúdú chun tacú leis na mná tí, leis na coistí agus leis na coláistí iad féin chun freastal ar an gcaillteanas a tharlóidh.”

Rinne Calleary tagairt do mholtaí Chonradh na Gaeilge atá ag iarraidh go dtabharfaí tacaíocht dhíreach do Choláistí Samhraidh na Gaeltachta chun a chinntiú nach ndúnfar ar fad iad.

Tharraing an Conradh aird ar an scéal arís ag an deireadh seachtaine nuair a d’éiligh Coiste Gnó na heagraíochta ciste cúitimh ón Rialtas chun tacaíocht a thabhairt do na coláistí samhraidh.

“Tá géarchéim buailte ar thionscadal na gColáistí Samhraidh mar thoradh ar an gcoróinvíreas agus an baol ann nach leanfar le haon Choláiste, in aon cheantar Gaeltachta, i mbliana,” a dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

“Ciallaíonn sé seo go bhfuil baol ann d’inmharthanacht roinnt de na coláistí mar nach mbeidh sé d’acmhainn acu a gcostais riaracháin a sheasamh gan teacht isteach na bliana seo.”

Dúirt Comer go raibh ról tábhachtach ag na cúrsaí samhraidh i ngeilleagar na Gaeltachta agus go ndéanfaí “dochar as cuimse” don Ghaeltacht dá n-uireasa.

Fág freagra ar 'Fianna Fáil ag éileamh go gcuirfí ciste tacaíochta ar fáil do Choláistí Samhraidh'