AN CULTÚR FAOIN gCUIBHRIÚ: Teiripe le Liam Ó Muirthile, David Sedaris, Lizzo agus Florence and the Machine

Sa mhír nua seo insíonn daoine éagsúla dúinn faoi na leabhair, scannáin, albaim, podchraoltaí agus eile atá ag tabhairt faoiseamh, spreagadh nó lón machnaimh dóibh

AN CULTÚR FAOIN gCUIBHRIÚ: Teiripe le Liam Ó Muirthile, David Sedaris, Lizzo agus Florence and the Machine

Ó cuireadh tús leis na rialacháin a chuireann cosc orainn bheith ag taisteal nó bheith amuigh i measc a chéile, tá athrú tagtha ar an réimse podchraoltaí a n-éistim leo.

Níl mé in ann ag an iomarca nuachta faoi láthair. Ar na podchraoltaí a bhaineann leis an tsamhlaíocht atá m’aird, Front Row an BBC, cuir i gcás. Tá an pianódóir Íoslannach Víkingur Ólafsonn mar cheoltóir cónaitheach acu ar an aimsir aisteach seo, é ag casadh beo ó cheoláras Harpa in Reyjkavík gach Déardaoin. Déanann Ólafsonn anailís ar a rogha ceoil agus sula gcasann sé an píosa, tugann sé léiriú ar a mhéarchlár ar struchtúr nó ar a mhianach. Is fiú é a chloisteáil.

Ní thaitníonn leaganacha closleabhair d’úrscéalta thar barr liom. Is minic go mbíonn an iomarca aisteoireachta ag aisteoir mar léitheoir agus uaireanta eile, airím go dtagann glór an údair idir mé agus glórtha na gcarachtar.

Leabhair neamhfhicsin is mó a éistim leo ach faoi láthair tá mé ag baint an-sásamh as saothar atá leath bealaigh idir an dá rud. Chuir mé eolas ar an scríbhneoir Meiriceánach David Sedaris agus é mar ghlór rialta ar an bpodchraoladh This American Life. Sé an chaoi go gcuireann glór Sedaris go mór leis na scéalta pearsanta atá le hinsint aige sa leabhar is deireanaí uaidh, Calypso. Aistí a scríobhann sé, idir shúgradh dóite agus dáiríre deisbhéalach, é ag cur síos ar feadh an ama ar a mhuintir in North Carolina agus ar an saol a chaitheann sé lena pháirtí, Hugh, i Sussex Shasana. Scéalaí den chéad scoth é.

Is annamh a léim leabhar próis den dara huair ach le seachtain anuas, tá Oilithreach Pinn le Liam Ó Muirthile tarraingthe chugam féin in athuair agam. Cuntas atá ann ar aistear Liam ar an Camino, anuas ó dheisceart na Fraince siar go Santiago da Compostela. Cur síos ionraic, géarchúiseach, grámhar é ar na dúichí ar shiúil sé tríothu. Tá leagan closleabhair den leabhar álainn seo ar fáil ar leathanach Soundcloud Chois Life, é á léamh go tomhaiste ag Liam féin. Cineál teiripe atá ann faoi láthair é bheith ag siúl ina chuideachta.

Don té a bhfuil suim sa gceol aige, is deacair an rogha ar Youtube a bhualadh. Tá ardú croí le fáil i seisiún Lizzo ar shárshraith NPR, na coirmeacha gairide ceoil a dtugtar na Tiny Desk Concerts orthu. Is iontach an carachtar atá cruthaithe ag Lizzo di féin agus glór virtuoso soiscéalach aici lena scéal a scaipeadh. ‘I used to be a ho’,’ a deir sí, straois gháirí ar a béal, ‘I don’t want to ho’ no mo’.’ Áiméan, a deirimse!

Ceann eile sa tsraith chéanna agus blas an-éagsúil ó Lizzo air an cur i láthair a dhéanann Florence and the Machine. Cineál lady Sasanach í Florence, cumadóir a bhfuil an-fhileatacht ag baint lena cuid amhrán:

Agus más eispéireas spioradálta amach is amach atá uait, caith súil ar shaothar Tableaux Vivants, grúpa aisteoirí Iodálacha a dhéanann athchruthú, beo ar stáitse, ar shraitheanna de shaothair íocónacha ó phéintéirí ar nós Carravaggio. Bíonn ceol ón ré Chlasaiceach ag baint macallaí as ballaí na séipéal a dtagann an grúpa i láthair iontu, na hoirfidigh ag gluaiseacht go grástúil nó go stadann siad leis an íomhá reoite a chruthú. Draíocht, a dhuine.

– Scríbhneoir, ceoltóir agus foilsitheoir é Tadhg Mac Dhonnagáin a bhfuil an teach foilsitheoireachta mór le rá Futa Fata aige

Fág freagra ar 'AN CULTÚR FAOIN gCUIBHRIÚ: Teiripe le Liam Ó Muirthile, David Sedaris, Lizzo agus Florence and the Machine'