Scileanna peile agus iomána araon ag teastáil don dúshlán is déanaí ó Chiarán Kilkenny
Tá an pheil agus an iomáint le chéile ag Ciarán Kilkenny do dhúshlán an lae inniu.
Tá iarrtha ag Ciarán ar dhaoine cúrsa beag a dhéanamh chun go mbeidh siad in ann scileanna áirithe peile agus iomána a chleachtadh agus a n-iarrachtaí a sheoladh ar ais chuig fear Átha Claith ar Twitter nó ar Instagram.
As Gaeilge ? pic.twitter.com/TMzo9pwZDI
— Ciarán Kilkenny (@CKKilkenny93) April 15, 2020
Comhrá gan choinne as Gaeilge ag cailín beag le hUachtarán na hÉireann
Bhí comhrá gan choinne ag cailín óg i mBaile Átha Cliath inné nuair a chas sí le hUachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn i bPáirc an Fhionnuisce.
Chuir Jen Gore teachtaireacht amach ar Twitter ag rá gur chas sí féin agus a neacht le hUachtarán na hÉireann nuair a bhí siad amuigh ag siúl.
@MichaelDHiggins and @BrodHiggins with my niece after chatting as gaeilge and keeping the social distance ? pic.twitter.com/BnLh0LbbNQ
— Jen (@JenanneGore) April 14, 2020
Deir Gore go raibh comhrá i nGaeilge ag a neacht leis an Uachtarán agus lena mhadra, Bród.
Is léir ón bpictiúr gur chloígh an bheirt leis an scoitheadh sóisialta chomh maith agus iad amuigh ag baint sult as an aimsir bhreá.
Fág freagra ar 'AR SCÁTH A CHÉILE: Scileanna peile agus iomána araon ag teastáil don dúshlán is déanaí ó Chiarán Kilkenny'