LITIR Ó NORTH CAROLINA: Táimid ag súil le leanbh faoi cheann trí seachtaine, an uair chéanna le buaic na paindéime anseo

Ag deireadh mhí Aibreáin nuair a bheimid ag triall ar an ospidéal áitiúil, agus baol ann nach mbeidh an t-ospidéal in ann déileáil leis an éileamh a bheidh ar leapacha

LITIR Ó NORTH CAROLINA: Táimid ag súil le leanbh faoi cheann trí seachtaine, an uair chéanna le buaic na paindéime anseo

Trí seachtaine ón lá inniu atáimid ag súil le leanbh nua, agus trí seachtaine ón lá inniu atáthar ag súil le buaic phaindéim an choróinvíris anseo in North Carolina.

D’fhéadfaí a rá nach é sin an t-am is fearr le fáilte a chur roimh an tríú mac s’againne. Is cuimhin liom féin agus mo bhean Orla a rá nuair a fuaireamar amach go raibh sí ag iompar go mbeadh sé go deas leanbh a thabhairt ar an saol lasmuigh den séasúr slaghdáin agus fliú (is leanaí geimhridh iad an bheirt eile). Lenár gcéad mhac, thiomáin muid go dtí an t-ospidéal sa sneachta, ag ceapadh ag an am gur dúshlán mór ab ea é sin. Agus muid ag druidim le buaic na paindéime seo tá go leor dúshlán nua os ár gcomhair, dúshláin atá i bhfad níos measa ná sneachta.

Tá cónaí orainn i gcontae Durham, ceann de na contaetha is measa atá buailte in North Carolina. Tuairiscíodh ar an nuacht áitiúil cheana féin go bhfuil siad ag roinnt mascanna san ospidéal sin.

Ní maith.

Ag deireadh mhí Aibreáin nuair a bheimid ag triall ar an ospidéal áitiúil, tá baol ann nach mbeidh an t-ospidéal in ann déileáil leis an éileamh a bheidh ar leapacha. Chaith ár mac is óige dhá oíche san ospidéal le RSV nuair nach raibh sé ach ceithre seachtaine d’aois. Bhí sé scanrúil é a fheiceáil ceangailte le hocsaigin. Nílimid ag iarraidh go mbeadh a leithéid de thaithí ag an mbaba nua. Tar éis na breithe, agus na naíonáin chomh leochaileach, beimid an-neirbhíseach don chéad cúpla mí. Cé go mbeidh buaic na paindéime curtha dínn, is cinnte go mbeidh an víreas thart ar feadh tamaill agus is cúis imní dúinn an dara tonn den víreas gránna seo.

Chuimhníomar  an t-ospidéal a sheachaint ar fad, agus bhreathnaíomar ar roghanna eile cosúil le breith sa bhaile, nó dul chuig ospidéal níos lú. Níl aon ospidéil mháithreachais ar leith ar nós Sráid Holles anseo. Is gnách go dtéann tú chuig an ospidéal is gaire duit. Shocraigh muid, ar deireadh,  fanacht leis an ospidéal céanna a d’fhreastail go maith orainn dár gcéad bheirt mhac, ag súil go mbeidh a mbearta cosanta víris láidir go leor chun muid uile a choinneáil slán.

I Nua-Eabhrac an tseachtain seo caite, ní raibh cead ag fir chéile fanacht lena mná céile i rith na breithe, ach buíochas le Dia tá siad tar éis an cinneadh sin a tharraingt siar– bheadh an-díomá orainn beirt dá gcaillfinn amach ar a mbreith.

Tá an phaindéim tar éis mo theaghlach i gCill Mhantáin a bhualadh go dona. Bhí mo dheartháir an-tinn leis an gcoróinvíreas, agus tá sé tolgtha ag a mhac anois. Buíochas le Dia, tá siad beirt i mbarr a maitheasa arís nach mór.

Beidh cóisir mhór ar fud an domhain nuair a bheidh deireadh na paindéime tagtha. Níl uaim ach go mbeidh an cúigear againn ag glacadh páirte sa cheiliúradh sin agus muid go léir slán sábháilte.

Fág freagra ar 'LITIR Ó NORTH CAROLINA: Táimid ag súil le leanbh faoi cheann trí seachtaine, an uair chéanna le buaic na paindéime anseo'