FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Léigh Donna Leon na Gaeilge, iompóidh tú na leathanaigh níos gaiste ná an ghaoth

FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Sa mhír seo moltar leabhair ar son do leasa is d’aimhleasa agus sinn faoi ghlas ag an ngalar

FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Léigh Donna Leon na Gaeilge, iompóidh tú na leathanaigh níos gaiste ná an ghaoth

Is é an t-úrscéal an genre is mó éileamh in aon tír ina léitear leabhair – agus mura gcreideann tú mé, féach leat ar na seilfeanna sna siopaí leabhar – agus thíos nó thuas i bhfo-ranna an genre sin tá an scéinséir agus an scéal bleachtaireachta – agus mura gcreideann tú é sin ach oiread féach ar na leabhair is mó éileamh in aon tseachtain ar bith abhus nó i gcéin.

Bí lándeimhnitheach de go bhfaighidh tú James Patterson gob ar ghob le John Grisham, agus níor chuaigh lagú ar cheannach leabhair Agatha Christie riamh. Bhí a leithéid scáinteach go maith ar feadh na mblianta sa Ghaeilge go fiú i measc na n-aistriúchán a dhein an Gúm, fág roinnt chlaisicí ar nós An Ré-Sheod  le Wilkie Collins as an áireamh. 

Ach tá rabharta díobh ag teacht sa Ghaeilge le tamall. Bíodh a bhuíochas sin ag dul d’Anna Heussaff a thionscain an réabhlóid le Buille Marfach, agus arb é Scáil an Phríosúin an scéal is déanaí uaithi. Ach is mó sin scríbhneoir a chuir a ladhar sa loch agus má tá ceann de na saothair is déanaí uait b’fhiú greim a bhreith ar Cur i gCéill le Celia de Fréine. Tá cáil cheana ar Celia mar fhile agus mar dhrámadóir go príomha, agus go minic is dána an mhaise do dhuine ar bith cos a chur thar tairsigh isteach i mbothán scríbhneoirí eile.

Tá aithne agam ar dhuine a thugann Donna Leon na Gaeilge ar Celia agus mura bhfuil a fhios agat cad is brí leis sin, níl fúm é a mhíniú. Tá oiread uisce faoi thalamh sa choirscéinséir seo is a bháfadh an tSionainn arís sa chás is nach mbeadh báite cheana.

Is í Cass Ó Caoimh banlaoch an scéil, bean a ghluaiseann siar go Conamara agus a bhfuil go leor amhrais ann mar gheall ar bhás a fir chéile. Bean láidir fhiosrach í Cass nach bhfuil sásta scaoileadh leis na scéalta a thuirlingíonn ina bráid, agus músclaíonn an fhiosracht sin mórán tríoblóide di fan an bhealaigh. Idir an dá linn tá a clann féin sa chúram a gcaithfear aire a thabhairt dóibh, agus cá miste beagán rómánsaíochta chomh maith? Iompóidh tú na leathanaigh níos gaiste ná an ghaoth. Má léann tú é seo, b’fhéidir go bhfaighidh tú teacht thar Chass arís ar ball.

Tá go leor úrscéalta choirfhicsin eile sa Ghaeilge, cinn ó Sheán Ó Muirgheasa, Mhícheál Ó Ruairc, Panu Petteri Hoglund, Sheán O’Connor gan ach an beagán a lua agus ceann uaim féin fiú amháin (Eag: níl cead agat é sin a lua). Lá eile gan na Paoraigh.

Fág freagra ar 'FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Léigh Donna Leon na Gaeilge, iompóidh tú na leathanaigh níos gaiste ná an ghaoth'