Cleachtadh iomána nua ag Ciarán Kilkenny d’imreoirí
Is cosúil nár ghlac Ciarán Kilkenny aon sos óna cheachtanna CLG agus imreoir Átha Cliath ar ais le dúshláin eile dá lucht leanúna. Scil iomána atá á taispeáint ag Kilkenny inniu agus é ag iarriadh ar dhaoine breith ar an sliotar san aer, é a smachtú ar an gcamán agus pas láimhe a bhualadh in aghaidh an bhalla.
An mó uair gur féidir leat an liathróid a chaitheamh os do chionn, greim a bhreith uirthi, 2 throigh ón talamh. Smachtaigh ar do shlat draíochta agus déan pas láimhe ón lámh dheas, caith í agus beir greim uirthi ar an taobh eile agus déan pas láimhe ar chlé. Tá 30 soicind agat. pic.twitter.com/c1NrOMDfO9
— Ciarán Kilkenny (@CKKilkenny93) April 14, 2020
Is i mbun na peile a bhí Kilkenny inné agus é ag iarraidh ar dhaoine feabhas a chur ar a gcomhordú lámh is súl tríd an liathróid a chur trína gcosa agus pas láimhe a thabhairt ansin.
Scil an lae inniu
An mó uair gur féidir leat an liathróid a chur trí do chosa, lámh dheas, lámh chlé, pas láimhe ar dheis. Ansin, trí do chosa, lámh chlé, lámh dheas, pas láimhe ar chlé, san ord sin. Tá 30 soicind agat. Féach ar fhíseán na bpointí oiliúna le bheith soiléir. pic.twitter.com/idlgEQctTd— Ciarán Kilkenny (@CKKilkenny93) April 13, 2020
Ríomhleabhar Cré na Cille le fáil saor in aisce
Tá leagan digiteach de Cré na Cille le fáil saor in aisce an tseachtain seo. Tá sé beartaithe ag Cló Iar-Chonnacht ríomhleabhar a chur ar fáil in aisce gach seachtain óna siopa ar líne agus is é mórshaothar Mháirtín Uí Chadhain an chéad cheann atá curtha ar fáil acu.
“Ba mhaith linn tacú le léitheoirí na Gaeilge atá sa mbaile faoi láthair agus chuige sin, beidh muid ag cur ríomhleabhar amháin in aghaidh na seachtaine ar fáil saor in aisce tríd http://www.cic.ie ón 13ú Aibreán, 2020, go dtí go mbeidh deireadh leis an ngéarchéim,” a deir Cló Iar-Chonnacht.
Tá lascaine suas le 50% ar ríomhleabhair eile atá ar fáil ar shuíomh Chló Iar-Chonnacht faoi láthair chomh maith.
Tá deis ag daoine Cré na Cille a íoslódáil saor in aisce anseo go dtí Dé Luain seo chugainn, an 20 Aibreán. Beidh an leagan digiteach ar fáil do Kindle, iPad agus léitheoirí eile nach iad.
Fág freagra ar 'AR SCÁTH A CHÉILE: Cleachtadh iomána nua ag Ciarán Kilkenny d’imreoirí'