Ardú suntasach ar líon na n-eachtraí ciníocha i gcoinne phobal na Síne in Éirinn

Tá iompar ciníoch a spreag an phaindéim dhomhanda á fhulaingt ag oibrithe, seandaoine, mná ina n-aonar, lánúineacha agus teaghlaigh

Ardú suntasach ar líon na n-eachtraí ciníocha i gcoinne phobal na Síne in Éirinn

Tá ardú suntasach tagtha ar líon na n-eachtraí ciníocha a bhaineann leis an choróinvíreas.

Thug Líonra na hÉireann i gcoinne an Chiníochais (INAR) an méid sin le fios do Tuairisc.ie tráth a bhfuil sé ina imní in áiteanna ar fud an domhain faoin chiníochas frithShíneach.

Le roinnt seachtainí anuas tá líon suntasach eachtraí a bhaineann leis an choróinvíreas cláraithe ar iReport.ie, córas tuairiscithe ar eachtraí ciníochais atá ag Líonra na hÉireann i gcoinne an Chiníochais.

Eachtraí iad seo inar díríodh ar imircigh agus go háirithe ar dhaoine ar ceapadh gur Sínigh iad.

Ar oibrithe, seandaoine, mná a bhí ina n-aonar, lánúineacha, teaghlaigh agus pobail a díríodh “na ‘jócanna’, an doicheall, an íde béil, an ciapadh agus an foréigean seo”, a dúirt Shane O’Curry, Stiúrthóir INAR le Tuairisc.ie.

Dúirt sé gur chuir na heachtraí go léir isteach go mór ar na daoine a bhí i gceist, ar a dteaghlaigh agus ar a bpobal.

“Tá ár mórdhóthain le déanamh againn ar fad faoi láthair agus muid ag streachailt leis an ngéarchéim seo gan a bheith ag scaipeadh fuatha, nach mbeidh de thoradh air ach borradh a chur faoin amhras, an faitíos agus an doicheall.

“Tá sé de dhualgas ar gach uile dhuine againn, gnáthdhaoine, polaiteoirí agus iriseoirí a bheith freagrach inár gcuid gníomhartha, inár gcuid cainte agus inár gcuid tuairiscí faoin ngéarchéim. Caithfidh gach duine amháin againn seasamh a ghlacadh in aghaidh scéalta ciníocha gan bhunús agus in aghaidh lucht a scaipthe,” arsa Shane O’Curry, Stiúrthóir INAR.

Tá cáineadh déanta ar Uachtarán Mheiriceá Donald Trump agus polaiteoirí eile as caint mhíchuí a dhéanamh faoi mhuintir na Síne. Anseo in Éirinn thuill an Teachta Dála neamhspleách aitheanta Danny Healy-Rae cáineadh as a rá sa Dáil gur mhó de bhuíochas a bheadh ag dul go dtí na Sínigh “dá gcoimeádfaidís a víreas chucu féin”.

“Na ráitis atá á ndéanamh ag polaiteoirí agus ag tráchtairí faoi láthair ag cur milleáin na paindéime seo ar mhuintir na Síne nó ar imircigh, ní hé amháin nach fíor iad ach tá siad fíorcontúirteach tráth a bhfuil an domhan ar fad ar a mhine ghéire ag cur a bhfuil d’acmhainní acu san iarracht déileáil leis an ngéarchéim seo,” arsa Shane O’Curry.

“In áit díriú ar réiteach na faidhbe atá againn, is amhlaidh a chothaíonn ráitis dá leithéid polaitíocht an mhilleáin agus na deighilte,” a dúirt sé.

Dúirt sé go raibh sé “éasca go maith a bheith ag gáire faoi amaidí na ndaoine aitheanta, bíodh sin go náisiúnta nó go hidirnáisiúnta, a deir a leithéid ach ba chóir smaoineamh go mbíonn an toradh a bhíonn ar a leithéid de chaint an-tromchúiseach”.

Tá sé i gceist ag INAR tuairisc faoi leith ar eachtraí ciníocha a d’eascair as an choróinvíreas agus a cláraíodh ag iReport.ie a eisiúint ag deireadh an Aibreáin.

Fág freagra ar 'Ardú suntasach ar líon na n-eachtraí ciníocha i gcoinne phobal na Síne in Éirinn'