Is iomaí ganntanas is cruóg atá cruthaithe ag an ráig – ganntanas sceallán is síolta ina measc

Tá go leor oibrithe sa mbaile agus a gcuid oibre stoptha, tá an aimsir go breá agus tá dochtúirí ag comhairliú dúinn go bhfuil leigheas agus sláinte sa ngarraí

Is iomaí ganntanas is cruóg atá cruthaithe ag an ráig – ganntanas sceallán is síolta ina measc

Is iomaí ganntanas is cruóg atá cruthaithe ag an ráig den choróinvíreas atá ag déanamh scrios ar fud an domhain. Tá go leor cainte faoin slabhra soláthair agus faoin scaollcheannach a bhuail daoine nuair a cuibhríodh sa mbaile iad.

Ní díghalráin, mascanna agus páipéar leithris amháin atá gann mar tá sé ag gabháil crua ar dhaoine síolta a fháil le ghabháil ag cur sa ngarraí.

Tá go leor de na siopaí garraíodóireachta dúnta ar ordú an Rialtais agus cé go bhfuil na garrantaí socraithe leasaithe, feamainn agus aoileach scartha, níl sceallán le fáil in aon áit ach iad a ordú ar an idirlíon agus fanacht le veain an phoist.

Tá go leor oibrithe sa mbaile agus a gcuid oibre stoptha, tá an aimsir go breá agus tá dochtúirí ag comhairliú dúinn go bhfuil leigheas agus sláinte sa ngarraí agus dúrúch curaíochta ag bíogadh i gcuisle phobal na tuaithe.

Anseo i ndeisceart Chonamara is é siopa crua-earraí Mháirtín Uí Dhomhnaill sa Spidéal is mó trácht ag lucht na talún agus deir lucht an tsiopa sin nach bhfuil síol ná sáiteán fágtha acusan agus cé go bhfuil siad ordaithe acu go bhfuil na soláthróirí ar fad dúnta.

Má tá cónaí ort i bhfoisceacht 20km d’Ionad Garraíodóireacht McGaugh ar bhóthar Átha Cinn taobh thoir de chathair na Gaillimhe,  tabharfaidh siad d’ordú go dtí an doras chugat saor in aisce ach é  a ordú ar ríomhphost.

Is amhlaidh an cás le Plandlann Dangan House in iarthar na cathrach ach tabharfaidh siad seo aon ordú os cionn €30 chugat ach an costas iompair a íoc, €10 an costas go Bearna.

Mar a dúirt bard Árann:

Fear ag glanadh cré
De ghimseán spáide
Sa gciúnas shéimh
I mbrothall lae:
Binn am fhuaim
San Earrach thiar.

https://play.google.com/music/preview/Txhabnk7idg256pnf5vx5zu7ata?play=1

Fág freagra ar 'Is iomaí ganntanas is cruóg atá cruthaithe ag an ráig – ganntanas sceallán is síolta ina measc'