AG OBAIR ÓN mBAILE: comhairle ónár gcolúnaí a bhfuil seanchleachtadh aige ar an gceird

Thosaigh ár gcolúnaí ag obair ón mbaile 13 bliain ó shin. Seo thíos a chomhairle do dhaoine atá ag obair ón mbaile faoi láthair agus ar mhaith leo nós buan a dhéanamh de nuair a bheidh ráig an choróinvíris thart

AG OBAIR ÓN mBAILE: comhairle ónár gcolúnaí a bhfuil seanchleachtadh aige ar an gceird

Agus an coróinvíreas i mbarr a réime tá níos mó daoine ná riamh ag obair ón mbaile. Tá sé sin deacair ar mhórchuid oibrithe toisc go bhfuil a gclann sáinnithe sa teach céanna leo, ach ar an lámh eile, is beag oibrí nach n-aithneodh gur deas an rud é gan a bheith sáinnithe i dtranglam tráchta nó i dtraein phlódaithe ar feadh dhá uair an chloig (nó níos mó) gach lá.

Beidh na páistí ag dul ar ais ar scoil nuair a bheidh ráig an Covid-19 thart, agus leis sin beidh an fhadhb is mó a bhaineann le bheith ag obair sa bhaile faoi láthair réitithe.

Cá bhfios nach leanfaidh cuid mhór daoine a bhfuil postanna acu a d’fhéadfaí a dhéanamh ón mbaile ag obair ón mbaile oiread agus is féidir amach anseo; ba mhór an gar don timpeallacht é.

Trí bliana déag ó shin a thosaigh mé féin ag obair ón mbaile. Seo thíos roinnt leideanna do dhaoine atá ag obair ón mbaile faoi láthair agus ar mhaith leo nós buan a dhéanamh de.

1. Bíodh áit ar leith agat chun do chuid oibre a dhéanamh. Cruthaigh láthair chompordach oibre duit féin. Níl sé go maith do do dhroim a bheith ag obair agus tú i do luí ar an tolg agus ná tabhair do chuid oibre isteach i do sheomra codlata ar ór ná ar airgead!

2. Bíodh sceideal soiléir agat. Bí ag do dheasc nuair a bhíonn ort a bheith ag do dheasc agus fág do dheasc nuair a bhíonn do chuid oibre déanta. Ná géill don chathú a thiocfaidh ort níos mó oibre a dhéanamh ná mar a dhéanfá san oifig d’fhonn a léiriú don saoiste go bhfuil tú ag obair go dian agus tú sa bhaile.

2a. Spriocanna seachas uaireanta an chloig. Ní oirfidh sé seo do chuile earnáil, ach más féidir spriocanna seachtainiúla a aontú le d’fhostóir in ionad dualgas a bheith ort a bheith ag do dheasc ar feadh, abair, 39 uair an chloig, seans mór go mbeidh níos mó ama saor agat.

3. Bíodh gaolta, cairde agus comharsana ar an eolas go mbíonn tú ag obair sa bhaile. Ba cheart go dtuigfeadh do mhuintir, do mhéiteanna, an fear thíos staighre agus an bhean béal dorais go bhfuil aip nua réabhlóideach á thógáil agat fiú agus tú ag dul thart faoin teach gan ort ach brístí aclaíochta.

4. Ná bain úsáid as an idirlíon ach ar mhaithe leis an obair. Bhí an ceart ag an mboss nuair a thug sé rabhadh duit faoi na cuairteanna a thugtá ar an suíomh pornagrafaíochta sin nuair a bhíodh tú fós ag obair san oifig. Ná bí á dhéanamh sa bhaile ach oiread.

5. Go deimhin, ná déan iarracht dhá rud a dhéanamh ag an am céanna. Ní fios cá mhéad béile a dhóigh mé ar an sorn agus cá mhéad buicéad uisce ar lig mé dóibh cur thar maoil toisc go raibh mé ag iarraidh obair tí a dhéanamh agus colún a scríobh ag an am céanna.

6. Cuir deireadh siombalach le do lá oibre. Más é do theach do láthair oibre, mholfainn duit do theach a fhágáil ar feadh seala nuair a bhíonn obair an lae curtha isteach agat. Is maith liom féin cuairt a thabhairt ar an ionad aclaíochta, ní hamháin ar mhaithe leis an aclaíocht, ach ar mhaithe leis an gcomhluadar.

Tar éis dom 13 bliain a chaitheamh ag obair ón mbaile, sin an t-aon ghné de shaol na gnáthláithreach oibre a mhothaím uaim: an teagmháil le comhghleacaithe. Is fada liom an lá go mbeidh an t-ionad aclaíochta oscailte arís!

Fág freagra ar 'AG OBAIR ÓN mBAILE: comhairle ónár gcolúnaí a bhfuil seanchleachtadh aige ar an gceird'