Imní ar mhúinteoirí faoi chruinniú foirne i nGaelscoil, tráth a bhfuil cosc ar a leithéid

Tá imní léirithe ag múinteoirí i nGaelscoil an Mhuilinn sa Mhuileann gCearr mar gheall ar an gcruinniú foirne a d’fhógair príomhoide na scoile don lá inniu

Imní ar mhúinteoirí faoi chruinniú foirne i nGaelscoil, tráth a bhfuil cosc ar a leithéid

Tá imní léirithe ag múinteoirí i nGaelscoil an Mhuilinn sa Mhuileann gCearr mar gheall ar chruinniú foirne a d’fhógair príomhoide na scoile don lá inniu.

Tá ráite ag an nGarda Síochána nach bhfuil taifead ar bith acu d’iarratas ón nGaelscoil i gcontae na hIarmhí ar chead a lorg cruinniú foirne dá leithéid a reáchtáil  sa scoil. 

D’iarr príomhoide na scoile, Carolin Mhic Róibín, ar fhoireann na scoile teacht isteach chuig an scoil le haghaidh an chruinnithe ag 9.00 maidin inniu, rud atá in aghaidh threoracha an rialtais maidir leis an gcoróinvíreas.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Oideachais go mbeadh a leithéid de chruinniú in aghaidh na dtreoracha maidir leis an tsláinte phoiblí.

Mar chuid de na socruithe a bhaineann le sláinte phoiblí agus Covid-19, tá scoileanna dúnta go dtí go bhfógrófar a mhalairt. Mar sin, ní cóir go reachtálfaí aon chruinnithe foirne ar thalamh na scoile.

“Tugann an Roinn faoi deara go bhfuil bainistíocht scoileanna agus foirne ag pleaneáil oibre agus ag eagrú cruinnithe ar líne ag an am seo.  Tá treoracha eisithe ag an Roinn do na scoileanna, a léiríonn go soiléir na céimeanna gur chóir a thógáil agus iad ag tabhairt tacaíochta do leanúnachas foghlama ag an am deacair seo,” a dúirt an t-urlabhraí ón Roinn Oideachais.

Tuigtear do Tuairisc.ie príomhoide le fios chomh maith do mhúinteoirí na scoile go mbeifí ag súil go bhfanfadh na múinteoirí sa scoil go dtí 14.00 ina seomraí ranga féin agus pacáistí oibre a chur le chéile do dhaltaí na scoile.  Bhí na pacáistí sin le fágáil taobh amuigh den scoil tráthnóna le go mbaileodh tuismitheoirí iad le tabhairt dá bpáistí. 

Dheimhnigh príomhoide na scoile, Carolin Mhic Róibín, do Tuairisc.ie tráthnóna inné go mbeadh an cruinniú ag dul ar aghaidh inniu, ach nach mbeifí ag iarraidh ar na tuismitheoirí aon rud a bhailiú “ar fháthanna lóistíochtúla”. 

“Bhí an scoil ag iarraidh na leabhair scoile a roinnt leis na daltaí ionas gur féidir leo a bheith ag obair orthu fad is atá siad sa bhaile.

“Níl idirlíon ná laptops ag a lán páistí sa scoil. Bhí an-chuid tuismitheoirí ag cur ceist orainn faoi. Ar fháthanna lóistíochtúla níl an bailiúchán leabhar ag tarlúint amárach ach, ag smaoineamh faoinár bpáistí agus a dtuismitheoirí, táimid ag súil le pleananna eile a eagrú,” a dúirt sí.

Tuigtear do Tuairisc.ie go ndúradh le foireann na scoile go bhfuarthas “cead speisialta” ón nGarda Síochána an cruinniú foirne a reáchtáil, ach dúirt na Gardaí nach raibh aon taifead acu a bhain le hiarratas dá leithéid.

Tá imní léirithe ag cuid den fhoireann gur sárú é an cruinniú ar na treoracha a d’eisigh an rialtas le dul i ngleic le scaipeadh an choróinvíris in Éirinn, agus go gcuirfeadh sé an tsláinte phoiblí i mbaol. 

Tá beagnach 250 dalta i nGaelscoil an Mhuilinn agus 14 múinteoir atá ag obair ann.

Táthar ag súil go dtiocfaidh na múinteoirí ar fad isteach le haghaidh an chruinnithe atá beartaithe don lá inniu, cé go bhfuil saoire na Cásca ann i láthair na huaire agus nach mbeadh na múinteoirí sin ag obair fiú dá mbeadh na scoileanna ar oscailt. 

Fág freagra ar 'Imní ar mhúinteoirí faoi chruinniú foirne i nGaelscoil, tráth a bhfuil cosc ar a leithéid'