‘Bhí eagla an domhain orm nuair a bhuail na chéad siomptóim mé’ – Linda Ervine

Dúirt Linda Ervine go ndearna a dochtúir diagnóis go raibh an coróinvíreas uirthi ar an ghuthán ach gur bhreá léi tástáil le bheith cinnte de gur Covid-19 a bhí uirthi

‘Bhí eagla an domhain orm nuair a bhuail na chéad siomptóim mé’ – Linda Ervine

D’fhógair Linda Ervine go ndearna a dochtúir diagnóis ar an ghuthán go raibh an coróinvíreas uirthi agus drochbhabhtaí tinnis ag gabháil di le trí seachtaine anuas.

Dúirt an gníomhaí aitheanta Gaeilge gur bhuail na chéad siomptóim í cúig lá i ndiaidh di a bheith i ngartheagmháil lena col ceathar, ‘príomhoibrí’ sa chóras sláinte, a fuair toradh dearfach ar thástáil don choróinvíreas.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Linda Ervine, atá ina stiúrthóir ar chúrsaí Gaeilge in ionad Turas in Oirthear Bhéal Feirste, gur raibh “eagla an domhain” uirthi nuair a tháinig na chéad siomptóim uirthi.

“Nuair a tháinig an tinneas orm ar dtús bhí eagla an domhain orm. Bhí mé iontach scanraithe ar fad. I ndiaidh an chéad bhabhta tinnis agus seachtain caite, bhí mé níos muiníní go dtiocfadh liom na siomptóim a láimhseáil. I mo chás féin, bhí an imní níos measa ná an galar féin.

Dúirt Ervine gur bhreá léi tástáil a bheith aici a thabharfadh le fios di go raibh Covid-19 sáraithe aici ach go bhfuil sí ag brath ar thuairim a dochtúra amháin.

“Ba bhreá liom fáil amach go cinnte dearfach an raibh an coróinvíreas orm agus nach gá dom a bheith scanraithe roimhe a thuilleadh.

“Mar atá fíor i gcás cuid mhór daoine, ní thuig liom a bheith cinnte dearfach go raibh an coróinvíreas orm mar nach bhfuil mé ábalta tástáil a fháil. Labhair mé leis an dochtúir ar an ghuthán agus dúirt sí go raibh an chuma ar an scéal go raibh an coróinvíreas orm.

“Mar a bheadh tonnta ann, tháinig na siomptóim agus d’imigh siad arís agus arís eile. Bhí laethanta ann nuair a bhí mé i mbarr mo shláinte ach an lá dár gcionn mhúsclóinn le pianta ar fud mo choirp” a dúirt Linda Ervine, atá ina stiúrthóir ar chúrsaí Gaeilge in ionad Turas in Oirthear Bhéal Feirste.

Dúirt Ervine gur mhúscail sí maidin an 24 Márta agus í ag mothú tinn le teocht ard, buinneach agus fonn múisce uirthi. Bhí an chéad bhabhta siomptóim imithe taobh istigh den uair an chloig, a dúirt sí, agus thóg sé sé lá eile sular phill siad.

“Ní dheachaigh sé isteach sna scamhóga, agus ní raibh casacht orm. Bhí drochphian i mo scornach agus sna slinneáin, i mbarr mo dhroma. Bhí tinneas boilg agus pianta orm.”

Tráthnóna Dé Sathairn, an 11 Aibreán, dúirt Ervine go raibh pianta ar fud a coirp ar fad, ina muineál, a brollach, a cosa, a lámha, a méara, a glúine agus fiú ina giall.

An mhaidin dár gcionn mhúscail Ervine agus gan aon siomptóim ar chor ar bith uirthi agus tá sí  dóchasach go bhfuil an galar sáraithe aici anois.

Dúirt Ervine go raibh “an t-ádh” uirthi go bhfuil sí ar an 80% sin de dhaoine nach mbíonn an galar go dona orthu agus gan ach siomptóim mheasartha orthu ach go bhfuil sé “tábhachtach” go mbeadh tástálacha á gcur ar dhaoine a bhfuil amhras orthu.

“An rud faoin ghalar seo, ná go dtagann agus go n-imíonn na siomptóim agus go bhféadfaimis a bheith á scaipeadh i measc an phobail.”

Dúirt Ervine gur mheas sí go raibh daoine sa tuaisceart míshásta leis an dóigh a ndeachaigh an rialtas i ngleic leis an ghéarchéim.

“Tá daoine den bharúil gur tháinig bearta an rialtais rómhall agus go raibh moilleadóireacht i gceist. Tháinig teachtaireachtaí an rialtais salach ar a chéile. Dúradh linn fanacht sa bhaile dá mb’fhéidir agus iarradh ar dhaoine obair ón bhaile dá dtiocfadh leo ach bhí na scoileanna ar oscailt. Sílim gur fágadh faoin phobal féin cinntí móra a dhéanamh.”

Dúirt Ervine go raibh daoine ag glacadh “go han-dáiríre” leis an chomhairle scoite sóisialta ach go bhfuil “amhras ann i gcónaí” maidir le líon na dtástálacha atá á ndéanamh ar mhuintir an tuaiscirt agus figiúirí na ndaoine a bhásaigh de bharr Covid-19. 

“Tchím i mo cheantar féin go bhfuil daoine ag glacadh go han-dáiríre leis agus ag cloí leis na rialacha. Tá an tuaisceart ag déanamh i bhfad níos fearr ná an chuid eile an Bhreatain ó thaobh líon na marbh cé go bhfuil ceist ann faoi na figiúirí atá á gcur amach. Tá fadhb ann maidir le comhaireamh na marbh i dtithe altranais agus tá scéalta cloiste agam faoi dhaoine a bhfuil gaolta acu, a fuair bás le Covid-19 ach nár cuireadh ar an teastas báis é,” a dúirt an gníomhaí Gaeilge, Linda Ervine. 

Fág freagra ar '‘Bhí eagla an domhain orm nuair a bhuail na chéad siomptóim mé’ – Linda Ervine'