Ár leithscéal – tá an saol a d’ordaigh tú as stoc faoi láthair…

Chuir ráig an choróinvíris ar a shúile dár gcolúnaí gur thug a mhuintir tógáil dó a bhí go hiomlán mí-oiriúnach do shaol an lae inniu

Ár leithscéal – tá an saol a d’ordaigh tú as stoc faoi láthair…

Thiar sa bhliain 2011, chroch an t-ealaíontóir sráide iomráiteach Banksy ceithre fhógra mór millteach i gcathair Londan leis an mana ‘Sorry! The lifestyle you ordered is currently out of stock.’

In aimsir seo an choróinvíris, tá grianghraif a glacadh de na píosaí ealaíne sin (a baineadh anuas gan mhoill ag an am) á scaipeadh ar an idirlíon go tréan. Níl mé in ann na focail sin a ruaigeadh as mo cheann.

‘Ordered’ an t-eochairfhocal i dteachtaireacht thuarúil Banksy, dar liom. Is é an dúshlán is mó atá romhainn, anois agus an tóin tite as an saol a raibh cleachtadh againn air, ná glacadh leis gur cheap mórchuid againn go raibh muid i dteideal an tsaoil a bhí á chaitheamh againn.

Go raibh na sciuirdeanna sin ar dheisceart na Spáinne, aon uair a mbuailfeadh an fonn bolg-le-gréin a dhéanamh sinn, dlite dúinn.

Ní fear mise a d’fhás aníos le sciuirdeanna ar dheisceart na Spáinne.

Mar sin féin, tógadh mé ar bhealach a bhí go hiomlán mí-oiriúnach do shaol an lae inniu.

Bhí rian láidir den tsoineantacht idéalach úd a bhaineann leis an eite chlé go minic ar an dearcadh saoil lenar thóg mo mhuintir (beirt cheoltóirí) mé féin agus mo dheartháir óg: cinnte, bhí an cogadh fuar faoi lán seoil agus bhí daoine ag fáil bháis den ocras san Aetóip, ach thiocfadh an lá go ngéillfeadh lucht na heite deise d’fheabhas theagasc morálta na heite clé, go dtuigfeadh creidmhigh nach raibh a leithéid ann agus dia, agus go mbeadh an saol cóir agus cothrom ar fud an domhain.

Breathnaím timpeall orm féin inniu agus feicim go bhfuil an lá sin níos faide uainn ná riamh. Ach – agus seo é an rud – tá mé fós ag súil leis an lá sin. Níl neart agam orm féin, óir is é sin an todhchaí a chuir mo mhuintir ina luí orm a bhí i ndán dom féin agus don ghlúin lena mbainim.

Thréig athair mo ‘dhearthár óig’ ón mBrasaíl a chlann nuair a bhí mo dheartháir óg 10 mbliana d’aois. Trí bliana ina dhiaidh sin, fuair a mháthair bás. Dósan, níl i ngéarchéim seo an choróinvíris ach an buille is déanaí i saol lán dúshlán, deacrachtaí agus driseacha cosáin.

Cé go bhfuil ceann faoi air na laethanta seo ach oiread le chuile dhuine eile, níl sé curtha dá chothrom ag an víreas mar atá mise.

Níl mé ag rá go nguífinn óige mar a bhí ag mo dheartháir óg ón mBrasaíl ar éinne.

Ach ba mhór an gar a dhéanfadh tuismitheoirí an lae inniu dá gclann dá mbeidís ionraic leo faoi cheann de bhunfhíricí an tsaoil: níl rud ar bith dlite ag an saol dúinn.

Fág freagra ar 'Ár leithscéal – tá an saol a d’ordaigh tú as stoc faoi láthair…'