Tá deartháir óg nua agam – tá sé 29 bliain d’aois

Cad is gaol ann? Agus athmhachnamh á dhéanamh go forleathan ar cheisteanna inscne, cén fáth nach ndéanfaimis athmhachnamh, leis, ar an gceist sin?

Tá deartháir óg nua agam – tá sé 29 bliain d’aois

Tá deartháir óg nua agam.

Ní hea, níl mo mháthair, a bhfuil na trí scór go leith slánaithe aici, tar éis leanbh nua a chur ar an saol.

Tá mo dheartháir óg nua 29 bliain d’aois.

Níltear tar éis teacht, ach an oiread, ar mhac tabhartha a bheadh curtha ar an saol i ngan fhios dúinn ag m’athair.

As an mBrasaíl, an tír ina bhfuil cónaí orm, do mo dheartháir óg nua, Moisés.

Ocht mbliana ó shin a casadh Moisés orm den chéad uair. Ní i gciseán a bhí ar foluain ar abhainn éigin a tháinig mé air – ach mar sin féin ba chosúil é le duine ar mhaith leis a bheith uchtaithe.

Cailleadh a mháthair nuair nach raibh sé ach 13 bliain d’aois agus faoin am sin bhí a athair tar éis a chlann a thréigean le fada; bhí (agus tá) Moisés ina chónaí lena bheirt deartháireacha agus le triúr deirfiúracha in favela díreach in aice leis an gceantar ina bhfuil cónaí orm féin.

Thart ar an am céanna ar casadh Moisés orm, shocraigh an fear a mheall go dtí an Bhrasaíl an chéad lá riamh mé a fhágáil (ní raibh baint ag an dá scéal lena chéile).

Cúpla mí tar éis dó sin bóthar a bhualadh, rith sé liom go raibh mé tar éis titim i ngrá, de réir a chéile, le Moisés. Bhí sé ráite aige sin liom go minic cheana nach raibh dúil aige i bhfir, ach lean mé orm ag cur na dallamullóige orm féin, ag ceapadh go raibh sé ar tí teacht amach.

Leannán nua a bhí uaimse.

Athair a theastaigh ó Moisés.

Mar a bheifeá ag súil leis, ní bhfuair ceachtar againn a raibh uainn – agus nuair a shocraigh an bhean a raibh Moisés ag siúl amach léi ag an am deireadh a chur leis an dlúthchairdeas eadrainn bhí an súiche sa phota agus an brachán millte.

Stop muid ag caint agus níor labhair muid lena chéile arís go ceann trí bliana ina dhiaidh sin.

Ba ar éigean a d’aithin mé Moisés nuair a casadh ar a chéile muid arís lá breá éigin, nach mór dhá bhliain ó shin anois. Bhí sé chomh tanaí le duilleog bhanana; bhí an bhean úd tar éis bata agus bóthar a thabhairt dó agus bhí a phost caillte aige. Go drogallach, chuir muid tús leis an gcairdeas in athuair. Ní raibh ceachtar againn ag iarraidh an duine eile a ghortú arís.

D’aimsigh Moisés obair shealadach go gairid ina dhiaidh sin, ach nuair a tháinig deireadh leis an gconradh sin bhí sé dífhostaithe arís. Níl cúrsaí leasa sóisialta thar mholadh beirte sa Bhrasaíl, d’éirigh a dheartháireacha agus a dheirfiúracha tuirseach de bheith ag tabhairt aire dó agus le scéal fada a dhéanamh gairid is i mo theachsa a thosaigh sé ag caitheamh a chuid béilí.

Mar chúiteamh, thugadh sé luibheanna leighis leis (fear leighis a bhí ina athair, nach maireann) agus thug sé tacaíocht shíceolaíoch dom nuair a bhris fear, ar thug mé ‘buachaill an mhadra’ air ar na leathanaigh seo cheana, mo chroí.

An mhí seo caite, nuair a d’aimsigh Moisés post faoi dheireadh i monarcha éadaí, d’iarr sé orm leanacht orm ag cócaireacht dó. Níl an t-am aige féin toisc go mbíonn sé ag freastal san oíche ar an meánscoil, toisc nár chríochnaigh sé an chuid sin dá oideachas riamh. Ach anois agus post aige, íocann sé as a sciar féin den tsiopadóireacht. Chuile lá, caitheann sé béile na hoíche i mo theachsa agus tugann sé leis lón an lae dár gcionn.

Ní gá a rá gur chuir an tsiombóis neamhghnách seo, a tháinig chun cinn go nádúrtha, mearbhall orainn féin agus ar dhaoine eile. Níor lánúin muid, ar ndóigh, ach ní dhearna ‘dlúthchairde’ cúis ach an oiread.

Mhothaigh muid go raibh an téarma sin rólag.

Céard a bhí ionainn, mar sin?

Rith freagra na ceiste le Moisés an mhí seo caite.

‘Is tusa mo dheartháir mór,’ a d’fhógair sé gan choinne ach go lán-dáiríre oíche amháin agus muid ag suí chun boird.

‘Agus is mise do dheartháir óg.’

Thuig mé láithreach go raibh an ceart aige, agus ó shin i leith tá sé ráite againn le cúpla duine gur deartháireacha sinn. Bhí sé sin saghas tábhachtach: is léir don dall (agus do na comharsana, nach bhfuil dall, ach a mhalairt) go bhfuilimid ag maireachtáil i bpócaí a chéile, ach níor mhaith linn dochar a dhéanamh do sheansanna a chéile ar chaidreamh grá le daoine eile amach anseo.

Lena chois sin, bhí orainn stádas an duine eile inár saol a mhíniú dár ngaolta féin – a ghlac leis an scéal go réidh.

Agus athmhachnamh á dhéanamh go forleathan sa lá atá inniu ann ar an gcur síos ar na hinscní agus ar na teorainneacha eatarthu, atá ag dul i ndoiléire, cén fáth nach ndéanfaimis athmhachnamh, leis, ar an gceist seo: cad is gaol ann?

Fág freagra ar 'Tá deartháir óg nua agam – tá sé 29 bliain d’aois'

  • Heike B.

    Alex! Dead chuala go bhfuil tú thart fós … Bron orm d’imigh muid as teagmhail ar fád . Heike