Dúshlán do shláinte mheabhrach ghaolta agus cairde é galar Alzheimer freisin

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. D’fhonn a shláinte mheabhrach féin a chosaint, ní insíonn ár gcolúnaí scéalta áirithe a thuilleadh dá mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi.

Dúshlán do shláinte mheabhrach ghaolta agus cairde é galar Alzheimer freisin

An mhí seo caite, scríobh mé colún sa tsraith seo faoin uair a bhí orm casphointe cinniúnach as a saol grá féin a chur i gcuimhne do mo mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi.

An galar céanna is cúis leis, faraor, nach gcoinním ar an eolas í a thuilleadh faoi mo shaol grá anróch féin. 

Nuair a deirim ‘anróch’, is éard atá i gceist agam ná dlúthchairdeas le fear nach raibh cinnte faoina chlaonadh gnéis féin, caidreamh a d’fhág ar bhruach an duibheagáin mé agus ar tháinig deireadh leis ceithre mhí ó shin – go gairid sular leaindeáil mo mham (agus a deirfiúr) ar leac an dorais agam chun mí a chaitheamh liom anseo sa Bhrasaíl.

Cothrom an ama seo anuraidh – tráth ar léir dom nach raibh meabhair mo mháthar ag feidhmiú mar ba chóir, ach leathbhliain sular deimhníodh go raibh galar Alzheimer uirthi – d’inis mé di faoi mo chairdeas leis an bhfear sin. Bhí mé sa bhaile, san Ísiltír, agus bhí cupán caife á ól againn i stáisiún Utrecht agus muid ag fanacht ar thraein. 

Tharla go raibh aithne ag mo mháthair ar an bhfear atá i gceist. Thaitin sé go mór léi. ‘Buachaill an mhadra’ a thugadh sí air, toisc nach mbíodh sí in ann cuimhniú ar a ainm. 

Mhínigh mé di go raibh mé go mór i ngrá le buachaill an mhadra, gur thug na rudaí a déaradh agus a déanadh buachaill an mhadra le tuiscint dom go raibh spéis aige ionamsa freisin – ach go ndéaradh buachaill an mhadra i gcónaí, in uair na cinniúna, nach raibh dúil aige i bhfir.

D’ól mo mháthair bolgam dá caife agus thug dom an t-aon chomhairle a n-éisteoinn léi ag an am: 

‘Lean do chroí.’

Lean, agus d’íoc mé go daor as. Mo shuaimhneas intinne an praghas.

Bliain ina dhiaidh sin, agus caife na maidne á ól agam féin, mo mham agus m’aintín i m’árasán sa Bhrasaíl, mhothaigh mé an scéal ar fad ag brúchtadh aníos ionam. Bhí mé tuirseach agus cantalach cuid mhór den am agus theastaigh uaim a mhíniú dóibh cén fáth. 

Ach choinnigh mé mo bhéal dúnta.

Bhí eagla orm go ndéanfadh mo mháthair dearmad ar an scéal de bharr an ghalair atá uirthi, agus go mbeadh orm scéal a ghoill orm féin go mór a insint arís is arís eile. 

Mhínigh mé an méid sin di.

Dúirt mé léi go cáiréiseach ach go macánta nach n-inseoinn scéalta áirithe di a thuilleadh, gur ghoill sé orm é sin a rá léi, ach go raibh súil agam go dtuigfeadh sí go raibh orm mo shláinte mheabhrach féin a chosaint.

Thosaigh mo mháthair ag gol. Thug mé barróg di agus dúirt nach raibh sé i gceist agam í a ghortú, gur thuig mé gur galar uafásach é Alzheimer don té a bhfuil sé air nó uirthi, ach go gcaithfeadh sí a thuiscint nach mbíonn sé éasca ach an oiread do ghaolta agus do chairde an othair.

Dúirt sí gur thuig.

Madra sráide an madra a bhíodh i dteannta bhuachaill an mhadra. Tá an buachaill tar éis bogadh go ceantar eile sa chathair ach bíonn an madra ina luí san áit chéanna agus a bhí riamh, cúpla céad slat ó m’árasán. Casadh orainn í go gairid tar éis an chomhrá dheacair sin agus mé féin, mo mháthair agus m’aintín amuigh ag siúl. Nocht aoibh mhór gháire ar aghaidh mo mham agus chuaigh sí síos ar a gogaidí chun peataireacht a dhéanamh ar an madra.

Níor luaigh sí an fear a bhíodh i gcónaí ina teannta; tá dearmad déanta ag mo mháthair ar bhuachaill an mhadra le fada an lá.

B’iontach dá n-éireodh liom féin an rud céanna a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Dúshlán do shláinte mheabhrach ghaolta agus cairde é galar Alzheimer freisin'

  • Mise Áine

    Más fíor don seanfhocal ‘Laghdú gach anró é a roinnt,’ a chara, tá súil agam go bhfuil an méid a scríobhann tú faoin ngrá atá i do chroí mór fial ag tabhairt faoiseamh duit ó chrá croí an tsaoil.