Fear 43 bliain d’aois tú agus tá ort sonraí a saol grá féin a chur i gcuimhne do do mháthair…

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. Ba bheag nach bhfuair meascán aisteach mothúchán an ceann is fearr ar ár gcolúnaí nuair ba léir dó go raibh dearmad déanta ag a mháthair ar cheann de na tréimhsí is cinniúnaí ina saol féin

Fear 43 bliain d’aois tú agus tá ort sonraí a saol grá féin a chur i gcuimhne do do mháthair…

Bhí uibheacha á bhfriochadh agam do bhéile na hoíche nuair a chuir mo mháthair ceist orm a bhain siar asam go mór.

‘Cén fáth ar thréig d’athair muid an t-am sin? An amhlaidh go raibh bean nua aige?’

Sciorr an spadal a bhí i mo lámh agam sa sáspan. Ba bheag nár sciorr na huibheacha ar urlár na cistine.

Bhí mé cúig bliana déag d’aois nuair a shocraigh mo thuismitheoirí scaradh óna chéile. Bhí mé fásta suas mo dhóthain le rudaí áirithe a thuiscint, fiú mura raibh na rudaí áirithe sin á rá os ard.

Más buan mo chuimhne (agus is buan) ba é an chaoi go raibh mo mháthair ag dul thar claí le fear eile ag an am. Neamhshuim m’athar ba chúis leis sin go pointe agus d’fhéadfaí a mhaíomh gur thréig mo bheirt tuismitheoirí a chéile ar bhealaí éagsúla, ach bhí na fíricí á gcur as a riocht go hiomlán ag mo mham má cheap sí gur thréig m’athair í toisc gur casadh bean eile air. Casadh bean eile air sa deireadh, ceart go leor – ach bhí sé féin agus mo mham scartha óna chéile le trí bliana faoin am sin.

Ní buan cuimhne mo mham, ar ndóigh. Thiar i mí Aibreáin, deimhníodh go bhfuil galar Alzheimer uirthi. Táimid imithe i dtaithí air, faoin am seo, go ndéanann sí dearmad ar go leor leor rudaí. Ach go hiondúil, rudaí a tharla le gairid a bhíonn i gceist. Ceisteanna a bheadh díreach curtha aici. Béile a bheadh díreach ite aici. An áit a mbeadh rud éigin curtha i dtaisce aici.

Ba é seo an chéad uair gur thug mé faoi deara go bhfuil tionchar ag an ngalar ní hamháin ar chuimhne ghearrthéarmach mo mháthar, ach ar a cuimhne fhadtéarmach, leis. Ocht mbliana is fiche ó shin a scar sí féin agus m’athair óna chéile.

Colscaradh réasúnta réchúiseach a bhí ann, ach ní bhíonn colscaradh riamh go deas. Do thuismitheoirí ná do pháistí. D’fhág an tréimhse sin a lorg orm, mar a d’fhágfadh a leithéid ar dhéagóir ar bith.

Agus an sáspan agus an spadal ag creathadh i mo lámha, ba bheag nach bhfuair an meascán aisteach mothúchán an ceann is fearr orm. Imní, toisc gur léir dom go raibh an galar atá ar mo mháthair tar éis dul in olcas. Fearg, toisc go raibh dearmad déanta ag mo mháthair ar thréimhse chinniúnach i stair ár dteaghlaigh. Trua, toisc go bhfacthas dom go raibh mo mháthair gortaithe ag an leagan míchruinn den stair ina haigne féin. Gáire, toisc nach bhféadfaí a shéanadh go raibh áiféis ag baint leis an gcomhrá seo a bhí ar bun againn gan choinne.

Ba é an réiteach a fuair mé ar an ngéarchéim shíceolaíoch sin ná breathnú orm féin mar charachtar i scannán agus comhairle stiúrthóra a thabhairt don aisteoir a bhí ag déanamh mo pháirte.

‘Gabh i leith, Alex,’ a dúirt mé liom féin, ‘fear 43 bliain d’aois tú agus caithfidh tú a saol grá féin a mhíniú do do mháthair. Ó, agus ná déan dearmad ar na huibheacha, tá siad á ndó.’

D’iompaigh mé na huibheacha timpeall, tharraing mé anáil dhomhain agus rinne achoimre ar na pointí eolais is tábhachtaí ón tréimhse achrannach sin i stair ár dteaghlaigh. Níor theastaigh uaim aon bhreithiúnas a thabhairt, ach ag an am céanna theastaigh uaim a bheith cruinn. Níor fhág mé caidreamh mo mháthar leis an bhfear eile úd as an áireamh.

‘Ó, is ea, X,’ a dúirt mo mháthair. ‘Bhí mé dúnta i ngrá leis.’

Níorbh aon nuacht dom an méid sin; mise a thug aire do mo mham nuair a chuir an fear céanna deireadh lena gcaidreamh tar éis cúpla bliain.

Nach méanar don té a dtagann galar Alzheimer air nó uirthi, a dúirt mé liom féin agus an sorn á mhúchadh agam. Cuma sa sioc má dhéanann tú praiseach de do shaol grá, ag deireadh an lae ní chuimhneoidh tú ar thada.

Choinnigh mé mo bhéal dúnta agus chuir na huibheacha ar na plátaí. Mhaith mé dom féin an jóc gránna inmheánach.

Ní bhíonn galar Alzheimer éasca ar an othar, ach ní bhíonn sé éasca ach an oiread ar chlann, ar ghaolta agus ar chairde.

Uaireanta, an greann dóite amháin a shábhálfas tú.

Fág freagra ar 'Fear 43 bliain d’aois tú agus tá ort sonraí a saol grá féin a chur i gcuimhne do do mháthair…'

  • Mise Áine

    Tuigim do chás. Aithne rómhaith agam ar an ngalar seo, faraor, le fada an lá. Ní haon ionadh é go dtugtar ‘The Long Goodbye’ air, mar ghalar. Ní maith liom do thrioblóid, a chara.

  • Pádraig O Muircheartaigh

    A Alex a chara athraíonn saol an duine ó bhun go barr nuair a thagann an galar dearmadtha gránna sin ar chuairt.Tá trua agam dod mháthair ach aon dhuine a chreideann go diongbháilte nach fiú tada an leanbh sa bhroinn tá sé deacair trua a bheith agat don duine gránna sin.Filleann an feall ar an bhfeallaire