Tá an lá is faide sa mbliain tagtha beagnach i ngan fhios dom i mbliana. Thug na faoileáin leid dom le seachtain anuas agus iad fós ina suí ag a 11 a chlog san oíche ag ‘faoileáil’ is ag fógairt. Tá siad ina suí arís ag 4:30 ar maidin, ní thuigim cá bhfaigheann siad an fuinneamh agus iad beo ar sceallóga is píotsa piobarónaí.
Tá na ‘faoileáin’ dhaonna iad féin ag faoileáil is ag fógairt na hoícheanta seo agus tráthnóntaí fada geala ag mealladh daoine amach sna bialanna agus pubanna thart.
Buíochas mór le Dia bhí sé ina ghleadhradh an oíche ar chríochnaigh scrúduithe na sraithe sóisearaí an tseachtain seo caite. Chuaigh na sluaite scoláirí abhaile luath, ní hionann agus an bhliain seo caite tráth a raibh an ghrian ag scoilteadh na gcloch. Tá a fhios agam go bhfuil mé i mo chancrach ‘era’ anois, níl aon chall é a rá liom.
Gach oíche le seachtain, bíonn sé geal amuigh agus airíonn tú gur cheart duit a bheith ag déanamh rud éigin fiúntach, ag dreapadh cnoic, ag snámh sa bhfarraige, ag lasadh tine chnámh, nó rud éigin. Airíonn tú gur sórt peaca atá ann a bheith i do shuí sa dorchadas is na dallóga dúnta is tú ag breathnú ar an eagrán deireanach de The Last of Us is do chroí i do bhéal agat.
Ní raibh mé ag tine chnámh le blianta blianta fada, ach tá cuimhní agam ar na tinte cnámh a lasadh muid agus mé ag fás aníos. Níl a fhios agam an bhfuil siad chomh coitianta is a bhídís?
Chaitheadh muid na laethanta ag réiteach, ag cartadh trí na sciobóil agus coirnéil sna garrantaí ag bailiú rud ar bith a cheap muid a d’fhéadfaí a lasadh agus nach mbeadh aon iarraidh ag éinne air.
Bliain amháin agus mé fós sa bhunscoil, tháinig muid trasna ar sheandoras a bhain le cófra línéadaigh. Rud mór láidir a bhí ann. Bhí sé ina luí sa gcoirnéal le fada an lá agus é caite ansin i measc an bhruscair. Bhí an chuma ar chuile shórt sa gcarn sin gur don scipe a bhí sé.
Tharraing muid síos go dtí an loch é, an áit a mbíodh an tine chnámh á lasadh chuile bhliain, agus chaith muid ar an tine é. Thóg sé tamall é a lasadh ach rug an tine air sa deireadh agus thosaigh na lasracha ag damhsa trasna air.
Níor chuimhnigh mé arís air go dtí níos deireanaí sa tráthnóna nuair a tháinig m’athair anuas chugainn le breathnú ar an tine. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an amharc a thug sé orainn nuair a chonaic sé an doras ag dó ar an tine. Ba lena mháthair an cófra, cé nach raibh a fhios againne é sin agus is dóigh go raibh sé ar intinn aige caoi a chur air lá breá éigin.
Ní raibh a fhios againn é. “Thar aon rud eile,” a duirt sé, “cén fáth gur thóg sibh é sin?”
Goilleann sé orm aon uair a chuimhním air agus tagann sé isteach i m’intinn chuile bhliain ag an am seo. Is dóigh anois nuair a chuimhním ar thine chnámh go gcuimhním ar an lá sin freisin. Téann an dá rud le chéile.
Níl a fhios agam. Ní raibh aon chomhartha ar an gcófra, ní raibh sé leagtha i leataobh leis féin, bhí sé ina luí ansin i measc na rudaí eile agus bhí muid ina ngasúir.
Ach dá mbeadh a fhios againn go raibh sé tábhachtach ní bheadh sé déanta againn ar ndóigh. Bhí sé beagnach dóite faoin am go bhfaca sé é. Is fánach an rud a fhanann leat i do chroí is nach féidir dul siar air, cé go ndéanfá sin dá mbeadh tú in ann.
***
Chuile dhuine róshean do na campaí samhraidh
Is í an fhadhb atá i mbliana ann ná go bhfuil chuile dhuine róshean. Do champaí samhraidh, atá i gceist agam.
Na campaí ealaíon, an Cúl Camp, campa drámaíochta, campa Lego…
Na campaí sin nach bhfuil tú baileach cinnte céard a bheidh á dhéanamh acu ach go dtiocfaidh siad abhaile tráthnóna agus iad réidh le titim isteach sa leaba le tuirse.
D’aon léim amháin, tá siad imithe den sceideal. Níl aon suim ag éinne iontu níos mó, é sin nó tá siad róshean agus ní fheileann siad dóibh.
Tá siad róshean don CúlCamp ach ró-óg le dul ag glanadh simléar nó ag péinteáil tithe. De réir dlí ar aon nós.
Cén dochar iad a chur ag líonadh seilfeanna nó ag síneadh amach málaí sceallóg ar thaobh an bhóthair ar feadh an tsamhraidh?
Bhí mé ag caint le bean an lá cheana a dúirt liom gur thosaigh sise jab samhraidh ar veain sceallóg nuair a bhí sí ceithre bliana déag d’aois agus gur chaith sí chuile shamhradh ina dhiaidh sin ag dul ó áit go háit ag obair ar an veain nó go ndearna sí an Ardteist.
“Nuair a chuimhním anois air, níl a fhios agam céard a bhí ina n-intinn ag mo mhuintir! Bhíodh mé imithe ar feadh an tsamhraidh ag codladh sa veain agus chuile shórt. Ara ní dhearna sé dochar ar bith dom,” a dúirt sí.
Déarfainn go raibh sé sin sách coitianta ag an am. Sa lá atá inniu ann, tá muid uilig inár dtuismitheoirí ‘héileacaptair’ le hais tuismitheoirí na 1980idí agus 90idí.
Chuirtí áit ar bith thú ach thú a bheith coinnithe ‘busy’ agus amach as an mbealach. B’fhéidir gur mba mhaith an rud é, níl a fhios agam. Mhúin sé neamhspleáchas duit ar aon chaoi, murar mhúin sé tada eile duit.
Só tá muid ag imeacht linn go fánach ó lá go lá ag fanacht le splanc inspioráide. Bím ag cuimhneamh gur cheart dom plean a dhéanamh, liosta a phriontáil amach, dathchódú a dhéanamh air. Ach, feicim na marcóirí aibhsithe agus buaileann ciall mé.
Tugann siad an gadhar ag siúl, déanaim breabaireacht orthu le cuid den ghlanadh a dhéanamh sa teach, téann muid ag snámh. Agus b’fhéidir gur leor sin. B’fhéidir nár chóir go líonfaí an samhradh suas ach gur cheart é a fhágáil mar atá, laethanta fada amach romhat ar do mhian agus cead do chinn agat.
***
Ag breathnú ar…
The Residence
Dúrún dúnmharaithe grinn é The Residence atá suite sa Teach Bán, áit a bhfuil an bleachtaire Cordelia Cupp, ag fiosrú dúnmharú a tharlaíonn i rith dinnéar stáit. Fág an bealach anois, a Phoirot, tá Cordelia ag breith sna sála ort. Clár éadrom, barrúil, taitneamhach, cé go bhfuil sé beagán mall in áiteanna. Is í Uzo Aduba atá i bpáirt an bhleachtaire, réalta an chláir. Ar fáil ar Netflix.
Fág freagra ar 'Na ‘faoileáin’ dhaonna féin ag faoileáil is ag fógairt laethanta fada an tsamhraidh'