FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Níl aon leisce orm an leabhar Gaeilge seo a mholadh, cé nach bhfuil sé léite agam fós!

Sa mhír nua seo moltar leabhair ar son do leasa is d’aimhleasa agus sinn faoi ghlas ag an ngalar

FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Níl aon leisce orm an leabhar Gaeilge seo a mholadh, cé nach bhfuil sé léite agam fós!

Is mímhaiseach an bhail orm, go deimhin, is mímhacánta an teist orm an leabhar seo a mholadh, ní áirím é a lua.

Sin de thoisc, nach bhfuil sé léite agam – fós!

Nil léite agam, mar dhún an domhan síos, agus níos measa, na siopaí leabhar sara raibh caoi agam mo chrág a chur im phóca agus é a cheannach.

Bíonn fógra ar imeall an scáileáin seo go minic ag tabhairt le fios go bhfuil ar fáil, ach bhí sin ródhéanach domsa.

Mar sin féin, ní ag dul sa tseans atá mé, in aon chor ná ar chor ar bith. Is é an leabhar atá sa treis agam Bealach na Spáinneach le Liam Mac Cóil, an tríú saothar ina thríológ (más tríológ í, seachas ‘ceathairéad’, nó ‘cúigréad’) a thosnaigh le An Litir, (2012) agus ar leanadh de le I dTír Strainséartha (2014).

Úrscéalta stairiúla iad atá suite in Éirinn 1612 agus arb é Lúcás Ó Briain a laoch. Is mac léinn é i gColáiste na Luínseach i nGaillimh tamall gairid tar éis ‘imeacht na nIarlaí’ agus roghnaíonn sé mar dhualgas air féin litir rúnda a sheachadadh d’Aodh Mór Ó Néill sa Róimh. Eachtraí Lúcáis agus dálaí na litreach is ábhar do na leabhair seo. Cé go ndúirt mé gurb úrscéalta stairiúla iad seo, is cúng mar a cheanglaíonn lipéad ar bith fairsinge a réime. Óir is scéalta eachtraíochta iad, leis, agus más ceadmhach é a rá, scéalta spiaireachta agus brathadóireachta. An té ar mian leis an stair, gheobhaidh sé a sháith, go háirithe maidir le hatmaisféar de. Tá an cur síos ar chathair na Gaillimhe i dtús an 17ú haois in An Litir chomh beo agus chomh réalaithe sin go samhlaím gurb sa linn sin atáim agus mé ag siúl síos trí Shráid na Siopaí (an tsráid a bhfuil an t-ainm is mó samhlaíocht in Éirinn air, mar a déarfá), nó sráid ar bith eile i gceartlár na cathrach.

Más eachtraíocht atá uait, gheobhaidh tú níos mó fós.

Tá an phionsóireacht chomh healaíonta le rud ar bith a chleacht D’Artagnan riamh, nó a d’fheicfeá in scannán ar nós Rob Roy.

Braitheann tú ar Liam Mac Cóil i gcónaí go bhfuil gach abairt tomhaiste, measta agus meáite aige. Tuigeann tú gur ceardaí focal atá ann ar gach a scríobhann sé. Sin é a fhágann gur pléisiúr i gcónaí é a léamh.

Dá bhrí sin, níl tuairim agam an éiríonn leis an laoch an litir a sheachadadh go slán sleamhain ar deireadh.

Níl tuairim agam cad a tharla do Lúcás.

Níl tuairim agam cad iad na heachtraí spleodracha eile atá romhainn sna 600 leathanach atá in Bealach na Spáinneach.

Ach táim ag coinne leo go mór.

Fág freagra ar 'FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Níl aon leisce orm an leabhar Gaeilge seo a mholadh, cé nach bhfuil sé léite agam fós!'