Nár dheas an oidhreacht í ar an tréimhse seo córas sláinte éifeachtach do mhuintir na tíre?

Tá sé mar aidhm ag Sláintecare a chinntiú go mbeidh córas sláinte uilíoch ar fáil, mar atá geallta ag Fianna Fáil agus Fine Gael ina gcáipéis nua

Nár dheas an oidhreacht í ar an tréimhse seo córas sláinte éifeachtach do mhuintir na tíre?

Tá sé curtha faoi ndeara ag an víreas seo do na polaiteoirí Sláintecare a chur i bhfeidhm dá mbuíochas.

Ar chloisteáil na tráchtaireachta sin an lá cheana nuair a d’fhógair an rialtas go raibh socrú déanta acu leis na hospidéil phríobháideacha lena gcuid áiseanna a chur ar fáil le linn na géarchéime reatha, rith sé liom – meas tú an bhféadfadh a leithéid tarlú?

An bhféadfadh go ndéanfaí leasuithe ar an tseirbhís sláinte a bheadh bunaithe ar an mbealach a bhfuil an córas ag feidhmiú na laethanta seo seachas na leasuithe a fhágáil faoi na polaiteoirí?

Cén chuma, dá réir, a fhágfaidh na beartais atá á gcur i bhfeidhm faoi láthair ar an gcóras sláinte agus an féidir a bheith ag súil ach a dtiocfaidh muid slán, le cúnamh Dé, ón víreas corónach go mbeidh múnla nua i bhfeidhm sa gcóras sláinte? Ar ndóigh tá cúram sláinte do chách geallta ag Fianna Fáil agus Fine Gael ina gcomhpholasaí nua, ach sin scéal do lá éigin eile.

Tá an baol ann i gcónaí go bhfillfear ar na seandeacrachtaí mar a bhí. Liostaí feithimh, easpa foirne, róchaiteachas agus polaiteoirí ag troid eatarthu féin faoi cé acu ab fhearr le dul i ngleic leis an scéal.

Plean deich mbliana atá i Sláintecare. Cuireadh an plean le chéile mar thoradh ar obair a rinne Coiste Oireachtais traspháirtí faoi thodhchaí an chórais sláinte a bunaíodh tar éis an olltoghcháin in 2016. Reáchtáladh os cionn deich gcinn fhichead d’éisteachtaí poiblí mar chuid den phróiseas agus bhí foireann acadúil as Coláiste na Tríonóide ag tacú le hobair an choiste. Foilsíodh tuarascáil an choiste i mí Bealtaine 2017.

Tá sé mar aidhm ag Sláintecare a chinntiú go mbeidh córas sláinte uilíoch ar fáil, mar atá geallta ag Fianna Fáil agus Fine Gael ina gcáipéis nua.

Murab ionann agus an cháipéis sin, bhí an costas a bhainfeadh lena chur i bhfeidhm luaite leis an bplean sa tuarascáil.

Go bunúsach, iarracht a bhí ann a chinntiú nach dtiocfadh an pholaitíocht sa mbealach ar leasú agus athrú an chórais sláinte. Bheadh sé aontaithe ag na polaiteoirí ar fad agus dá réir ní fhéadfaí, mar atá tarlaithe go minic cheana, leasuithe a bhí á ndéanamh a chur ar neamhní ar mhaithe le polasaí páirtí eile a chur i bhfeidhm.

Faraor, tá moill cheana féin ar chur i bhfeidhm Sláintecare.

Moladh sa tuarascáil go mbeadh cur i bhfeidhm an pholasaí faoi scáth Roinn an Taoisigh.

Chinn an rialtas é a lonnú sa Roinn Sláinte. Thóg sé go dtí mí an Mheithimh anuraidh straitéis do chur i bhfeidhm an pholasaí a fhoilsiú.

Idir an dá linn, tá na fadhbanna, na deacrachtaí agus na costais sa gcóras ag leanacht ar aghaidh. Cuireadh os cionn €21 billiún ar an méid atá á chaitheamh leis an Roinn Sláinte.

Níl comhaireamh ar bith ar airgead anois sa gcóras ná ag leibhéal rialtais agus ní nach ionadh.

Tá na liostaí feithimh laghdaithe ar fad. Tá na córais idir phoiblí agus phríobháideach ag obair as lámh a chéile.

Tá na foirne ag obair le chéile agus dá chéile ar mhaithe leis an víreas seo a dhíbirt. An féidir teacht i dtír air seo nuair a bheidh an ghéarchéim thart?

An féidir tathant ar pholaiteoirí – pé meascán acu a bheidh sa rialtas nua – leasú ceart ar an gcóras sláinte a chur chun tosaigh acu mar chomhartha buíochais do na foirne leighis agus an pobal trí chéile as éachtaí na tréimhse seo?

Nár dheas an oidhreacht í ar thréimhse seo Covid-19 córas sláinte éifeachtach do mhuintir na tíre?

Fág freagra ar 'Nár dheas an oidhreacht í ar an tréimhse seo córas sláinte éifeachtach do mhuintir na tíre?'