Beirt oibrithe sláinte i gCill Chainnigh básaithe de bharr Covid-19

584 duine atá básaithe in Éirinn de thoradh na paindéime domhanda faoin tráth seo, 444 duine ó dheas den teorainn agus 140 duine ó thuaidh di

Beirt oibrithe sláinte i gCill Chainnigh básaithe de bharr Covid-19

Tá beirt oibrithe sláinte i gCill Chainnigh básaithe de bharr Covid-19.

Bean a bhí ina caogaidí agus fear a bhí sna daichidí a bhí i gceist agus tuairiscítear gur buaileadh tinn an bheirt acu fad is a bhí siad ag obair in Ospidéal Naomh Lúcáis.

Ball d’fhoireann tí an ospidéil a bhí sa bhean, a bhásaigh san ospidéal inné.

Ag baile Dé Máirt a bhásaigh an fear arbh chúntóir cúraim sláinte é.

Dúradh i ráiteas ó Ghrúpa Ospidéal Oirthear na hÉireann gur “údar mór bróin” a bhí i mbás na beirte.

584 duine atá básaithe in Éirinn de thoradh na paindéime domhanda faoin tráth seo, 444 duine ó dheas den teorainn agus 140 duine ó thuaidh di.

Tuairiscíodh tráthnóna inné go raibh 38 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe ó dheas, duine a bhí 23 bliain d’aois ina measc.

San oirthear a bhí 29 de na daoine is déanaí a bhásaigh, bhí seisear san iarthar agus i ndeisceart na tíre a bhí an triúr eile.

16 ban agus 22 fear a bhí i gceist agus an aois mheánach a bhí acu ná 84.

Bhí fadhbanna sláinte eile ag 28 acu.

Tuairiscíodh chomh maith gur bhain 65% nó 290 den 444 cás ina bhfuair daoine bás ó dheas go dtí seo le tithe altranais agus le hionaid chónaithe agus ionaid chúraim eile.

Tithe altranais a bhí i gceist le 245 de na cásanna sin.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, Tony Holohan, gur “údar imní” i gcónaí cás na dtithe altranais agus na n-ionad cónaithe ach go raibh dul chun cinn á dhéanamh maidir le cosc a chur ar scaipeadh an ghalair sna hionaid sin. Bhí líon na dtástálacha dearfacha mórán mar a chéile, a dúirt sé.

Nuair a fiafraíodh de faoin gcomhairle a tugadh go luath sa ráig a cheadaigh do chuairteoirí cuairt a thabhairt ar thithe altranais, dúirt an Dr Holohan gurbh amhlaidh nach rabhthas ag iarraidh beartas “tábhachtach” a thabhairt isteach róluath nó é a bheith i bhfeidhm níos faide ná mar ba ghá.

1,068 cás nua a deimhníodh ó dheas, rud a fhágann go bhfuil 14,635 cás anois in Éirinn, 12,547 ó dheas agus 2,088 ó thuaidh.

Dúirt Dr Tony Holohan gur dócha gurb é an méadú ar líon na dtástálacha atá á ndéanamh is mó is cúis leis an ardú ar líon na gcásanna nua seachas aon mhéadú ar ráta scaipthe an ghalair.

Maidir le cuid de na hionaid tástála a bheith díomhaoin, dúirt sé go bhféadfadh go ndéanfaí na critéir chun tástáil a fháil a dhéanamh níos boige an tseachtain seo chugainn.

Den 1,068 cás nua ó dheas, bhain 657 acu le samplaí ó shaotharlanna na hÉireann agus bhain an 411 cás eile le samplaí a cuireadh chun na Gearmáine.

De réir an eolais is déanaí ó dheas, eolas a bhain leis an 11,261 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Luain seo caite, an 13 Aibreán:

  • Fir a bhí i gceist le 45% de na cásanna agus mná iad 54%
  • 413 braisle cásanna a bhí i gceist ar bhain 2,244 cás leo san iomlán
  • An aois mheánach a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 1,968 duine, 18%
  • As na daoine sin, cuireadh 280 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 2,872 cás
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 5,850 cás, nó 52%, agus bhí Corcaigh sa dara háit, le 829 cás, nó 7%
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 52% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 42% agus taisteal thar lear ba chúis le 6%

Fógraíodh inné go raibh seisear eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart.

Dheimhnigh Céad-Aire agus LeasChéad-Aire Fheidhmeannas Stormont, Arlene Foster agus Michelle O’Neill, go raibh síneadh trí seachtaine eile á chur leis na srianta Covid-19 sa Tuaisceart.

Tá os cionn dhá mhilliún cás den choróinvíreas deimhnithe sa domhan faoin tráth seo.

De réir an áirimh atá á dhéanamh ag Ollscoil Johns Hopkins ar líon na gcásanna de Covid-19 ar fud an domhain, baineadh an chloch mhíle sin amach tráthnóna. Tá nach mór 35,000 duine curtha den saol ag an ngalar.

Is i Meiriceá is mó atá cásanna den choróinvíreas deimhnithe agus nach mór 640,000 cás ansin.

Meiriceá, an Iodáil agus an Spáinn na tíortha is measa atá buailte maidir le líon na mbásanna de thoradh na paindéime. An Fhrainc gus an Ríocht Aontaithe na háiteanna eile is measa atá buailte, de réir na bhfigiúirí is déanaí.

Fág freagra ar 'Beirt oibrithe sláinte i gCill Chainnigh básaithe de bharr Covid-19'