Na Gaeil a d’imigh ar shlí na fírinne in 2022…

Bhí an dealbhóir Cliodhna Cussen agus na scríbhneoirí Feargal Ó Béarra agus Tomás Mac Síomóin i measc na mórGhael a d’imigh ar shlí na fírinne in 2022. Mí Eanáir a bhásaigh Tadhg Ó hÉalaithe, arb as Corcaigh ó dhúchas dó, a bhí ina ardrúnaí ar an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta. Bhí baint mhór aige […]

Na Gaeil a d’imigh ar shlí na fírinne in 2022…

Bhí an dealbhóir Cliodhna Cussen agus na scríbhneoirí Feargal Ó Béarra agus Tomás Mac Síomóin i measc na mórGhael a d’imigh ar shlí na fírinne in 2022.

Mí Eanáir a bhásaigh Tadhg Ó hÉalaithe, arb as Corcaigh ó dhúchas dó, a bhí ina ardrúnaí ar an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta. Bhí baint mhór aige le cuid de na beartais ba mhó i saol na teanga ag deireadh an chéid seo caite, Teilifís na Gaeilge ina measc.

Bhí Tadhg an-dílis don Ghaeilge agus an-tuiscint aige ar an nGaeltacht. Ba é a chinn duine a chur ag obair go lánaimseartha ar bhille teanga agus as sin tháinig Acht na dTeangacha chugainn.

Bhásaigh an scríbhneoir, smaointeoir agus sóisialach aitheanta Tomás Mac Síomóin san earrach agus é 83 bliain d’aois.

Bhí Tomás ina eagarthóir ar an nuachtán Anois agus ar an iris Comhar. File, úrscéalaí agus gearrscéalaí gradamúil ab ea é a raibh cur chuige sainiúil aige agus a threabh a ghort féin beag beann ar fhaisin na linne.

Ba as Baile Átha Cliath é ach bhí sé ag cur faoi in Barcelona le breis is 20 bliain.

Fear ildánach ab ea Tomás a raibh PHD sa bhitheolaíocht aige ó Ollscoil Cornell i Nua-Eabhrac. Thug sé tréimhsí ag obair mar léachtóir agus mar thaighdeoir eolaíochta. Scríobh sé aistí, filíocht agus prós. Aistritheoir ab ea é chomh maith agus chuir sé Gaeilge ar shaothair filíochta agus phróis Spáinnise agus Catalóinise.

Chuir sé féin agus Douglas Sealy Béarla ar dhánta Mháirtín Uí Dhireáin don chnuasach Selected poems/Tacar dánta (1984).

Aistríodh saothair le Mac Síomóin féin go teangacha éagsúla, ina measc na Béarla, an Spáinnis agus an Chatalóinis.

Ar chuid dá shaothar tá Scian (1991), Cré agus Cláirseach (1983), Codarsnaí (1981) agus Damhna agus Dánta eile (1974).

I nGort an Choirce a bhásaigh Máirtín Mac Con Iomaire iar-Gharda Gaeltachta agus údar an leabhair Breaking the Silence a phléigh le scannal mí-úsáid ghnéis i nDún na nGall.

Ba as Doire an Fhéich i gCasla i nGaeltacht Chonamara do Mháirtín Mac Con Iomaire a chuaigh go Dún na nGall ina Gharda.

Cuimhneofar ar an mbleachtaire Garda mar gheall ar a ról i nochtadh na fírinne faoi chásanna mí-úsáid ghnéis i ndeoise Ráth Bhoth, cásanna ar deineadh iarracht iad a cheilt ach inar cúisíodh beirt phéidifileach sa deireadh, an tAthair Eugene Greene agus an múinteoir Denis McGinley. An tseachtain chéanna bhásaigh deartháir Mháirtín, Micheál a chaith blianta ina phríomhoide i Scoil Náisiúnta Ros an Mhíl i gConamara.

Bhásaigh John A Murphy, an Gael agus an staraí as Maigh Chromtha, mí an Mhárta in aois a 95 bliain. Ní mar fhear ollscoile amháin a thuill an staraí an aithne mhór a bhí air. Chaith sé dhá thréimhse cúig bliana ina sheanadóir neamhspleách ar phainéal Ollscoil na hÉireann agus ní bhíodh sé ar chúl scéithe agus a dhearcadh ar cheisteanna móra na linne á chur in iúl aige.

Mac peileadóra de chuid Chorcaí, bhí spéis ag John A sa nGaeilge, sa spórt, agus i gcultúr na tíre seo.

Amhránaí breá a bhí ann a bhí ar a chompord in aon chomhluadar ina raibh daoine ag gabháil fhoinn agus bhí sé féin an-mhórálach as an nguth aoibhinn a bhí aige. Is maith na cuimhní atá ag lucht Chumann Merriman ar amhránaíocht agus ar chainteanna an Ollaimh agus ba é an staraí a bhíodh ar a chompord sa gcomhluadar Gaelach sin.

Bhí an-tóir ag John A ar Dhún Chaoin agus é féin agus Seán Ó Ríordáin an-mhór lena chéile go dtí gur easaontaigh siad faoin aighneas ó thuaidh.

D’imigh an t-amhránaí agus an fliúiteadóir Séamus Mac Mathúna ar shlí na fírinne sa Mhárta. I gCuar an Chláir in iarthar chontae na Chláir a rugadh Séamus agus d’fhág ceoltóirí is fonnadóirí den scoth an cheantair agus an chontae sin a lorg air féin agus a chuid ceoil. Bhog sé go Baile Átha Cliath sna 1970idí nuair a fuair sé post mar Thimire Ceoil le Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus chónaigh lena chlann i mBaile an Teampaill. Bhí aithne ag Séamus ar mhórcheoltóirí is fonnadóirí na tíre seo chomh maith leosan a bhí thar sáile agus é gníomhach le turais cheoil an Chomhaltais.

I gCape Town na hAfraice Theas a bhásaigh an sagart, Pádraic Steve Ó Neachtain, sagart in ord na Siléiseach as an gCré Dhubh sa Spidéal i nGaeltacht Chonamara. Chaith Pádraic Steve a shaol ag obair san Afraic Theas, tír ar thug sé a aghaidh ar dtús uirthi agus gan é ach 19 bliain d’aois.

Bhí misneach agus teacht aniar faoi leith ag teastáil uaidh le seasamh ar son an chirt agus ar a son siúd a bhí faoi chois san Afraic Theas ag an am sin agus an ciníochas, an chinedheighilt agus an éagóir a lean iad i bhfeidhm sa tír.

Ba mhinic an tAthair Pádraic ar Raidió na Gaeltachta agus léamh stuama soiléir aige ar pholaitíocht, ar dhúshláin agus ar spiorad an phobail ina thír nua. An lá a ndearnadh Uachtarán de Mandela, ba é Pádraic a bhí rímeádach ag cur síos air do phobal an raidió.

Sa mBealtaine a d’imigh an sár-amhránaí, an seanchaí agus an t-ealaíontóir ildánach Seán Garvey as Cathair Saidhbhín uainn. Is beag duine dár chuala é i mbun ‘The Boys of Barr na Sráide’ nár ardaigh sé a chroí.

Bhí amhráin Bhéarla agus Ghaeilge ar a thoil ag Seán agus sheinneadh sé an giotár, an basúcaí, an fheadóg stáin, an fheadóg mhór agus orgán béil chomh maith.

Bhí Seán Seosamh Ó Conchubhair, an cainteoir dílis Gaeilge ar dhuine de chosantóirí móra an Ghaeloideachais in Éirinn.

Tá cuimhní geanúla ag pobal Chill Mhaoile a dhúchais agus pobal Thrá Lí, mar ar shocraigh sé síos, ar Sheán Seosamh Ó Conchubhair.

Bhí Seán Seosamh ina cheann feadhna ar an obair a bhain le Gaelscoil Mhic Easmainn i dTrá Lí a bhunú sna 1970idí. Ba é freisin an duine deireanach de Choiste Cuimhneacháin Ruairí Mhic Easmainn 1966, an coiste a chinntigh gur tógadh an leacht cáiliúil do Mhac Easmainn ag Trá na Beannaí.

Ba í Gaelscoil Mhic Easmainn, an chéad ghaelscoil nua a bunaíodh taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, toradh a shaothair.

D’imigh uainn i mí Lúnasa freisin an dealbhóir, ealaíontóir agus údar Gaeilge aitheanta, Cliodhna Cussen.

Saolaíodh Cliodhna sa Chaisleán Nua in iarthar Luimnigh sa bhliain 1932.

Tá Cliodhna áirithe ar dhuine de shárdhealbhóirí na hÉireann agus tá a saothar le feiceáil in áiteanna poiblí go leor sa tír seo. Ar na saothair is cáiliúla léi, tá an dealbh de Naomh Pádraig ar Mhám Éan i gConamara, an dealbh Steine nó ‘An Chloch Fhada’ atá lonnaithe san áit a dtagann Sráid na Phiarsaigh agus Sráid an Choláiste le chéile, an dealbh ‘Who Made The World’ i nDroichead na Dothra agus an Gallán Gréine ar an mBaile Gaelach.

Údar agus file ab ea Cliodhna chomh maith. I measc na saothar léi tá Soraidh Slán (1993) agus Ar Dheisiúr na Gréine (2006) a bhuaigh duaiseanna Oireachtais. 

Athinsint ar imeachtaí as Leabhar Gabhála a bhí i Teacht na nGael go hÉirinn (1995) agus saol Eibhlín Dubh Ní Chonaill a bhí faoi chaibidil aici in An Eochair (2014).

Bhásaigh Aonghus Ó Dubháin as an gCeathrú Rua go tubaisteach de bharr gortuithe i dtimpiste bhóthair i mí Mheán Fómhair.

Peileadóir cumasach ab ea Aonghus agus chuir Cumann Peile na Ceathrún Rua a n-ómós don fhear óg in iúl ag a shochraid.

Duine lách, gnaíúil, Gaelach ab ea Aonghus a raibh gean ag chuile dhuine air. D’imir Aonghus rugbaí le foireann Scoil Chuimsitheach Chiaráin, foireann a bhuaigh Craobh Chonnacht den chéad uair riamh in 2019.

Bhásaigh an peileadóir Brian Mullins i mbliana tar éis tamall gearr breoiteachta. D’imir Brian Mullins a chuid peile le Club Naomh Uinsionn sa bpríomhchathair agus le foireann cháiliúil Bhaile Átha Cliath ó 1974-1985 agus thug leis ceithre bhonn Craobh na hÉireann. Chaith sé seal ina bhainisteoir ar Bhaile Átha Cliath agus ar Dhoire. Bhí Brian ina phríomhoide ar Phobalscoil Charn Domhnach in Inis Eoghain ó 1991-2000 sular ghlac sé post stiúrtha spóirt sa Choláiste Ollscoile, Baile Áth Cliath. 

 Mí Deireadh Fómhair a fógraíodh bás tobann an cheoltóra Noel Ó Dúgáin. Bhí sé 73 bliain d’aois.

Ba é Noel Ó Dúgáin a bhunaigh Clannad i nGaoth Dobhair i 1970 in éineacht lena leathchúpla Pádraig, arbh uncailí iad do muintir Bhraonáin, a bhí leo sa bhanna. Tá gradaim Grammy, BAFTA agus Ivor Novello i measc na nduaiseanna atá buaite ag an ngrúpa ó shin agus os cionn 15 milliún albam díolta ag Clannad ar fud an domhain.

Rugadh agus tógadh Noel i nGaeltacht Ghaoth Dobhair agus bhí sé féin agus Pádraig ar an mbeirt ab óige den seisear clainne a bhí ag Aodh agus Máire Duggan.

Tháinig Clannad le chéile ar dtús sna seachtóidí nuair a bhíodh siad ag seinm i dTábhairne Leo, an teach tábhairne cáiliúil a bhí ag athair mhuintir Bhraonáin, Leo Ó Braonáin, i nGaoth Dobhair.

Bhí Feargal Ó Béarra a bhásigh níos túisce an mhí seo ar dhuine de mhórscríbhneoirí is mórscoláirí na Gaeilge agus creidtear an t-athchóiriú a rinne sé ar sheanchas na nGael sa dá leabhar Mé Suibhne agus An Tromdhámh a bheith ar mhóshaothair na mílaoise seo. Is fada fairsing an taighde agus an saothar a tharraing Feargal chuige féin – Naomh Éinne, Máirtín Ó Cadhain, Táin Bó Cuailgne, An Caighdeán Oifigiúil agus féiniúlacht na nGael. Teagascóir, aistritheoir, ceoltóir, cumadóir, scríbhneoir agus Gael soilíosach léannta ab ea Feargal a d’fhág a lorg ar gach saothar dár leag sé a lámh air agus ar gach duine a raibh aithne acu air.

Gaeil eile ar lár

Bríd Úna Ní Mhaoileoin, Baile an Fheirtéaraigh, iar-phríomhoide ar Ghaelscoil Charraig Uí Leighin a bhásaigh mí Eanáir

Bríd Uí Ógáin as Cluain Dolcáin a fuair bás mí Eanáir

Jim Fahy – Craoltóir le RTÉ as Tuaim a bhásaigh mí Eanáir

Beti Uí Bhaoill as an Teach Mór in Indreabhán a fuair bás mí Feabhra

Éabha Rosenstock, Gleann na gCaorach, Co Bhaile Átha Cliath a bhásaigh mí Márta

Darryl Broe – Corca Dhuibhne a bhásaigh mí Meitheamh

Liam Cahill – Iriseoir, comhairleoir polaitíochta, a bhásaigh mí Meitheamh i nDroim Rí, Co na Mí

An Dr Ruairí Ó Bléine Údar agus dochtúir teaghlaigh, Ard Mhic Nasca, Co an Dúin, a bhásaigh mí Iúil

Joan Uí Scanláin, An Ghráig, Baile an Fheirtéaraigh, Corca Dhuibhne a d’éag mí Lúnasa

Donncha Mac Niallais – Conradh na Gaeilge, Doire a bhásaigh mí Mheán Fómhair

Uinsionn Ó Gairbhí – Baile Ghib agus Corca Dhuibhne a bhásaigh mí Deireadh Fómhair

An tAthair Cathal Ó Gallchóir – Minnesota agus Gaoth Dobhair a bhásaigh mí Deireadh Fómhair

Máirín Seoighe – Scannánóir, as Fionnaithe agus Cnoc na Cathrach a bhásaigh mí Deireadh Fómhair

 

Fág freagra ar 'Na Gaeil a d’imigh ar shlí na fírinne in 2022…'