Seán Seosamh Ó Conchubhair, duine de chosantóirí móra an Ghaeloideachais, ar shlí na fírinne

Cuimhní geanúla atá ag pobal Chill Mhaoile a dhúchais agus pobal Thrá Lí, mar ar shocraigh sé síos, ar Sheán Seosamh Ó Conchubhair an tseachtain seo

Seán Seosamh Ó Conchubhair, duine de chosantóirí móra an Ghaeloideachais, ar shlí na fírinne

Tá Seán Seosamh Ó Conchubhair, cainteoir dílis Gaeilge agus duine de chosantóirí móra an Ghaeloideachais in Éirinn, tar éis bháis.

Cuimhní geanúla atá ag pobal Chill Mhaoile a dhúchais agus pobal Thrá Lí, mar ar shocraigh sé síos, ar Sheán Seosamh Ó Conchubhair an tseachtain seo.

Fear ab ea é a dhein a sheacht ndícheall chomh maith ionas nach ndéanfaí dearmad ar an mbaint a bhí ag Ciarraí le hÉirí Amach na Cásca i 1916.

Bhí Seán Seosamh ina cheann feadhna ar an obair a bhain le Gaelscoil Mhic Easmainn i dTrá Lí a bhunú sna 1970idí. Ba é freisin an duine deireanach de Choiste Cuimhneacháin Ruairí Mhic Easmainn 1966, an coiste a chinntigh gur tógadh an leacht cáiliúil do Mhac Easmainn ag Trá na Beannaí.

A chuid scolaíochta i Scoil na mBráithre Críostaí a thug Seán Seosamh go Trá Lí ar dtús. Chruthaigh sé go maith ansin mar scoláire agus é amuigh air go raibh bua na dteangacha agus na matamaitice araon aige. Bhí scoth na Gaeilge ag Seán Seosamh ar fhágáil na meánscoile dó, buachaill a rugadh agus a fuair a chuid scolaíochta sa nGalltacht.

“Ann féin a bhí an díocas sin chun na Gaeilge, bhí grá riamh aige don teanga,” a dúirt a iníon Aoife i nuachtán The Kerryman an tseachtain seo.

“Agus é ag fás aníos ba mhór aige gur duine gaoil dá chuid a bhí sa bhfile cáiliúil Seán Ó Braonáin (1784-1843) as Cill Mhaoile agus bhí mioneolas aige ar a shinsir a mhair sa gceantar sin.”

Ba mhaith a d’oir a cháiréis agus a chumas uimhríochta dó ina cuid oibre mar chléireach i monarcha próiseála feola CWS i dTrá Lí agus ina dhiaidh sin le comhlacht Denny’s, a bhí an tráth sin ar cheann de na comhlachtaí ba mhó sa tír.

Le linn dó a bheith ag obair le CWS a bhuail sé lena bhean gheanúil Dawn (Guinness roimh phósadh di) agus phósadar ar an 30 Nollaig 1967.  Thógadar a gceathrar clainne i bPáirc na Darach – Brian, Ruairí, Fiona and Aoife.

Ba é a chara, an file agus iar-uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, Pádraig Mac Fhearghusa a mheall Seán Seosamh chuig an bhfeachtas ar son na Gaelscoile.

Ba í toradh a saothair, Gaelscoil Mhic Easmainn, an chéad ghaelscoil nua a bunaíodh taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Bhí an-rath go deo ar an scoil, rath a chuir borradh faoin oideachas lánGhaeilge.

“I Halla na Modhach a bhí an scoil lonnaithe ar dtús agus chaith Seán Seosamh deirí seachtaine ag obair gan stad don scoil, fiú ag lascadh tairní le crúcaí cótaí a chur ar fáil. Ba mhór é a bhród as an rath a bhí ar an scoil ina dhiaidh sin, go háirithe nuair a chonaic sé an síneadh breá nua a cuireadh le Gaelscoil Mhic Easmainn,” a dúirt a iníon Aoife.

In 2016 a tharla ócáid eile a raibh sé iontach bródúil aisti – comóradh céad bliain ar theacht i dtír Ruairí Mhic Easmainn ar Thrá na Beannaí. An lá sin labhair an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn leis an slua agus é ina sheasamh in aice le dealbh Mhic Easmainn, an dealbh a raibh baint mhór ag an gConchubhrach lena chur ansin in 1966.

“Tá go leor ag iarraidh an gníomh sin a cheiliúradh anois ach scéal eile a bhí ann sna 1960idí. D’éirigh le m’athair muintir na háite a thabhairt leis, d’ainneoin nach raibh gach duine ar aon intinn ag an am, agus is maith a thuig sé an méid a bhí fós á fhulaingt ag teaghlaigh de bharr ar tharla ag an triail a cuireadh ar Casement san Old Bailey, áit arbh éigean dá ndaoine muinteartha fianaise a thabhairt. Ní dhéanfadh m’athair aon bhlas go deo a ghortódh tuilleadh aon duine acu,” a dúirt a iníon, Aoife.

Ba mhór aige i gcónaí riamh a bhaile dúchais, Cill Mhaoile agus an-mheas go deo aige ar thraidisiún láidir iománaíochta an cheantair. Sa bhliain 2000 d’fhoilsigh sé leabhar cuimsitheach faoin iománaíocht sa cheantar Kilmoyley to the Rescue.

Déarfar aifreann a shochraide i Séipéal Naomh Eoin ag meán lae inniu.

Fág freagra ar 'Seán Seosamh Ó Conchubhair, duine de chosantóirí móra an Ghaeloideachais, ar shlí na fírinne'