Roinn Pádraic Steve Ó Neachtain a chroí is a chumas leis an lag agus leo siúd a raibh an bhróg ag luí orthu 

Bhí misneach agus teacht aniar faoi leith ag teastáil ó dhuine a sheas ar son an chirt agus ar a son siúd a bhí faoi chois san Afraic Theas

Roinn Pádraic Steve Ó Neachtain a chroí is a chumas leis an lag agus leo siúd a raibh an bhróg ag luí orthu 

Inniu i reilig Maitland i gCape Town na hAfraice Theas. cuireadh corp Phádraic Steve Ó Neachtain, sagart in ord na Siléiseach as an gCré Dhubh sa Spidéal i nGaeltacht Chonamara.

Ní raibh an buachaill óg meabhrach ach ina luathdhéaga nuair a chuaigh sé ar an meánscoil a bhí ag ord na Siléiseach i mBaile na Cille i gContae Laoise.

Chaith Pádraic Steve a shaol ag obair san Afraic Theas, tír ar thug sé a aghaidh ar dtús uirthi agus gan é ach 19 bliain d’aois.

I 1971 a oirníodh ina shagart é i Séipéal an Chnoic i gConamara, an séipéal céanna inar léigh sé Aifreann sochraide a dhearthár Joe Steve, an scríbhneoir agus aisteoir aitheanta, ar a thuras deiridh chun na tíre seo i dtús na bliana 2020.

Bhí misneach agus teacht aniar faoi leith ag teastáil ó dhuine a sheas ar son an chirt agus ar a son siúd a bhí faoi chois san Afraic Theas ag an am sin agus an ciníochas, an chinedheighilt agus an éagóir a lean iad i bhfeidhm sa tír. Mar ba dual don fhear a lean teagasc Eoin Boscó ba leis an lag agus leo siúd a raibh an bhróg ag luí orthu a roinn Pádraic Steve a chroí agus a chumas.

Ba mhinic an tAthair Pádraic ar Raidió na Gaeltachta agus léamh stuama soiléir aige ar pholaitíocht, ar dhúshláin agus ar spiorad an phobail ina thír nua.

Is maith is cuimhin le go leor an t-ardú croí agus an dóchas a bhí le haithint ar a ghlór agus é ag cur síos ar an lá a ndearnadh Uachtarán de Nelson Mandela i 1994 cé nach raibh sé féin ná Mandela dall ar an ród anróiteach a bhí fós roimh an tír.

Le blianta ba mhinic fear an Spidéil ag cur síos ar a chuid oibre le daoine óga a bhí ar an ngannchuid is gan dídean agus an institiúid a raibh sé ina bun ag cinntiú go mbeadh scileanna acu chun a mbeatha a shaothrú agus soláthar dóibh féin.

Meas a thaispeáint dóibh an rud ba thábhachtaí, a deireadh sé féin i gcónaí.

Fágann an tAthair Pádraic triúr deirfiúracha ina dhiaidh, Máirín, Peigín and Áine, chomh maith lena lán gaolta agus cairde in Éirinn agus san Afraic Theas.

Leaba i measc na naomh go raibh ag an duine uasal.

Fág freagra ar 'Roinn Pádraic Steve Ó Neachtain a chroí is a chumas leis an lag agus leo siúd a raibh an bhróg ag luí orthu '

  • An Teanga Bheo

    Beannacht Dé leo is iomaí laoch imithe uainn ró luath.