Tadhg Ó hÉalaithe, iar-státseirbhíseach sinsearach a raibh a chroí in obair na Gaeltachta, tar éis bháis

Bhí Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn, ar na daoine a léirigh ómós don iar-ardrúnaí ar Roinn na Gaeltachta a raibh baint mhór aige le cuid de na beartais is mó i saol na teanga ag deireadh an chéid seo caite, Teilifís na Gaeilge ina measc

Tadhg Ó hÉalaithe, iar-státseirbhíseach sinsearach a raibh a chroí in obair na Gaeltachta, tar éis bháis

Tá Tadhg Ó hÉalaithe, iar-ardrúnaí ar Roinn na Gaeltachta agus iarchathaoirleach ar Bhord Údarás na Gaeltachta, imithe ar shlí na fírinne.

Bhí sé tinn le fada.

Bhí Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn, ar na daoine a léirigh ómós don iar-státseirbhíseach sinsearach a raibh baint mhór aige le cuid de na scéalta agus de na beartais is mó i saol na teanga ag deireadh an chéid seo caite.

“Is cúis mhór bhróin atá ann dá chairde agus iarchomhghleacaithe, i ngach gné de shaol na Gaeilge agus den chultúr Gaelach, a fháil amach go bhfuil Tadhg Ó hÉalaithe imithe ar shlí na fírinne,” a dúirt an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn.

Bhí Tadhg Ó hÉalaithe, arb as Corcaigh ó dhúchas dó, ina ardrúnaí ar an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta nuair a bhí Ó hÚigínn ina aire ansin.

Mhol an tUachtarán é as a chuid tacaíochta agus a chuid ceannaireachta nuair a bhí sé ag obair leis sa roinn a bhí díreach bunaithe ag an am.

Dúirt an tUachtarán gur oibrí spreagúil a bhí ann ar éirigh leis go leor tograí oidhreachta, cultúir agus teanga a chur chun cinn, Teilifís na Gaeilge ina measc.

“Ba sheirbhíseach poiblí díograiseach agus éifeachtach é Tadhg agus bhí meas agam ar a fhís, a thiomantas, a ghreann agus a thacaíocht le linn mo thréimhse mar Aire.

“Ba mhaith liom mo chomhbhrón a chur in iúl do bhean chéile Thaidhg, Mai, dá gclann Nora, Patrick agus Mary, agus lena mhuintir go léir.”

Ar na daoine eile a rinne comhbhrón le bean agus clann Thaidhg, bhí an t-iar-aire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, a d’oibrigh leis i Roinn na Gaeltachta.

“Bhí aithne agam air ag dul i bhfad siar nuair a bhí mé i mo bhainisteoir comharchumainn agus ansin bhíomar ag obair go dlúth le chéile nuair a bhí mé mar aire stáit i Roinn na Gaeltachta ag deireadh na nóchaidí agus Tadhg ina ardrúnaí,” arsa Éamon Ó Cuív.

“Fear é a bhí thar a bheith cuiditheach agus cairdiúil agus bhí gaol an-mhaith oibre agam leis. Bhí cur chun cinn pholasaithe an Rialtais agus na n-airí go mór chun tosaigh i ngach a ndearna sé agus bhí an-stuaim go deo ag baint lena chomhairle i gcónaí. Fiú i bhfad tar éis dó an státseirbhís a fhágáil bhíodh muid i dteagmháil le chéile agus a dhea-chomhairle ar fáil i gcónaí.”

Bhí Tadhg Ó hÉalaithe an-dílís don Ghaeltacht agus don Ghaeilge is cuma cé na cúraimí eile a bhí ar an roinn, a deir Éamon Ó Cuív.

“Bhí a chroí in obair na Gaeilge agus na Gaeltachta agus an-tuiscint aige ar an nGaeltacht. Bhain sé go leor amach tráth ar bunaíodh go leor scéimeanna nua Gaeltachta.

“Ceann de na rudaí a rinne sé ná gur chuir sé duine ag obair go lánaimseartha ar bhille teanga agus murach sin ní bheadh Acht na dTeangacha againn.”

Beidh Tadhg á fhaire sa bhaile i gCluain Tarbh tráthnóna inniu, Déardaoin, idir 5-8pm.

Aistreofar a chorp go Séipéal Naomh Antóin, Cluain Tarbh amárach Dé Aoine, an 14 Eanáir, d’Aifreann na sochraide ag meán lae. Beidh seirbhís phríobháideach ansin ag Créamatóiriam Ghlas Naíon.

Is féidir Aifreann na Sochraide a fheiceáil ar shuíomh idirlín an tséipéil anseo.

Fág freagra ar 'Tadhg Ó hÉalaithe, iar-státseirbhíseach sinsearach a raibh a chroí in obair na Gaeltachta, tar éis bháis'

  • An Teanga Bheo

    Beannacht Dé leat i ríocht Dé thú