Feargal Ó Béarra, duine de mhórscríbhneoirí agus mórscoláirí Gaeilge na linne, ar shlí na fírinne

Tá na hathleaganacha a rinne Feargal Ó Béarra ar scéalta sheanchas na nGael áirithe ar shárleabhair Ghaeilge na mílaoise nua

Feargal Ó Béarra, duine de mhórscríbhneoirí agus mórscoláirí Gaeilge na linne, ar shlí na fírinne

Tá an scríbhneoir, scoláire agus cumadóir ceoil Feargal Ó Béarra ar shlí na fírinne. Bhí sé tinn le tamall.

Bhí Feargal Ó Béarra, a tógadh i mBoth Chuanna i nGaeltacht Chois Fharraige, ar dhuine de mhórscríbhneoirí Gaeilge a linne agus tá a shaothair, Mé Suibhne agus An Tromdhámh, ar athchóiriú iad ar sheanchas na nGael, áirithe ar shárleabhair Gaeilge na mílaoise nua.

Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin do Leabhar Gaeilge na Bliana ar An Tromdhámh in 2019.

Scoláire agus taighdeoir fíorchumasach ab ea é a chuir spéis i réimse fairsing ábhar, ó Naomh Éinne go dtí Máirtín Ó Cadhain.

Bhí taifeadadh nár chualathas riamh cheana de Mháirtín Ó Cadhain ag léamh as Cré na Cille in München na Gearmáine sna 1960idí i measc an ábhair i Máirtín Ó Cadhain: Téacsanna Teagaisc, leabhar trítheangach a chuir sé in eagar le Arndt Wigger, fear ar scríobh sé An Old Irish Primer leis chomh maith.

Ar na hábhair eile a ndearna sé taighde fúthu bhí Táin Bó Cuailgne, an Caighdeán Oifigiúil agus féiniúlacht na nGael.

Ag obair sa Bhruiséil mar aistritheoir a bhí sé le tamall de bhlianta, obair ar thug sé “ceird nár chol le Clanna Gael” uirthi.

Léachtóir ollscoile ab ea é sular thug sé aghaidh ar an Eoraip agus suim ar leith aige sa Luath-Ghaeilge agus sa Luath-Ghaeilge mhoch.

Bhí ardmheas air mar theagascóir agus is iomaí mac léinn ollscoile a bhain tairbhe as a chuid léinn agus as a mháistreacht ar an teanga.

Thug sé sealanna i mbun taighde agus teagaisc sa Ghaillimh, as Ghearmáin, san Iorua, i gCeanada agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Cumadóir amhrán cumasach ab ea é chomh maith agus ba é Bob Dylan an t-amhránaí ab ansa leis.

Ar na saothair eile leis bhí aiste ar ‘A Grafted Tongue’, dán le John Montague a phléann an lorg a d’fhág meath na Gaeilge ar shícé mhuintir na hÉireann.

Más fíor do Montague d’fhág dul i ndísc na Gaeilge gur “manuscript we had lost the skill to read” í Éire.

Cuimhneofar ar Fheargal Ó Béarra mar dhuine a chuir ar ár gcumas tuiscint a fháil arís ar an ‘lámhscríbhinn’ sin.

Fágann Feargal a chéile, Maedhbh Nic Dhonnchadha, a pháistí Aindrias, Saileog agus Piaras, a mháthair, a mhuintir agus a chairde faoi bhrón agus an Gael uasal éargnaí ar shlí na fírinne i bhfad ró-óg.

Beidh Feargal á thórramh óna ceathair go dtína hocht tráthnóna Déardaoin i dteach a dhearthár Ruaidhrí i mBoth Chuanna agus déarfar Aifreann na sochraide i Séipéal Chill Éinne ag meán lae Dé hAoine.

Cuirfear i Reilig an Choilligh é tar éis an Aifrinn.

Fág freagra ar 'Feargal Ó Béarra, duine de mhórscríbhneoirí agus mórscoláirí Gaeilge na linne, ar shlí na fírinne'

  • Brian Ó Conchubhair

    Suaimhneas síoraí dá anam uasal.

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Is millteanach an chaill é dá mhuintir agus dúinn uilig. Solas eile múchta i bhfad róluath.

  • Ciarán BXL

    Bhuail mé leis go minic anseo sa mBruiséil agus é ag tabhairt a chuid páistí chuig an CLG. Fear aoibhinn. Meangadh mór ar a bhéal chuile uair a chonaic mé é.

  • Gabriel Rosenstock

    Beannacht Dé leis.

  • Pádraig Ó Flannabhra

    Mo chomhbhrón do mhuintir Uí Bhéarra uilig ar bhás Fheargal.
    Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

  • KH

    Teagascóir den scoth agus duine uasal ab ea Feargal a bhí fial flaithiúil lena chomhairle is a chuid ama riamh anall. Níor dhearmad sé an greann ach oiread. Slán leat, a oide chineálta, ba mháistriúil i mbun ranga thú.

    Déanaim comhbhrón ó chroí lena ghaolta ar fad, ina measc a dheartháir, Mícheál, a bhí ina chomhghleacaí ranga liom tráth, agus le foireann iontach an Acadaimh a bhí suas le Feargal agus é dár múineadh-na (2005-06). Is orainn a bhí an t-ádh criú chomh breá leo a bheith againn.

    Beannacht Dé leis.

    C. Ó hIcí

  • Fidelma Ní Ghallchobhair

    Mo chomhbhrón ó chroí le muintir Fheargail. Mar atá ráite ag na daoine thuas, fear uasal fial agus léannta ab ea é. Gael go smior ab ea é. Chuidigh sé linn in Iontaobhas Ui Chadhain trí ábhar a sholáthar dúinn nach bhfuil curtha suas go fóill ar ár suíomh, ach cuirfear suas go luath é. Beannacht Dé lena anam uasal.

  • Caitlín Nic Niallais

    Comhbhrón le teaghlach Fheargail Uí Bhéarra; cailliúnt mhór dóibh ar fad. Suaimhneas síoraí dá anam.

  • Micheál Ó Máirtín

    Mo chomhbhrón le muintirFheargail. Ardscríbhneoir a bhí Ann.

  • Seán Hade

    Pléisiúr i gcónaí dom a bheith ina chomhluadar. Comhbhrón ó chroí le muintir Uí Bhéarra. Cailliúint rómhór dúinn a imeacht uainn.