Is minic a bhínn in éad le Suibhne an Bhéarla ach léirigh an leabhar seo dom go raibh breall orm…

Tá athchóiriú iontach agus athshealbhú slachtmhar déanta ag Feargal Ó Béarra ar scéal Shuibhne san úrscéal ‘Mé Suibhne’

Is minic a bhínn in éad le Suibhne an Bhéarla ach léirigh an leabhar seo dom go raibh breall orm…

Mé Suibhne
le Feargal Ó Béarra,
Foilsithe ag Leabhar Breac €16

Súil amháin ar an gciteal agus mé tagtha anoir as seodlann Chló Iar-Chonnacht le mo ghabháil leabhar, tharraing leabhar cuidsúlach glas sa gcual an tsúil eile. Mé Suibhne aoibhinn ó Leabhar Breac ar ndóigh, agus na toisí díreach i gceart don phóca, a chuir mil ar an muigín tae.

Ar an gcéad léamh amplach sin níor thuigeas go deireadh go raibh iarfhocal sa leabhar a bheadh ina chuidiú. Áthas atá anois orm nach bhfaca mé é agus nach raibh a bhfuil ann, dá fheabhas é, ag gabháil idir mo chloiginnín fhéin agus Suibhne agus muid beirt ar seachrán linn i dtírdhreach taibhseach sceirdiúil na hÉireann ar an sciuird tosaigh sin.

Is iomaí bua atá ag an athchóiriú slachtmhar seo ar scéal Shuibhne. An teideal an chéad bhua – Mé Suibhne – an fear féin, Suibhne, atá chugainn seachas aon anó nó easláinte atá air. Daonnacht an fhir i gcroílár an scéil. Faraor is annamh a thugtar an ceart sin don anduine.

An dara bua go bhfuil an leagan i nGaeilge an lae inniu ach údarás scoláire Gaelach leis.  Ar feadh i bhfad ní raibh againne, na gnáthléitheoirí, ach ár scéalta féin ó Bhéarlóirí a bhíonn dána go maith lena gcuid smeareolais.

Is maith againn an t-athshealbhú sin.

Más dall thú ar an Luath-Ghaeilge Mhoch mo dhála féin, bíodh na foclóirí Gaeilge le d’ais nó faoi do mhéar. Tá focla is leaganacha sa téacs nár aithin mise gan cuidiú is púitseáil go leor i saothar an Dálaigh agus ní ag ceasacht mo chuid neamhlitearthachta féin ar an údar atáim.

Beidh tú faoi gheasa ag ciútaí clasaiceacha na filíochta san inseacht seo, sin nó ag rámhaillí faoi uaim is comhardadh nótaí scoile Stair na Gaeilge. Ach seanchaí is file é an t-údar seo a dhéanfas cis ar na caochphoill duit. Scaoil leat fhéin agus léigh os ard í agus má tá aon sceach thart ort, seo leat.

Leagan athmhúnlaithe de scéal Shuibhne atá anseo agus an t-údar ag tarraingt ar an léann faoi leaganacha éagsúla den scéal ach thug sé saoirse eagarthóireachta dó fhéin mar go bhfuil Buile Shuibhne “foirgthe leis an leadrán is le laigí struchturtha”. Chum sé croineolaíocht, comhrá is filíocht agus geallaimse duit nach mbeidh aon leadrán ag cur as duit. Bímis buíoch gur thug sé cead dó fhéin “foirmeacha neamhchaighdeánoifigiúla” a úsáid sa gcaint agus is fada liom go gcloisfidh mé taifeadadh den leabhar seo.

Mura raibh aon Suibhne ina rí nuair a troideadh cath Mhaigh Rath, thuigfeá do cheannairí na dúthaí  dá gcuirfeadh an “clogán callánach Críostaí” a bhí á lascadh ag Rónán Fionn cantal ar dhream a raibh dílseacht is ómós dóibh go dtí sin. Mallacht a thuill Suibhne, “anduine aindiaga” éagráifeach agus a shliocht ar a spadhar agus é curtha le craobhacha ag clog is gnásanna an tsaoil nua.

Mura raibh áit dó sa tsochaí sin, sa nádúr a fuair sé bráite agus formhór an ama é taobh leis féin mar chomhluadar le bheith ag comhrá leis. Beag beann ar thairbhe na litríochta, is fiú an leabhar seo a léamh ar mhaithe leis an bhfilíocht agus an prós faoin tírdhreach is an timpeallacht, na luibheanna, na crainnte is na logainmneacha.

Is minic a bhínn in éad le Suibhne an Bhéarla agus é ag eitilt thart ó áit go háit ar a chomhairle fhéin agus mise i ngéibheann ag cúraimí an tsaoil ach bhí breall orm. Chuaigh fuacht is ocras Shuibhne go feirc ionam sa leagan seo, ghoin a uaigneas agus an coimhthíos mé, ghortaigh na deilgní mo chosa agus ar mo bhosa fhéin a bhí léasracha na ndriseacha. Mise agus an dúlra na teiripeoirí agus Suibhne ag nochtadh a chéasta dom – agus b’in é féin a thuig go rímhaith a chás, cás an uile dhuine.

Na cúig chloigeann gan chabhail sin a bhain sodar as, “taisí buartha na hintinne ag preabarnáil” agus “síor-shiosarnach na n-anghlórtha” ar mheasa iad ná “easpa carad”, ní á léamh a bhíos ach á n-aireachtáil agus ag cuimhneamh go raibh 28 bliain den pheannaid sin ag an bhfear-éan céasta.

Is cliste mar a chum an t-údar comhrá san athchóiriú seo ar an seanscéal mar cuireann sin go mór leis an inseacht dúinne atá i dtaithí a leithéide. An comhrá sin lena bhean Eorann agus ise anois i ‘feis leapan’ le Guaire, é féin agus Loingseachán, Cailleach an Mhuilinn, Fear Coille, agus Mo Ling – grinnléiriú ar dhaonnacht agus leochaileacht an duine atá ar an imeall. Más spéis leat an tsíceolaíocht tá ábhar anseo duit nár athraigh ó cumadh an scéal seo, tá tuiscint dhomhain ann ar an intinn agus an mheabhair cheisteach nach luíonn le gnásanna an lae agus is iontach léamh Shuibhne ar a chás féin a fháil. Ní minic anois a thugtar aon aitheantas do thuiscint an easláin ar a ‘ghealtghnásanna’ féin.

Is Suibhne gach aon duine againn agus an t-aistear céanna orainn uilig ó bhreith go bás, idir shólás is dólas, grá is gruaim, díoltas is aiféala agus ar deireadh thiar ag súil le trócaire agus nach deas mar a mheabhraíonn Mé Suibhne an ceacht sin dúinn.

An creimeadh agus an crapadh atá tarlaithe don teanga sin againne an t-aon mhúisiam a chuirfear ort agus an leabhar seo á léamh agat. Geallaim duit dá aduaine cuid den fhriotal dúinne inniu, go mbeidh an leabhar gleoite seo le d’ais agat ar feadh na mblianta agus gur iomaí racht filíochta a chuirfeas tú díot as.

Mé Suibhne ar an ngearrliosta do Ghradam Leabhar Gaeilge na Bliana a fhógrófar an tseachtain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Is minic a bhínn in éad le Suibhne an Bhéarla ach léirigh an leabhar seo dom go raibh breall orm…'