Mo bheannacht ort ar do bhreithlá, a Bhob…

Agus an ceithre scór slánaithe inniu ag Bob Dylan, foilsítear anseo dhá phíosa as leabhar nua a cuireadh le chéile don ócáid, 'Happy Birthday, Mr Bob'

Mo bheannacht ort ar do bhreithlá, a Bhob…

Bob Dylan agus taitneamh an téacsa

Feargal Ó Béarra

Ba é Roland Barthes ab fhearr a thuig an scéal – an chiall agus an athchiall, an t-ádh agus an míthapa, an léamh agus an míléamh, an cor agus an casadh … an pléisiúr a bhíonn le baint as focal an ealaíontóra – nuair a thrácht sé ar le plaisir du texte. Nuair a chuimhnímid ar thaitneamh seo an téacsa, is deacair gan cuimhneamh ar Rimbaud, Rilke, Neruda, Ó Direáin, agus dar ndóigh ar Dylan. Dár fheabhas é an ceol, ba iad na liricí féin is túisce a chuaigh i bhfeidhm ar m’aigne agus i gcion ar mo chroí nuair a thugas cluais den chéad uair lena shaothar. In aois mo bhearrtha ar éigean dom nuair a fuaireas deis ar deireadh an tsnáthaid a leagan anuas ar Desire ó bhí an nead fágtha ag fear an cheirnín agus é anois ag triall ar coláiste. An té a raibh saint na bhfocal go smior ann cheana féin, níorbh iontas an ceirnín sin á chur le craobhacha óir shíl muid ag an am go raibh an oiread i bhfolach ag an údar sna hamhráin sin is a choinneodh fios le fealsamh go hearr aimsire is dá éis:

I married Isis on the fifth day of May

But I could not hold on to her very long.

So I cut off my hair and I rode straight away

For the wild unknown country where I could not go wrong.

Níl lá ná oíche dár tháinig ó shin nach ar an tír fhiáin aineoil chéanna úd a bhí ár dtriall ar thóir tuilleadh de thaitneamh sin an téacsa is cás le fear fuinte focal. Éirí agus ascar na cainte mar thuile agus trá na taoide, gach siolla chomh tomhaiste meáite le gráinne den ghaineamh mín, spréite romhainn feadh na samhlaíochta: is í an tréith sin thar aon tréith eile, dar liom – caoimhe agus cruas táite ina chéile mar choirce tar éis a cháite – is mó a mheallann duine chuig Dylan.

Faoi anáil an traidisiúin as ar fáisceadh é féin a chum Dylan an cheathrú sin thuas – í gach uile orlach chomh snoite saothraithe ina bealach féin lenar dhúirt Raiftearaí faoina Isis féin céad go leith bliain roimhe sin:

’Sí Máire Ní Eidhin an chiúinbhean bhéasach

Is deise méin agus is áille gnaoi,

Míle cléireach a ghoil in éineacht

Trian a tréathra ní fhéadfadh a scríobh,

Bhuail sí Déirdre le breáichte is Véineas,

Nó dá n-abraínn Héilean léar scriosadh an Traoi,

Siod í an chraobh is cé a d’iarrfadh a héileamh

Ar an bpabhsae gléigeal atá i mBaile Uí Laoigh. 

Ní gan chúis a luaim Máire Ní Eidhin agus Baile Uí Laoigh óir má chuir an chiúinbhean bhéasach Raiftearaí faoi dhraíocht, chuir an áit ar casadh Raiftearaí agus í féin ar a chéile Yeats faoi gheasa ar feadh cúnamh maith de dheich mbliana (1919–1928). Mar is eol, ba é Túr Bhaile Uí Laoigh –That quarter where all thought is done – a thug inspioráid dó gur fhoilsigh The Tower i 1928 agus The Winding Stair cúig bliana ina dhiaidh sin.

Mar a léiríodh ar an suíomh seo, ba é an túr céanna sin a bhí ina intinn ag Dylan nuair a chuir sé an méid seo i gceann de na hamhráin is déanaí uaidh, I contain multitudes:

Today and tomorrow, and yesterday, too

The flowers are dyin’ like all things do

Follow me close, I’m going to Bally-na-Lee

I’ll lose my mind if you don’t come with me.

I’ll fuss with my hair, and I’ll fight blood feuds

I contain multitudes.

Dá shnoite shoilbhir cuid mhór dár scríobh Dylan, is deacair aon cheann amháin dá cheoldánta (my thought-dreams, mar a dúirt sé féin) a roghnú ar a mbronnfaí an chraobh. Mar a dúirt Séamas an tSeaca é féin le gairid: ‘A song is like a painting, you can’t see it all at once if you’re standing too close.’ B’fhéidir gur fearr, más ea, gan teannadh isteach róghar leis an rud a bhíonn os ár gcomhair amach ach cead a thabhairt dó féin labhairt as a stuaim féin ar a shon féin. Cá bhfios nach mar sin is fearr an scéal a fhágáil agus cead ag chuile asailín a ghaisneas agus a chiall féin – mar a rinneamar riamh – a bhaint as an gcorpas téagartha liricí atá cruthaithe ag Dylan dúinn le trí scóir bliain anuas ach gan dearmad a dhéanamh choíche ar thaitneamh an téacsa? Sin í an cheist ós í sin an teist is dual dó.

Gura fada buan é…

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Éistim gach aon lá le Bob Dylan agus níl aon lá ná bíonn rud éigin le foghlaim uaidh. 

Ní mar a chéile an Bob Dylan a bhí chugat inné agus an Bob Dylan atá chugat inniu agus an Bob Dylan a bheidh chugat amárach.

Ó am go chéile, bím ag déanamh marana ar conas mar a bheidh ag an saol seo nuair nach ann a thuilleadh do Bob Dylan.

Ráineodh nach aon chaint chuí í sin, go háirithe agus a bhreithlá á cheiliúradh againn. Sea, níl a sheal caite fós aige agus nach diail an saol é agus é fós inár measc.

‘That’s my story, but not where it ends,’ mar a deir sé linn ar Key West.

Ach níl aon dul as agam, mar mura dtagann casadh gan choinne sa scéal bead tamall ar an saol seo agus gan Bob Dylan ar marthain.

Ní mé an t-aon duine amháin a bhíonn ag cuimhneamh ar na nithe gruama seo. Is amhlaidh a bhíonn ag mórán de deisceabail dhílse Bob Dylan.

Caitheann cuid de mo chairde an iomarca ama chomh maith ag déanamh buartha faoin saol seo d’uireasa Dylan.

Gan amhras, ar shlí amháin, ní thiocfaidh ann go deo don saol nach mbeidh Bob Dylan ann, mar níl aon dáta éaga leis an stuif seo.

Beifear ag éisteacht le Bob Dylan fad is atá mise agus tusa ann agus fad is atá gach mise agus tusa a thiocfaidh inár ndiaidh ann.

Beidh siad ag éisteacht le Bob Dylan agus an t-uisce ag éirí aníos mórthimpeall orthu, agus nuair a chloisfidh na róbait den chéad uair é, ní shásóidh aon rud eile iad ach liricí Desolation Row a aithris láithreach do na róbait eile.

Ach beidh blas agus dath ábhairín beag difriúil ar an saol agus ar cheol Bob Dylan féin nuair nach mbeidh Bob Dylan a thuilleadh ann, nuair nach mbeidh sé i dtaobh éigin agus véarsa á chumadh aige, nó sceitse á tharraingt aige nó rinse á tháthú de gheata aige, geata chun tú a choimeád amach nó tú a choimeád istigh agus nach é an dá mhar a chéile sa deireadh é, mar a deir sé féin.

 “I think we can have recollections of him, but we can’t define him any more than we can define a fountain of truth, light and beauty.

 “Listen to him, and he always brings you to your senses. He rises high above all, and he’ll never die or be forgotten, even by persons not born yet — especially those persons — and that is forever.”

Dylan féin a dúirt agus é ag trácht ar Johnny Cash.

Más éachtaint bhreise ar Bhob Dylan atá uait, ba mhó rud ba mheasa a d’fhéadfá a dhéanamh ná cluas a thabhairt do na rudaí atá ráite aige faoi na ceoltóirí agus scríbhneoirí is ansa leis féin.

Tá ualach samplaí ann –  sna hamhráin féin, sna hagallaimh agus sna corrphíosaí cainte atá déanta aige.

Tá na ráitis ómóis agus ceana ann go tiubh in Chronicles agus ar Theme Time Radio (T Bone Burnett – ‘Long, tall and on the ball!’… Leadbelly – ‘one of the few ex-cons who recorded a popular children’s album.’)

Nuair a chonaic Dylan ceolchoirm de chuid Buddy Holly go gairid sular cailleadh é, ach oiread le Cash, ba í an bhuaine a bhain lena shaothar agus a chur i láthair is mó a chuaigh i bhfeidhm air.

“Something about him seemed permanent and he filled me with conviction,” arsa Dylan.

Is é braistint sin na buaine a fhaighimid nuair a éistimid le Dylan leis, agus braithimid rud éigin diamhair eile chomh maith, mar a bhraith sé féin nuair a chonaic sé Buddy Holly ar stáitse.

“Then out of the blue, the most uncanny thing happened, he looked at me right straight there in the eye and he transmitted something, something I didn’t know what. It gave me the chills.”

Bhíos féin ag suí chun tosaigh os comhair an stáitse amach ag ceolchoirm de chuid Dylan sa London Palladium roinnt blianta ó shin (féadfaidh tú díol as ‘Eispéireas na Suíochán Tosaigh) agus thabharfainn an leabhar gur fhéach sé idir an dá shúil orm.

B’fhéidir nár dhein, ach sin é a buaileadh i m’aigne ach go háirithe.

É sin agus an bhuaine, an diongbháilteacht, an rúndiamhair a bhain leis.

Taibhsíodh rud amháin eile dom.

Thaitneodh Bob Dylan an-mhór le Bob Dylan chomh maith.

Tá Happy Birthday, Mr Bob, in eagar ag Liamy Mac Nally ar fáil ar www.mayobooks.ie ar €16.99

Fág freagra ar 'Mo bheannacht ort ar do bhreithlá, a Bhob…'