Is mise Bob Dylan an file… An bhfuil an buaiteoir Nobel ag tarraingt as filíocht na Gaeilge ina amhrán nua?

D'fhéadfadh gur ag léamh saothar sheanfhilí na Gaeilge a bhí Bob Dylan tráth a raibh ‘I Contain Multitudes’ á scríobh aige

Is mise Bob Dylan an file… An bhfuil an buaiteoir Nobel ag tarraingt as filíocht na Gaeilge ina amhrán nua?

Is cosúil go bhfuil dán leis an bhfile mór Gaeilge Antaine Ó Raiftearaí i measc na ndánta a bhfuil Bob Dylan ag baint earraíochta astu san amhrán is déanaí uaidh.

Tá tagairtí do cheoltóirí agus scríbhneoirí go leor in ‘I Contain Multitudes’, an dara hamhrán nuachumtha atá curtha amach ag an gceoltóir mór le rá le mí anuas.

Bhain Dylan, ar bronnadh duais Nobel na litríochta air in 2017, siar as mórán nuair a chuir sé amach ‘Murder Most Foul’ ag deireadh na míosa seo caite, an chéad amhrán nuachumtha uaidh le hocht mbliana.

Ach is ar éigean go raibh seans ag a lucht leanúna breith ar a n-anáil i ndiaidh na heipice 17 nóiméad sin nó go raibh Dylan chucu arís Dé hAoine seo caite le hamhrán nua eile.

Bhí na scórtha tagairtí d’amhráin agus d’amhránaithe eile i ‘Murder Most Foul’ agus cé nach maireann ‘I Contain Multitudes’ ach ceithre nóiméad go leith tá sé breac chomh maith le tagairtí do chúrsaí cultúir, do dhaoine agus do shaothair eile.

Tagairt do líne as dán de chuid Walt Whitman is ea ‘I Contain Multitudes’ féin agus ar na daoine eile a dtagraíonn Dylan dóibh nó dá saothar, tá Edgar Allen Poe, David Bowie, Anne Frank, Beethoven, Chopin, William Blake agus Carl Perkins.

Agus Antaine Ó Raiftearaí.

Tá an tagairt ar cosúil gur tagairt do dhán de chuid Raiftearaí í sa dara líne d’amhrán nua Dylan:

Today, and tomorrow, and yesterday too, 

the flowers are dyin’ like all things do.

Follow me close, I’m going to Bally-na-Lee,

I’ll lose my mind if you don’t come with me.

Cé nach bhfuil liricí oifigiúla ‘I Contain Multitudes’ foilsithe go fóill, is cosúil gur ar ‘Bally-na-Lee’ atá an té atá ag caint linn ag triall agus gur tagairt í sin do ‘The Lass of Bally-na-Lee’, aistriúchán Béarla ar ‘Máire Ní Eidhin’ nó ‘Baile Uí Laí’ mar a thugtar chomh maith air.

Tá an dán, a cumadh mar gheall ar spéirbhean álainn as Baile Uí Laoigh, ar cheann de na saothair is cáiliúla ag Raiftearaí agus amhrán é a mhaireann fós i mbéalaibh na ndaoine agus a mbíonn an-thóir ag lucht sean-nóis i gcónaí air.

‘Ach gluais go lá liom go Baile Uí Lí’ atá ag Raiftearaí, líne a ndéantar ‘So walk with me to Bally-na-Lee’ de sa leagan Béarla agus ‘Follow me close, I’m going to Bally-na-Lee’ in amhrán nua Dylan.

Ní bheadh Dylan ar an gcéad duine a a bhfuil Duais Nobel don Litríocht aige a chuir suim i Raiftearaí ná i scéal ‘Máire Ní hEidhin’.

Bhí William Butler Yeats, a raibh Túr Bhaile Uí Laoigh ina chuid lárnach dá shaol, ana-thógtha le Raiftearaí agus tá tagairt dó agus do ‘Mháire Ní Eidhin’ ag Yeats ina dhán ‘The Tower’.

Ceist eile ar fad is ea conas a tháinig Dylan ar dhán an fhile dhaill a rugadh i Maigh Eo san ochtú haois déag.

Ar ndóigh bhí suim mhór ag Dylan ó bhí sé ina fhear óg i dtraidisiún amhránaíochta na hÉireann agus d’fhéadfadh gur tríd na Clancy Brothers, óna bhfuair sé cuid mhaith dá oiliúint sa traidisiún sin, a chuir sé aithne ar ‘Máire Ní Eidhin’.

Nuair a bhog sé go dtí Greenwich Village, Nua-Eabhrac, i dtús na seascaidí agus é ina fhear óg, bhí Dylan faoi gheasa ag The Clancy Brothers agus Tommy Makem.

“I’d never heard these kind of songs before…All the legendary people they used to sing about, Brennan on the Moor or Roddy McCorley – it was like they existed yesterday,”  a dúirt sé blianta fada ina dhiaidh sin.

Bhí leagan Béarla de dhán Raiftearaí ag Liam Clancy, fear ar bhaist Dylan an ceoltóir bailéad is fearr dár chuala sé riamh air, agus ní foláir nó bheadh cur amach ag Clancy féin ar an leagan Gaeilge den dán ó amhránaíocht leithéidí Sheosaimh Uí Éanaí, an t-amhránaí sean-nóis as Carna.

Bhí Dylan agus Ó hÉanaí ar stáitse ag an oíche cheoil chéanna sa Singers Club i Londain i 1962 agus trí bliana ina dhiaidh sin bhíodar beirt i measc na gceoltóirí a chas ag an Newport Folk Festival, mar ar iompaigh Dylan saol an cheoil ‘folk’ bunoscionn ar fad ach a phlugáil sé isteach a Fender Stratocaster chun a amhráin nua a chasadh le tionlacan an Paul Butterfield Blues Band.

Bhí leagan de ‘Eileanóir na Rún’, amhrán aitheanta sean-nóis eile a chasadh Joe Éinniú, ag Dylan chomh maith agus is dócha gur ó The Clancy Brothers nó The McPeake Family, ar mhol Dylan tráth do Bono éisteacht leo, a chéad chuala sé ‘Eileen Aroon’.

Chas Dylan an t-amhrán sin ar stáitse aon bhabhta dhéag idir 1988-1989.

Chas sé den uair dheireanach é san RDS i mBaile Átha Cliath i Meitheamh 1989.

Agus é ag comhrá déanach san oíche le Liam Clancy sa bheár ag an gcóisir i ndiaidh na ceolchoirme sin, deirtear go raibh Dylan ag síorcháiseamh an scéala nach raibh na ‘sean-amhráin iontacha’ amhail ‘Eileen Aroon’ ar eolas ag aon duine a thuilleadh, ‘i mBaile Átha Cliath féin fiú’.

An raibh leagan de ‘Máire Ní Eidhin’ nó ‘Baile Uí Lí’ i measc na n-amhrán sa tobar sin a bhí i mbaol a dhíscithe dar le Dylan?

B’fhéidir go raibh, ach ráineodh go bhfuil míniú níos suimiúla fós ar an scéal.

De réir teoirice eile, tá an dara dán Gaeilge i gceist.

‘Sea, d’fhéadfadh gur ag léamh saothar sheanfhilí na Gaeilge a bhí Bob Dylan tráth a raibh ‘I Contain Multitudes’ á scríobh aige.

Más maith leat sin mar theoiric, is fiú súil a chaitheamh ar an véarsa deireanach d’amhrán Dylan agus ar an líne seo go háirithe:

Get lost, madame, get up off my knee,
Keep your mouth away from me.

Bíodh sé ina chomhtharlúint nó ná bíodh, is ionann focal ar fhocal an líne ‘Keep your mouth away from me’ agus líne atá ar fáil i leagan Béarla de ‘Taisigh agat féin do phóg’, dán ón 17ú haois déag.

(Is é ‘congaibh uaim amach do bhéal’ an líne sa chéad véarsa den bhunleagan.)

Tá ‘Taisigh agat féin do phóg’, nach fios cé a chum, ar na dánta a roghnaigh an file John Montague don chnuasach d’fhilíocht na hÉireann a chuir sé in eagar do Faber and Faber agus a foilsíodh den chéad uair sna 1970idí.

Ar na dánta eile atá sa Book of Irish Verse sin, tá ‘The Lass of Bally-na-Lee’.

Is maith leis an iarchraoltóir Cathal Goan, ar saineolaí ar amhráin an traidisiúin Ghaelaigh agus leantóir dílis de chuid Dylan é, an t-amhránaí Meiriceánach a shamhlú agus filíocht na Gaeilge á scrúdú aige.

“Amhail na filí is fearr – ní ag déanamh aithrise a bhíonn Dylan ach ag gadaíocht sciob sceab. Tá samplaí go leor dá chuid bradaíola cruthaithí aimsithe, samplaí ó aimsir na Sean-Ghréige anall agus ní taise do litríocht na Gaeilge é is cosúil.

“Is breá liom an ceangal le leabhar John Montague a shamhlú agus an dá shampla seo á lua,” arsa Cathal Goan.

Deir Tadhg Mac Dhonnagáin, scríbhneoir, ceoltóir agus údar an tsaothair bheathaisnéise faoi Antaine Ó Raiftearaí, Mise Raiftearaí an Fíodóir Focal, gur léir i gcás Dylan agus an fhile dhaill go n-aithníonn troubadour amháin troubadour eile.

“D’fhan Dylan dílis don tuiscint sin atá ann i measc cumadóirí a tháinig ó shaol an cheoil dúchais go bhfuil tábhacht leis an dúchas céanna sin ach mar a chuireann a amhrán nua in iúl, ní airíonn sé go mbaineann sé le haon traidisiún ar leith.

“Tá macallaí láidre dá dhúchas Giúdach sna hamhráin dheireanacha a chum Leonard Cohen, cuir i gcás, ach cé gur tógadh Dylan ina Ghiúdach chomh maith, ní ar an dúchas sin atá a aird, ach ar an ngréasán ársa véarsaí agus trópanna a bhaineann leis an troubadour.

“Bhí Woody Guthrie mar laoch agus mar chara aige agus é ina fhear óg. Chum sé sár-amhrán faoin gceoltóir blues, Blind Willie McTell. Creidim gur aithin sé an mianach i Liam Clancy, fear a raibh an-mheas aige ar Raiftearaí. Chanadh seisean leagan Béarla De hÍde de ‘Anach Cuain’, nó ‘Eanach Dhúin’, chomh maith.

“Má chuir Dylan féin eolas ar scéal fhile Mhaigh Eo, agus seans maith gur chuir, is cinnte go mbeadh sé an-tógtha leis. Ba é Raiftearaí Woody Guthrie réamhGhorta na nGael. Troubadour par excellence a bhí ann,” a deir Tadhg Mac Dhonnagáin.

Fág freagra ar 'Is mise Bob Dylan an file… An bhfuil an buaiteoir Nobel ag tarraingt as filíocht na Gaeilge ina amhrán nua?'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Alt fíor spéisiúil é seo, ach ní scéal nua é. Bíonn filí (agus ceoltóirí) riamh ag gadaíocht óna chéile. Tóg, mar shampla, An Long nó Valparaiso ag Mons. Pádraig de Brún, a d’eascair (gan aitheantas) as The Ship ag Oliver St John Gogarty (laistigh don bhliain chéanna 1918). Agus ba léir nár thuig Theo Dorgan é seo nuair a d’aistrigh sé go Béarla arís é ina leabhar Time on the Ocean (2010) tar éis dó beannacht Mháire Mac an tSaoi a fháil ar a iarracht!
    B’amhlaidh an scéal le cumadóirí ceoil. Fear maith chuige ab ea Thomas Moore – Oft in the Stilly Night agus The Rattlin’ Bog, móide go leor eile ó bhailiúcháin Bunting. Agus roinnt eile faoi cheilt sa traidisiún Gaelach – Ríl Miss McCloud agus An Seanduine, Mo Ghile Mear agus Bonnie Charlie nó Will Ye No Come Back Again.
    Tá an snag breac ionainn go léir, is cosúil.

  • Pat Butler

    An-phíosa go deo. Maith sibh go léir, Seán T., Cathal agus Tadhg.