Buaiteoirí ghradaim leabhar na bliana fógartha ag Oireachtas na Gaeilge

'An Tromdhámh' le Feargal Ó Béarra as Cois Fharraige i gConamara a bhuaigh Gradam Uí Shúilleabháin 2019

Buaiteoirí ghradaim leabhar na bliana fógartha ag Oireachtas na Gaeilge

Gradam Uí Shúilleabháin á bhronnadh ar Dharach Ó Scolaí, ‘Leabhar Breac’, ar son an leabhair 'An Tromdhámh' le Feargal Ó Béarra

Is é Feargal Ó Béarra agus Leabhar Breac buaiteoirí Ghradam Uí Shúilleabháin 2019 don saothar An Tromdhámh.

Insint úr ar aoirscéal a scríobhadh ó pheann anaithnid sa bhliain 1300 é An Tromdhámh, a bhuaigh an gradam do leabhar na bliana.

D’fhógair Oireachtas na Gaeilge gradaim leabhar na bliana ag ócáid i mBaile Átha Cliath agus ba shaothair ó Chois Life, an teach foilsitheoireachta atá ag dúnadh ag deireadh na bliana, a bhuaigh an dá dhuais eile.

Boscadán le hÁine Ní Ghlinn a bhuaigh an Gradam Réics Carló, an gradam do leabhar na bliana do dhaoine óga agus an tsraith File ar Fhile a bhuaigh Gradam de Bhaldraithe,  an gradam nua do shaothar aistrithe.

Gradam Réics Carló á bhronnadh ar Jennifer Ní Ghrádaigh, Cois LIfe, ag Pól Ó Gallchóir, Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge. Sa phictiúr chomh maith tá Micheál Mac Aogáin, Uachtarán Oireachtas na Gaeilge. Ba é an leabhar BOSCADÁN a scríobh Áine Ní Ghlinn a bhuaigh an gradam don fhoilsitheoir

Duaischiste €17,000 a bronnadh ar leabhair na bliana ag ócáid i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath.

Is fiú €5,000 don fhoilsitheoir agus €2,500 d’údar an tsaothair Gradam Uí Shúilleabháin, €5,000 a bhronntar don fhoilsitheoir agus €1,250 don údar atá i gceist do Ghradam Réics Carló. €1,500 a bhronntar ar fhoilsitheoir an tsaothair a fhaigheann Gradam de Bhaldraithe agus bronntar €500 ar an aistritheoir, nó na haistritheoirí i gcás an tsaothair a bhuaigh an gradam sin i mbliana.

Is iad na leabhair sa tsraith File ar Fhile a bhuaigh an gradam aistriúcháin i mbliana, ná Dánta Arthur Rimbaud le Liam Ó Muirthile, nach maireann, Dánta Andréé Chedid le hAilbhe Ní Ghearbhuigh, Dánta Antonio Machado le Tomás Mac Síomóin, Dánta Antonell Anedda le hEiléan Ní Chuilleanáin agus Dánta Erich Fried le Gabriel Rosenstock.

Gradam de Bhaldraithe á bhronnadh ar Chaoilfhionn Nic Pháidín, Cois Life, ag Pól Ó Gallchóir, Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge. An tsraith ‘File ar Fhile’ a bhuaigh an gradam seo. Sa phictiúr chomh maith tá Micheál Mac Aogáin, Uachtarán Oireachtas na Gaeilge

Rinne Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais comhghairdeas leis na buaiteoirí go léir agus dúirt sé go raibh an rath a bheadh ar earnáil na foilsitheoireachta amach anseo ag brath ar thacaíocht láidir a fháil ón stát.

“Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na tithe foilsitheoireachta ar fad a fuair gradam inniu agus leo siúd uile a bhain an gearrliosta amach.  

“Is ag saothrú as lámh a chéile d’fhoilsitheoirí, do scríbhneoirí agus do lucht margaíochta agus díolachán  a fhorbrófar raon agus réimse na leabhar Gaeilge, ach go fadtéarmach, tá borradh agus rath na hearnála ag brath ar thiomantas an Rialtais do na bearta atá sainithe sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais.

Ag an ócáid chéanna, aréir sheol Comhar, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, an chéad chéim eile den tionscadal Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn go raibh “beocht agus brí” in earnáil na leabhar Gaeilge faoi láthair agus dúirt sé go raibh “níos mó siopaí leabhar ná riamh” ag díol leabhar Gaeilge. 

“Tá tionscnaimh mar na Gradaim Foilsitheoireachta agus Portráidí ag cuidiú go mór aird an phobail a tharraingt ar an saothar d’ardchaighdeáin atá ag teacht as na tithe foilsitheoireachta agus as pinn na n-údar: guím gach rath orthu,” arsa Seán Ó Coinn.

Fág freagra ar 'Buaiteoirí ghradaim leabhar na bliana fógartha ag Oireachtas na Gaeilge'