Tá teipthe ar Rassemblement National móramh a fháil i dtoghchán parlaiminte na Fraince agus an páirtí ar an eite fhíordheis curtha ó dhoras ag an gcomhghuaillíocht de chuid na heite clé.
Táthar ag tuar go mbeidh an bua ar pháirtí Marine Le Pen ag an Nouveau Front populaire, an chomhghuaillíocht nua a bunaíodh nuair a d’fhógair Emmanuel Macron, uachtarán na Fraince, toghchán tobann. Is cosúil go mbeidh comhghuaillíocht sa lár Macron sa dara háit.
Agus gan móramh iomlán ag ceachtar taobh, ní fios go fóill cén chuma a bheith ar an gcéad rialtas eile, ach d’éirigh leis an iarracht an eite fhíordheis a chloí, toradh nach raibh mórán ag súil leis.
Dúirt Jordan Bardella, ceannaire Rassemblement National, go raibh bua don pháirtí “á cheilt” ar mhuintir na Fraince agus gurb é “an mhíshocracht” agus “an éiginnteacht” an toradh a bheadh air sin.
Ba é seo an dara babhta vótála sa toghchán. Rinne an eite dheis an-fhada amach dul chun cinn mór sa chéad bhabhta agus 33.4% den vóta faighte ag Rassemblement National. Ach is cosúil gur éirigh le cur chuige Macron agus ceannairí na bpáirtithe ar an eite chlé a’impigh ar dhaoine vótáil go teaicticiúil chun móramh glan a chosc ar an bpáirtí ar an bhfíordheis.
In áiteanna áirithe d’éirigh le hiarrthóirí sa lár agus ar an eite chlé as chun a chinntiú nach bhfaigheadh Rassemblement National an bua.
Léiriú ar an teannas a chothaigh an toghchán stairiúil go raibh 30,000 póilín curtha ar dualgas.
Thart ar 100 suíochán níos lú ná mar a theastaíonn chun rialtas a bhunú a bheidh ag an gcomhghuaillíocht ar an eite chlé agus ní cosúil go mbeidh móramh iomlán –289 suíochán – ag aon dream san assemblée nationale . Fágann sin go mbeidh an pharlaimint scoilte ina trí chuid – idir lucht na heite clé, lucht an láir agus an dream atá an-fhada amach ar an eite dheis.
Tá iarracht mhór á déanamh ag Marine Le Pen maolú a dhéanamh ar an íomhá atá ag an bpáirtí a bhunaigh a hathair gur dream radacach ciníoch ar an bhfíordheis iad. Ach chinn Comhairle Stáit na Fraince i i mbliana go bhféadfaí a áitiú gur páirtí atá an-fhada amach ar an eite dheis atá i bpáirtí Le Pen.
Fág freagra ar 'Lucht na heite fíordheise coinnithe amach sa Fhrainc'