Cuireadh i gcré na cille i nGort an Choirce inniu Máirtín Mac Con Iomaire (Martin Ridge), iar-Gharda Gaeltachta agus údar an leabhair Breaking the Silence a phléigh le scannal mí-úsáid ghnéis i nDún na nGall.
Ba as Doire an Fhéich i gCasla i nGaeltacht Chonamara do Mháirtín Mac Con Iomaire (Martin Ridge) agus d’aistrigh sé go dtí Dún na nGall, mar a raibh sé ina Gharda.
Cuimhneoidh an pobal go háirithe ar an mbleachtaire Garda mar gheall ar a ról i nochtadh na fírinne faoi chásanna mí-úsáid ghnéis i ndeoise Ráth Bhoth, cásanna ar deineadh iarracht iad a cheilt ach inar cúisíodh beirt phéidifileach sa deireadh, an tAthair Eugene Greene agus an múinteoir Denis McGinley.
Insíodh scéal Breaking the Silence chomh maith i gclár faisnéise sa tsraith Finné ar TG4.
Dúirt Sorcha Ní Mhonacháin, an t-iriseoir le Nuacht TG4 as Gaeltacht Dhún na nGall, go rabhthas “go mór faoi chomaoin ag Máirtín as an obair a rinne sé – mar Gharda agus mar údar ina dhiaidh sin – ag tuairisciú na fírinne faoin uafás i bparóistí mar Ghaoth Dobhair, Gort a’ Choirce agus Leitir Mhic a’ Bhaird”.
“Níor thaitin an méid a dúirt sé ina leabhar leo; bhagair cuid acu an dlí air ach ní raibh iontu ach bagairtí – bhí Máirtín cinnte dena chuid foinsí agus fíricí,” a dúirt Sorcha Ní Mhonacháin.
Maireann a bhean Bríd, a iníonacha Aoife agus Clíodhna, a dheirfiúracha, Máirín, Treasa agus Bríd, a dheartháireacha Michael, Paddy, Colm agus Tomás agus gaolta agus cairde go leor.
Máire Nic Géidigh
Tá paróiste Ghortachoirce buartha fá dó imeacht uainn a Mhairtín ach íontach buíoch dón méid a rinne tú fhad agus a bhí tú inar measc.
Suaimhneas síoraí duit anois agus Comhbhrón lé dó theaghlach uilig .RIP.
An Teanga Bheo
Beannacht Dé libh beirt acu imith uainn agus grasta Dé leo mó bhrón libh ar fad.