John A Murphy, staraí mór le rá agus Gaeilgeoir, ar shlí na fírinne

Thuill a leabhar Ireland in the Twentieth Century an-aitheantas don staraí agus meas dá réir

John A Murphy, staraí mór le rá agus Gaeilgeoir, ar shlí na fírinne

Bhásaigh an Gael agus an staraí as Maigh Chromtha ar an Luan in aois a 95 bliain. 

A bhuíochas do scoláireacht Comhairle Contae d’éirigh le John A Murphy freastal ar Ollscoil Chorcaí mar a ndearna sé céim sa Stair agus sa Laidin.   

Chaith sé roinnt blianta ag teagasc i gcliarscoil Naomh Fionnbarra i gcathair Chorcaí sula ndeachaigh sé leis an léachtóireacht sa Stair in Ollscoil Chorcaí. 

An chuid eile dá shaol bhí John A Murphy go láidir den tuairim gur chóir go mbeadh ceart chun oideachais ag gach duine óg.

Sa mbliain 1971 ceapadh ina Ollamh le Stair na hÉireann é i gColáiste Ollscoile Chorcaí, post a bhí aige go ndeachaigh sé ar scor i 1990. Ba é Murphy a scríobh stair an choláiste sin agus ar a shon, a chas le Banríon Eilís Shasana ar a cuairt ansin.

Thuill a leabhar Ireland in the Twentieth Century an-aitheantas don staraí agus meas dá réir.  Bhí Seán Ó Riada i scoil an cheoil san ollscoil lena linn agus bhí an-chairdeas eatarthu. 

Ní mar fhear ollscoile amháin a thuill an staraí an aithne mhór a bhí air. Chaith sé dhá thréimhse cúig bliana ina sheanadóir neamhspleách ar phainéal Ollscoil na hÉireann agus ní bhíodh sé ar chúl scéithe agus a dhearcadh ar cheisteanna móra na linne á chur in iúl aige. 

Mac peileadóra de chuid Chorcaí, bhí spéis ag John A sa nGaeilge, sa spórt, agus i gcultúr na tíre seo. 

Amhránaí breá a bhí ann a bhí ar a chompord in aon chomhluadar ina raibh daoine ag gabháil fhoinn agus bhí sé féin an-mhórálach as an nguth aoibhinn a bhí aige. Is maith na cuimhní atá ag lucht Chumann Merriman ar amhránaíocht agus ar chainteanna an Ollaimh agus ba é an staraí a bhíodh ar a chompord sa gcomhluadar Gaelach sin.

Bhí Murphy ar cheann de na chéad staraithe sa tír seo a ghlac páirt ghníomhach sa bplé poiblí ar chúrsaí reatha agus polaitíochta, agus nár chuir na conspóidí a lean go minic scáth ná faitíos air.

Bhí an-tóir ag an staraí ar Dhún Chaoin agus é féin agus Seán Ó Ríordáin an-mhór lena chéile go dtí gur athraigh an staraí a mheon faoin troid sna sé chontae, athrú a d’fhág gur chuir daoine go leor peaca an fhrithnáisiúnachais ina leith. 

Thug a cholún sa Sunday Independent sna 1990idí ardán breá dó lena léann agus a iliomad tuairimí éagsúla a roinnt le muintir na tíre. 

Ar a bhás ar an Luan, dúirt an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn gur chara mór dá chuid é John A ó bhíodar beirt sa Seanad le chéile.

“Bhí John ar dhuine de na staraithe ba bhisiúla dá raibh againn agus ba mhór a chuir sé le tuiscint an phobail ar ghnéithe polaitíochta, staire is cultúir den tsochaí seo. Chuir sé an stair i láthair an phobail in dhá theanga ar an teilifís agus rinne sé sin le greann agus le misneach.”

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur údar bróin dó a bhás agus gur cuimhin leis féin go fóill an chéad léacht le Murphy a chuala sé féin in Ollscoil Chorcaí. 

“Ba léiriú iad a thuairimí misniúla ar an gcuid ab fhearr den saol acadúil,” a deir an Taoiseach.

Bhásaigh a bhean Cita in 2020 agus fágann sé triúr iníonacha agus beirt mhac ina dhiaidh chomh maith lena lán gaolta agus cairde.

Fág freagra ar 'John A Murphy, staraí mór le rá agus Gaeilgeoir, ar shlí na fírinne'

  • Séamus Ó Coscair

    Dúirt sé nach raibh éirí amach 1798 ach cogadh cathartha. Stairí mór le rá ? Tá mé ag ceapadh nach raibh.