Clannad ‘croíbhriste’ ag bás Noel Uí Dhúgáin, duine de bhunaitheoirí an ghrúpa

Bhunaigh Ó Dúgáin Clannad i nGaoth Dobhair i 1970 in éineacht lena leathchúpla Pádraig agus muintir Uí Bhraonáin

Clannad ‘croíbhriste’ ag bás Noel Uí Dhúgáin, duine de bhunaitheoirí an ghrúpa

Tá ráite ag an ngrúpa ceoil clúiteach as Gaoth Dobhair, Clannad, go bhfuil siad “croíbhriste” agus duine de bhunaitheoirí an ghrúpa imithe ar shlí na fírinne.

Fógraíodh ag an deireadh seachtaine gur bhásaigh Noel Ó Dúgáin go tobann Dé Sathairn agus é amuigh le cairde i nDún na nGall. Bhí sé 73 bliain d’aois.

Bhunaigh Noel Ó Dúgáin Clannad i nGaoth Dobhair i 1970 in éineacht lena leathchúpla Pádraig agus muintir Uí Bhraonáin. Uncailí le muintir Bhraonáin – Ciarán, Pól, Moya agus Enya – ab ea Noel agus Pádraig. Bhásaigh Pádraig in 2016.

I dteachtaireacht ar na meáin shóisialta, dúirt Clannad go rabhadar “croíbhriste faoi bhás Noel. Uncail, cara agus ceoltóir iontach.”

Bhíodh Noel ag seinm, ag canadh agus ag cumadh amhrán don ghrúpa.

Aithnítear Clannad ar an gcéad mhórghrúpa ceoil a chuir an Ghaeilge i lár an aonaigh.

D’éirigh go maith ó thús leis an mbanna agus lena gceol sainiúil, ar mheascán é den cheol traidisiúnta agus stíleanna eile ceoil. Ba i 1982 a bhain siad cáil idirnáisiúnta amach, áfach, leis an bport ‘Theme for Harry’s Game’.

Tá gradaim Grammy, BAFTA agus Ivor Novello i measc na nduaiseanna atá buaite ag an ngrúpa ó shin agus os cionn 15 milliún albam díolta ag Clannad ar fud an domhain.

Rugadh agus tógadh Noel i nGaeltacht Ghaoth Dobhair agus bhí sé féin agus Pádraig ar an mbeirt ab óige den seisear clainne a bhí ag Aodh agus Máire Duggan.

Tháinig Clannad le chéile ar dtús sna seachtóidí nuair a bhíodh siad ag seinm i dTábhairne Leo, an teach tábhairne cáiliúil a bhí ag athair mhuintir Uí Bhraonáin, Leo Ó Braonáin, i nGaoth Dobhair.

Fág freagra ar 'Clannad ‘croíbhriste’ ag bás Noel Uí Dhúgáin, duine de bhunaitheoirí an ghrúpa'

  • Sean Hayes

    Ta mé ag leanúint Clannad ó 1978 agus ar deireadh d’éirigh. lion iad a fheiceáil an mhí seo caite i Los Angeles. Is iontach an tionchar a bhí acu ar mo shaol.Tá mé ag foghlaim na Gaelige agus is saoránach Eireannach agus ceoltóir I m’iníon freisin agus leanfairmid ag foghlaim faoinár muintir. go raibh maith agat