‘Duine lách, gnaíúil, Gaelach’ – fear óg as an gCeathrú Rua a bhásaigh go tragóideach á chur i gcré na cille inniu

Bhásaigh Aonghus Ó Dubháin cúpla seachtain tar éis dó a bheith gortaithe go dona i dtimpiste bhóthair

‘Duine lách, gnaíúil, Gaelach’ – fear óg as an gCeathrú Rua a bhásaigh go tragóideach á chur i gcré na cille inniu

Tá fear óg Gaeltachta a bhásaigh go tragóideach le cur i gcré na cille inniu.

D’imigh Aoghnus Ó Dubháin as an gCeathrú Rua ar shlí na fírinne cúpla seachtain tar éis dó a bheith gortaithe go dona i dtimpiste bhóthair inar imigh an carr ina raibh sé ina phaisinéir ann den bhóthar.

D’imir Aonghus d’fhoirne peile na Ceathrún Rua agus léirigh an cumann ómós don fhear óg.

“Thug Aonghus 100% don chumann i gcónaí trí aon chúnamh a bhí sé in ann a thabhairt agus bhí a chroí agus anam ann aon uair a tharraing sé air an geansaí dubh agus dearg,” a dúradh ar leathanach Facebook an chumainn.

“Bhí an-tallann ag Aonghus sa chúl agus is iomaí cluiche ar shábháil sé muid ann síos thríd na blianta. Ach tá mé cinnte is iad cuid de na cuimhní is deise atá againn d’Aonghus ná an meangadh mór gáirí a bhíodh air i gcónaí ag teacht isteach sa seomra feistis agus an croí mór a bhí aige.

“Bhíodh beannacht agus comhrá spraíúil agus cineálta aige le chuile dhuine, is cuma sean nó óg, ar na foirne ar fad agus é chomh dearfach i gcónaí. Thug sé an oiread dhúinn ar fad, idir a chuid imeartha agus a phearsantacht álainn. Níl na focail ann chun cur síos ar cé chomh mór a n-aireoidh muid uainn é. Fear óg uasal den scoth nach raibh a shárú le fáil.”

I dteachtaireacht eile, dúradh go raibh Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua “faoi scamall bróin” ó tháinig an scéal go raibh Aonghus imithe ar shlí na fírinne.

“Duine lách, gnaíúil, Gaelach a bhí ann a bhí chomh compordach céanna ag comhrá le foireann na scoile agus a bhí lena chomhscoláirí. Bhí acmhainn grinn aige agus thaitin beagán diabhlaíochta leis ach bhí croí mór ann agus bhí sé in ann a bheith thar a bheith tuisceanach.”

Bhí Aonghus mar chuid d’fhoireann rugbaí na scoile a bhuaigh Craobh Chonnacht den chéad uair riamh in 2019.

Beidh sochraid Aonghuis ar siúl ag meán lae tráthnóna i Séipéal Mhic Dara ar an gCeathrú Rua agus cuirfear é i Reilig Bharr an Doire i ndiaidh an Aifrinn.

Fág freagra ar '‘Duine lách, gnaíúil, Gaelach’ – fear óg as an gCeathrú Rua a bhásaigh go tragóideach á chur i gcré na cille inniu'

  • An Teanga Bheo

    Beannacht Dé leat Aonghus