Tomás Mac Síomóin, scríbhneoir, smaointeoir agus sóisialach, tar éis bháis

Bhí Tomás Mac Síomóin ina eagarthóir ar an nuachtán Anois agus ar an iris Comhar agus file, úrscéalaí agus gearrscéalaí gradamúil ab ea é

Tomás Mac Síomóin, scríbhneoir, smaointeoir agus sóisialach, tar éis bháis

Tá an scríbhneoir, smaointeoir agus sóisialach aitheanta Tomás Mac Síomóin tar éis bháis.

Bhí sé 83 bliain d’aois.

Bhí Tomás Mac Síomóin ina eagarthóir ar an nuachtán Anois agus ar an iris Comhar. File, úrscéalaí agus gearrscéalaí gradamúil ab ea é a raibh cur chuige sainiúil dearscnaitheach i gcónaí aige agus a threabh a ghort féin beag beann ar fhaisin na linne.

Ba as Baile Átha Cliath do Thomás Mac Síomóin, a rugadh i 1938, ach bhí sé ag cur faoi in Barcelona le breis is 20 bliain anuas.

Fear ildánach ab ea Tomás a raibh PHD sa bhitheolaíocht aige ó Ollscoil Cornell i Nua-Eabhrac. Thug sé tréimhsí ag obair mar léachtóir agus mar thaighdeoir eolaíochta.

Bhí ról lárnach chomh maith aige san Fheachtas Náisiúnta Teilifíse as ar eascair Teilifís na Gaeilge.

I measc na n-úrscéalta a chum sé bhí An bhfuil Stacey ag iompar? (2011),  Ag Altóir an Diabhail (2003), Ceallaigh (2009), a scríobhadh i gCúba, agus An Tionscadal (2007), a bhuaigh príomhdhuais liteartha an Oireachtais.

Bhuaigh a chnuasach Cín Lae Seangáin agus Scéalta Eile príomhdhuais an Oireachtais don ghearrscéalaíocht.

Leis an bhfilíocht a chuaigh sé i dtosach agus foilsíodh ceithre chnuasach filíochta leis sular thug sé faoin bprós, Scian (1991), Cré agus Cláirseach (1983), Codarsnaí (1981) agus Damhna agus Dánta eile (1974).

Bhreac sé a smaointe i leith cúrsaí sóisialta agus cultúrtha i gcúig leabhrán a foilsíodh idir 2004 agus 2006. Rinne sé cuid de na téamaí ab ansa leis a chíoradh sna leabhráin sin, stádas paradacsúil na Gaeilge, dán na teanga, an pobhlachtánachas agus duáilcí an nualiobrálachais.

Phléigh sé lorg an choilíneachais ar mhuintir na hÉireann agus ceisteanna cultúrtha, féiniúlachta agus cumhachta i saothair neamhfhicsin eile amhail The Broken Harp: Identity and Language in Modern Ireland (2014) agus The Gael becomes Irish: An Unfinished Odyssey (2020).

Aistritheoir ab ea é chomh maith agus chuir sé Gaeilge ar shaothair filíochta agus phróis Spáinnise agus Catalóinise.

Chuir sé féin agus Douglas Sealy Béarla ar dhánta Mháirtín Uí Dhireáin don chnuasach Selected poems/Tacar dánta (1984).

Aistríodh saothair le Mac Síomóin féin go teangacha éagsúla, ina measc na Béarla, an Spáinnis agus an Chatalóinis.

Maireann a bhean chéile, Karen, agus gaolta agus cairde leis.

Déanfar Tomás Mac Síomóin a chréamadh sa Chatalóin agus beidh a chuid luaithrigh á scaipeadh i sléibhte na bPiréiní, mar a raibh cuid dá leabhair lonnaithe.

Fág freagra ar 'Tomás Mac Síomóin, scríbhneoir, smaointeoir agus sóisialach, tar éis bháis'

  • Antoine Ó Coileáin

    Cúis bhróin dom léamh faoi bhás Thomáis. Fealsamh agus saoi a bhí ann a raibh a thuiscint sainiúil féin aige ar chúrsaí an tsaoil. Chaith sé seal freisin ina Eagarthóir ar an nuachtán Anois, ar le Gael Linn é. Mairfidh saothar cruthaitheach Thomáis agus is díol suime i gcónaí na tuairimí a nocht sé. Déanaim comhbhrón lena bhean Karen agus lena mhuintir.

  • Liam

    Bhí Tomás ina dhuine ar leith; is iomaí díospóireacht agus deoch a bhíodh ann i rith thréimhse feachtais TnaG, Dáil Uí Chadhan agus go leor eile. Suaimhneas síoraí ar a anam.

  • Gabriel Rosenstock

    Ag seoladh leabhar in Áras na Scríbhneoirí, BÁC, a casadh Tomás orm den uair dheireanach agus dúirt sé liom ag an am, ‘Ní fheicfidh mé Éire arís’. Bhraitheas go raibh sé bréan bailithe d’Éirinn, an tír ar thug sé grá di, mar scríbhneoir agus mar ghníomhaí.

    https://booksirelandmagazine.com/leabhair-idir-lamha-file-ar-fhile/

    https://ilfdublin.com/archive/file-ar-fhile-poet-by-poet/

    Faraor, na foilsitheoirí a d’fhoilsigh an tsraith leabhar a lainseáladh an lá sin, d’fhógraíodar tamall ina dhiaidh sin go n-éireoidís as, nach raibh dóthain léitheoirí ann do na cineálacha leabhar a bhí á bhfoilsiú acu. Sea, tá sé deacair go leor lucht léite a fháil do bhunleabhar
    filíochta, gan trácht ar aistriúchán. An am amú mar sin an t-am a chaith Tomás ag aistriú leithéidí Ernesto Cardenal, file agus sagart Marxach, go Gaeilge? Neosfaidh an aimsir.