Tá an draíocht sa ríocht ar lár agus an t-amhránaí Seán Garvey ó Chathair Saidhbhín imithe ar shlí na fírinne.
Breis is coicíos ó shin thugas turas ar mo sheanchara Seán Garvey i gCathair Saidhbhín. Ba é an aidhm a bhí leis an dturas ná go ndéanfaimíst taifead ceart don mbeirt againn ag canadh an amhráin ‘Slán Le Máigh’ ina iomláine, véarsa aige Seán agus ceann agamsa agus na curfánna in éineacht. Dhein Laoise, páirtí Sheáin taifead garbh don mbeirt againn ag rá an amhráin i dtreo is go bhféadfaimís éisteacht leis agus a bheith ullamh i gceart chun dul isteach i stiúideo agus é a rá chomh beo is bhí ar ár gcumas.
Ní mar a síltear a bítear, áfach. Is beag a shíl éinne don mbeirt againn gurb é an slán deireanach againn é agus mé ag siúl uaidh.
Is i bhfómhar na bliana 1977 a bhuaileas an chéad uair riamh le Seán Garvey in O’Donoghues, Bleá Cliath, an bhliain a thosnaíos ag múineadh sa chathair sin. Thaitin sé liom de gheit agus dar liom gur bhraith sé fhéin ar an gcuma chéanna.
Chan sé an ‘May Morning Dew’ an oíche sin. Scrígh sé síos na focail dom go gairid ina dhiaidh san is bhí an t-aer san caite agam á sheimint ar an mbosca ceoil ar feadh blianta ina dhiaidh san.
Bhíomar ar thuras iomráiteach i bhfochair a chéile in éineacht le breis is fiche ceoltóir eile sa bhliain 1988, turas a d’eagraigh dream darbh ainm Cooperation North go Moscó ar dtúis agus ansan go dtí an Eastóin ar thraein.
Chaitheamar dhá lá dhéag meala san Eastóin agus dheineamar ar fad caradas leo atá buan fós. Chuaigh cuid againn sall thar n-ais ag ceiliúradh 30 bliain in 2018 agus aríst ach a gcanadh Seán don slua, taibhsítí dhom gurb é buaic na hoíche i gcónaí é.
Deireadh Con Houlihan (mo rogha iriseora in aon teanga ar domhan) nár cheart gurb é ‘The Rose of Tralee’ a bheadh mar amhrán aitheantais contae aige Ciarraí in aon chor ach ‘The Boys of Barr na Sráide’ agus ní raibh aon dul aige éinne go dtí Seán chun é a rá.
Mhair sé an t-amhrán.
Nuair a thagadh sé go dtí an líne ‘the place I grew a man’ bhí a fhios agat gurb í an fhírinne í. Anois caithfimid aghaidh a thabhairt ar líne dheireanach an amhráin sin: ‘I’ll take my sleep in those green fields, the place my life began.’
Dhá amhrán eile a deireadh sé a chuirfeadh griofadach ar do chúl agus é á rá ná ‘The Valley of Knockanure’ agus ‘The Bonny Bunch of Roses’. Ealaíontóir ildánach ab ea é mar ní hamháin gur sháramhránaí é ach sheinneadh sé an giotár, an basúcaí, an fheadóg stáin, an fheadóg mhór agus orgán béil.
Agus sin gan trácht ar a chumas mar scéalaí. Ba chuma an raibh sé ag breacadh chugat nó ag insint corplár na fírinne duit, d’éisteofá leis. Mar sheanchaí d’éirigh leis pictiúir an scéil a chur i do cheann lena chumaí is a gheáitsí, roghnaigh sé na focail chearta i gcónaí agus raghadh a ghreann agus an sásamh a bhaineadh sé fhéin as scéal a insint duit i bhfeidhm ort i gcónaí.
Éinne go raibh aithne acu air mar ealaíontóir agus mar dhuine, chuaigh sé i bhfeidhm orthu. Ar chlos scéal a bháis do dhaoine chualathas ráitisí mar – ‘Ó my, is mór an chailliúint é’, ‘Ní bheidh a leithéid aríst ann’, ‘Fear uasal’ agus ‘Ba é ár dTom Waits fhéin aige baile againn é’ agus dob fhíor gach ráiteas acu agus is boichte sinn ar fad anois gan é.
Ó mo thaobh fhéin do, tá cara sleamhnaithe uaim a chuir gliondar ar mo chroí ón gcéad uair riamh a bhuaileas leis daichead a cúig bliain ó shin. Ní bhíonn in aon ní ach tamall, áfach. Mo chomhrógaire a thugainn air, rud a bhaineadh gáire as. An lá deireanach a labhras leis, ar an 14ú lá d’Aibreán, bhí gáire againn nuair a dúirt leis go raibh sé in am go maith againn taifead de dhealramh a dhéanamh ar ‘Slán Le Máigh’ mar go rabhamar beirt sa ‘Departure Lounge’ anois agus ná beadh aon ‘chancellations’ ann.
Is beag a shíleamar go raibh sé chomh cóngarach san dúinn.
‘Dá mbeadh fios aige duine, bheadh leigheas aige duine.’ Fágadh an taifead gan déanamh, ach ar a laghad tá sé ar an bhfón aige Laoise.
Le braon fén bhfiacail an oíche eile agam tharraingíos é seo le chéile.
Slán is céad, a Gharvey uainn
Go hard na bhFlaitheas, sa Teampall Geal
Id shuí ar stól, le maorgacht umhal
Go subhach ag canadh nó ag seimint cheoil.
Uch, uchón, is uaigneach sinne.
Do ghuth do ghlór ó íochtar croí dhuit
Do shiúl éadrom is do sheasamh coilg
Gealadh croí tú bheith inár measc.
Slán a sheana-chara, mo chomhrógaire, pé áit dá bhfuil tú.
Is beo a shamhlaím i gcónaí thú.
Cuimhnímis ar do chairde saoil, do pháirtí agus do chlann cheolmhar atá croíbhriste id éagmais.
Is deacair a chreidiúint ná buailfeam le chéile a thuilleadh ar an saol seo.
Páraic Mac Donnchadha
An-phíosa scríobhnóireachta, ‘Bhreanndáin. Tá spiorad agus draoícht an fhir speisialta sin nasctha go maith agat san sliocht beag sin, gan dabht. Aireoidh muid uilig uainn é, ag an Scoil Samhraidh, ag Féile na Fiacaile agus chuile áit eile ina raibh fáilte roimhe, maidir lena phearsanntacht agus maidir lena chuid ceoil, gan trácht ar an spraoi a bhainfí i gcónaí as a bheith ina chomhluadar. Tá na Naoimh agus na hAingil sna Flaithis níos sona agus Seán ina measc. Táimid féin buíoch as an am a bhí againn leis.
KH
Píosa álainn – beannacht Dé leis.