Tá an t-amhránaí agus an fliúiteadóir Séamus Mac Mathúna imithe ar shlí na fírinne. I gCuar an Chláir in iarthar chontae na Chláir a rugadh Séamus agus d’fhág ceoltóirí is fonnadóirí den scoth an cheantair agus an chontae sin a lorg air féin agus a chuid ceoil.
Dúirt sé uair gur amhrán a chuala sé ag Joe Cooney i dteach a aintín i 1950 agus gan é ach ina bhuachaill óg a spreag a ghean do na hamhráin thraidisiúnta agus ba ó Joe a d’fhoghlaim sé cuid mhór amhrán. Is iomaí sin duine a chuir comaoin ar Shéamus ó shin trína gcuid amhrán a roinnt leis agus ba é Séamus a bhí sásta iad a rá.
Le teacht an leictreachais go hiarthar an Chláir sna 1950idí, bhí raidió sna tithe agus amhráin is ceol na tíre le cloisteáil air – Job of Journeywork le Ciaran Mac Mathúna ceann de na cláir a mbíodh tóir air ag muintir Mhic Mhathúna.
Chaith sé seal ina óige ina thimire réigiúnach ag Conradh na Gaeilge i gCúige Mumhan agus i gCúil Aodha a chuir sé faoi cuid den am sin mar ar chuir sé aithne ar Sheán Ó Riada.
Bhog sé go Baile Átha Cliath sna 1970idí nuair a fuair sé post mar Thimire Ceoil le Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus chónaigh lena chlann i mBaile an Teampaill, Thug a chúraimí nua deis bhreá dó aithne a chur ar mhórcheoltóirí is fonnadóirí na tíre seo chomh maith leosan a bhí thar sáile agus é gníomhach le turais cheoil an Chomhaltais.
Is beag ócáid mhór cheoil nach raibh Séamus i láthair aici agus níor chaill sé Fleadh Cheoil na hÉireann le leathchéad bliain.
Chuir sé leabhar agus téip le chéile de na hamhráin thraidisiúnta, agus i gcomhar le Micheál Ó hEidhin, nach maireann, chuir sé cúrsa ceoil ar fáil d’oidí.
Fágann Séamus ina dhiaidh a bhean Úna, a naonúr clainne, a dheartháir, a dheirfiúr agus a lán gaolta agus cairde ar fud na cruinne.
Léifear Aifreann a shochraide sa tSeanchill i gcontae Bhaile Átha Cliath ar an Satharn agus adhlacfar a chorp i Reilig Chill Tiarnáin ina dhiaidh. Ceol na n-aingeal go raibh aige.
Séamas de Barra
A Eagarthóir, a Chara,
De réir an fhógra ar R.I.P.ie, is ar 12.00, meán lae, Dé Sathairn, Márta 12, i Séipéal Anna, ar an tSeanchill, Co. Bhaile Átha Cliath, a déarfar Aifreann na sochraide. Solas na bhFlaitheas d’anam Shéamuis, agus go dtuga Dia grásta an tsóláis dá bhaintreach, Úna, dá gclann, do chliamhaineacha Shéamuis agus Úna, do chlann a gclainne, dá ngaolta, is dá gcairde.