#AnGhaeltachtDhigiteach – súil siar ar an ‘nGaeltacht’ ar líne in 2016

Is údar misnigh dúinn breathnú siar ar na forbairtí agus na scéalta is mó a tharla i saol digiteach na Gaeilge i gcaitheamh na bliana 2016

#AnGhaeltachtDhigiteach – súil siar ar an ‘nGaeltacht’ ar líne in 2016

Tá fás, forbairt, agus feabhas ag teacht ar an ‘nGaeltacht Dhigiteach’ bliain i ndiaidh bliana agus is údar misnigh agus ardú meanman dom chuile bhliain breathnú siar ar na forbairtí agus na scéalta is mó a tharla sa saol digiteach i gcaitheamh na bliana.

Críochnú an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge an chloch ba mhó a cuireadh le carn na Gaeltachta Digití i mbliana. Cuireadh an mhórobair sin i gcrích i mbliana agus déanfar an uaslódáil dheiridh an mhí seo chugainn, cé go mbeifear ag obair go leanúnach ar an bhfoclóir.

Na Meáin Shóisialta

Bhí an Ghaeilge an-fheiceálach ar na meáin shóisialta i mbliana, go háirithe ar Twitter. Bhí haischlib Ghaeilge, #NollaignamBan, ar an haischlib is mó trácht ar an 6 Eanáir 2016. Bhí pobal Twitter na hÉireann, idir Bhéarlóirí agus Ghaeilgeoirí, ag baint sult as an ócáid agus beannachtaí agus teachtaireachtaí á roinnt go tréan acu. Bhí TG4 i mbéal an phobail chomh maith ar oíche cheiliúradh 20 bliain an stáisiúin.

Nocht an tOllamh Kevin Scannell dúinn ag tús na bliana, na háiteanna in Éirinn agus ar fud na cruinne is mó a sholáthair giolcacha Gaeilge – Baile Átha Cliath agus Stáit Aontaithe Mheiriceá a bhí ar bharr na liostaí.

Chuir Conradh na Gaeilge an chéad Twibbon Gaeilge a raibh an-rath air i measc cainteoirí Gaeilge ar bun aimsir an Olltoghcháin agus trí ghealltanas mhóra á n-éileamh acu ó na páirtithe polaitíochta agus iad i mbun feachtasaíochta. Mhair an haischlib #GaelVóta níos faide ná na hiarrachtaí a bhí ar bun i ndiaidh an toghcháin rialtas a chur ar bun, tamall a bhí sách fada, agus is dóigh go bhfeicfear go minic arís í sna blianta amach romhainn.

Níor ghlac ach fíorbheagán giolcaire Gaeilge páirt san fheachtas Tweet Mother Language in 2016. Ní údar díomá ná imní é sin áfach, ach léiriú ar neart na teanga ar líne.

Tá an feachtas seo dírithe ar chainteoirí teangacha nach labhraíonn a dteanga dhúchais ar na meáin shóisialta riamh, go mór mór teangacha dúchais Mheiriceá Thuaidh agus Theas. Bíonn tuairim is 1,000 duine ag labhairt Ghaeilge go rialta ar Twitter — i bhfad níos mó ná mar a bhíonn in go leor mionteangacha eile.

Bhí lá dá gcuid féin ag cainteoirí Gàidhlig Twitter i mí na Bealtaine agus mhéadaigh líon na ngiolcacha Gàidhlig faoina 16 ar an ‘Lá Gàidhlig’.

Ní raibh Lá Gaeilge ar líne ann le cúpla bliain anuas, ach, go deimhin, tá bail chomh maith sin ar an teanga ar líne gur tharraing cúpla focal ‘Bart Simpson’ féin aird, agus 11,000 ordóg, i mí an Mhárta.

An tseachtain chéanna, d’iompaigh an rothaí Éireannach Sam Bennett ar an nGaeilge lena chruthú don iris Cycle Sport gur Éireannach é. Mheall giolc Bennett na céadta croí. Chuir Sibéal Ní Chasaide agus an clár Centenary ar RTÉ One Luan Cásca #Bród ar mhuintir na hÉireann.

D’éirigh le Pádraig Ó Tiarnaigh cúpla focal Gaeilge a bhaint as Mark Hamill, nó Luke Skywalker, ar Twitter i ndiaidh don aisteoir cáiliúil cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht Chiarraí agus ar Ghaeltacht Thír Chonaill agus é ag taifeadadh an scannáin Star Wars atá le teacht amach an bhliain seo chugainn. Dúirt Ó Tiarnaigh le Tuairisc.ie go raibh sé “ag rith timpeall ar nós go raibh an Fórsa liom” nuair a chonaic sé gur fhreagair fear Star Wars a achainí.

Murab ionann agus Hamill, níl gach duine chomh tógtha sin le húsáid na Gaeilge ar líne. Mhúscail an fuirseoir Gráinne Maguire fearg na nGael nuair a chuir sí amach giolc i mí an Mhárta ina ndúirt sí go bhfuil Éireannaigh a bhíonn ag giolcaireacht i nGaeilge “creepy”.

Ar dhuine de na daoine a cháin an giolc sin bhí Caoimhe Ní Chathail as Tír Chonaill. Cúpla mí ina dhiaidh sin, ba í Caoimhe féin a bhí a tharraing an chaint nuair a mhol Three, an comhlacht fóin, di leagan Béarla dá sloinne a úsáid ar an suíomh idirlín atá acu.

Is beag súil a bhí ag ‘Joolz’ leis an rabharta freagraí a tháinig ó dhaoine eile a mbíonn an deacracht chéanna acu lena n-ainm Gaeilge a úsáid ar shuímh éagsúla idirlín. Ghabh Three leithscéal le Ní Chathail an lá céanna agus thug siad le fios do Tuairisc.ie go rabhthas ag obair ar réiteach na faidhbe.

Ní raibh aon fhadhb ag Kevin Scannell, ROSG nó Cló Iar-Chonnacht an síneadh fada a aimsiú ar a ríomhairí agus #CréNaCille á ghiolcadh i mí Dheireadh Fómhair. Chuir cuntais éagsúla Twitter, faoi stiúir Scannell, an scéal cáiliúil i láthair mar chuid de chomóradh 20 bliain TG4.

Lean roinnt mhaith daoine an scéal, a mhair 20 nóiméad in aghaidh an lae, ar feadh coicíse. Ag caint ar leantóirí, mheall cuntas de chineál eile ar fad móreagraíochtaí Gaeilge ar Twitter, agus iad i measc na leantóirí a bhí ag @GaelicGaeilge — cuntas uathoibríoch a bhí ag scaipeadh ábhar pornagrafaíochta ar feadh cúpla mí.

Faraor, níor éirigh le feachtas ar bith le Gaeilge a chur ar mhórsheirbhís ar líne i mbliana — leithéidí Snapchat nó Whatsapp, ach níor chuir sé sin bac ar chainteoirí Gaeilge a dteanga a chur chun cinn ar na meáin sin ar bhealaí eile.

D’éirigh go maith le comórtas Chonradh na Gaeilge ‘geo-scagairí’ Snapchat a dhearadh agus tá súil againn na ‘filters’ Gaeilge a fheiceáil le linn 2017.  Ó thaobh Whatsapp agus teachtairí eile de, nochtadh an mar an straoiseog is coitianta i measc lucht labhartha na Gaeilge. Tá an straoiseog sin, agus na céadta eile lena hais, le fáil san ‘fhoclóir straoiseog-Gaeilge’ a sheol EmojiWorldBot le linn an tsamhraidh.

Níl Instagram ar fáil i nGaeilge ach an oiread, agus níl aon chaint ann go mbeidh, ach tá oidhreacht Ghaelach Bhaile Átha Cliath á caomhnú ag an gcuntas Dublin Ghost Signs . Tá cuid de na gnólachtaí a úsáideann an Ghaeilge ar a gcuid comharthaíochta fós i mbun gnó sa chathair ach tá cuid acu dúnta le fada. Tá na comharthaí ‘caillte’ Gaeilge sin bailithe ag lucht Dublin Ghost Signs agus iad le feiceáil ar an suíomh faoin haischlib #AsGaeilge.

Turloughs #DublinGhostSigns #guardiancities

A photo posted by Dublin Ghost Signs (@dublinghostsigns) on

Uirlisí agus Suíomhanna

Cé nach mór an dul chun cinn a rinneadh i mbliana ó thaobh na suíomhanna móra idirlín, mar sin féin tá cúpla rud ar fáil i nGaeilge anois nach raibh againn cothrom an ama seo anuraidh.

Lorgaíodh aistritheoirí deonacha chun Gaeilge a chur ar an gcóras oibriúcháin Ubuntu i mí Eanáir agus cuireadh an obair sin i gcrích níos deireanaí sa bhliain. Tiocfaidh feabhas de réir a chéile ar an leagan Gaeilge agus beidh sé ar fáil ar ardáin eile de chuid Ubuntu le linn 2017.

Bhí cainteoirí Gaeilge ag fanacht le fada an lá le togra mór a fógraíodh i mí an Mhárta — go mbeadh teacht feasta ar shínte fada in ainmneacha fearainn Éireannacha ar an idirlíon.

Beidh na comhlachtaí Gaelacha sin a shocraíonn ar ainm lán sínte fada a cheapadh dóibh féin in ann ainm a suímh idirlín a chlárú le hEolaire nua Chonradh na Gaeilge chomh maith. Seoladh Eolaire an Chonartha ag tús an tsamhraidh. Táthar in ann seirbhísí a lorg ar an eolaire trí eochairfhocal a chur isteach, cuardach de réir earnála, nó cuardach de réir contae a dhéanamh. Taispeántar na comhlachtaí a bhfuil ar a gcumas seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil, an cineál seirbhíse a chuirtear ar fáil, agus ainm an duine nó na ndaoine atá fostaithe ag an gcomhlacht a bhfuil Gaeilge acu.

Chuir Samsung Gaeilge ar an bhfón ‘Tocco’ sa bhliain 2008. Ó shin i leith bhí rogha Ghaeilge ar gach fón ón gcomhlacht sin, go dtí gur tháinig an Samsung S6 anuraidh. Rinneadh gearán, agus tosaíodh feachtas, agus ar deireadh i ndiaidh breis agus bliain, cuireadh an rogha an athuair ar an S6 agus tá rogha Ghaeilge ar an S7 freisin. Anuas air sin, d’fhorbair Samsung uirlis nua aistriúcháin don Galaxy Note 7 a ligeann don úsáideoir suíomhanna idirlín a aistriú ó Ghaeilge go teanga eile nó ó theanga eile go Gaeilge.

Seoladh uirlis eile atá thar a bheith úsáideach i gcaitheamh na bliana freisin — Draoi Gramadaí Teanglann.ie. Cabhraíonn an draoi leis an úsáideoir ainmfhocail agus aidiachtaí a chur le chéile de réir rialacha gradamaí. Tá dhá bhosca san inneall ina gcuirtear ainmfhocal agus aidiacht atá le fáil i bhFoclóir Uí Dhónaill agus taispeántar na bealaí cruinne leis an dá fhocal a chur le chéile. Cuireadh cuardach nua Gaeilge le Foclóir.ie an lá céanna, a ligeann don úsáideoir focal nó frása Gaeilge a chuardach san Fhoclóir Béarla-Gaeilge.

Ós ag trácht ar an bhfoclóireacht sinn, d’fhoilsigh Kevin Scannell a fhoclóir Manainnis-Gaeilge ar líne i mí Feabhra. Tá an foclóir nua dírithe ar chainteoirí Gaeilge ar mhian leo an Mhanainnis a fhoghlaim. Tá súil ag Scannell go mbeidh foclóirí Gaeilge- Manainnis  agus Gaeilge-Gáidhlig ar fáil amach anseo freisin. Chuir Scannell an Mhanainnis leis an uirlis InterGaelic.com níos deireanaí sa bhliain agus go gairid ina dhiaidh sin, cuireadh an Ghàidhlig le Google Translate.

Cuireadh foclóir nua scríofa, an Foclóir Briathra Gaeilge, leis an suíomh PotaFocal.com mí Mheán Fómhair, agus é bunaithe ar thaighde acadúil atá ar siúl le blianta. Tugtar léiriú ann ar na bríonna agus ar na patrúin úsáide a bhaineann le briathra na Gaeilge — agus is iontach an acmhainn í do dhuine ar bith a bhíonn ag streachailt le haimsirí agus modhanna!

Ar deireadh, ba mhór an feall é súil siar a chaitheamh ar an nGaeltacht Dhigiteach in 2016 gan éacht na mblagadóirí ag Gaeilge le Glam a lua. Thug na mná seo an chraobh leo ag na Irish Blog Awards i mí Mheán Fómhair agus dhá dhuais eile leis. Chruthaigh na Gaeil go maith ag na Web Awards níos deireanaí sa bhliain nuair a cuireadh 14 suíomh Gaeilge, níos mó ná riamh, chun cinn do na gradaim sin.

Caithfear súil chun cinn ar a bhfuil ar na bacáin sa Ghaeltacht Dhigiteach an tseachtain seo chugainn.

Fág freagra ar '#AnGhaeltachtDhigiteach – súil siar ar an ‘nGaeltacht’ ar líne in 2016'